Cérbh é Eoin Baiste?
Freagraíonn an Bíobla
Fáidh ó Dhia a ba Eoin Baiste. (Lúcás 1:76) Rugadh é sa mbliain 2 RCR agus fuair sé bás i 32 CR. Chuir Dia de chúram air an bealach a ullmhú don Mheisias, nó do Chríost. Rinne Eoin é seo trí theachtaireacht Dé a chraobhscaoileadh dá chomhghleacaithe Giúdacha chun a gcroíthe a iompú ar ais chun Dé.—Marcas 1:1-4; Lúcás 1:13, 16, 17.
Chuirfeadh teachtaireacht Eoin ar a súile dá lucht éisteachta dílse gurb é Íosa Nazórach an Meisias a bhí geallta. (Matha 11:10) Mhol Eoin dá chuid éisteoirí aithrí a dhéanamh ina bpeacaí agus fáil baiste mar chomhartha ar a n-aithrí. (Lúcás 3:3-6) Tugtar an Baisteach nó Eoin Baiste ar Eoin toisc gur bhaist sé go leor daoine. B’é Íosa an té ba thábhachtaí a bhaist Eoin.a—Marcas 1:9.
San alt seo
Cén fáth gur dhuine ar leith é Eoin Baiste?
Saothar a shaoil tuartha: Trína chuid obair chraobhscaoilte, chomhlíon Eoin an tairngreacht a deir go mbeadh sé ina theachtaire ag Iehova. (Malaicí 3:1; Matha 3:1-3) Ba é a dhéanfadh “pobal a . . . ullmhú don Tiarna [Iehovab].”—sé sin, réitigh sé an bealach dá chomhghleacaithe Giúdacha chun an teachtaireacht a ghlacadh ó phríomh-ionadaí Iehova, Íosa Críost.—Lúcás 1:17.
Oidhreacht: Dúirt Íosa “níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.” (Matha 11:11) Fáidh a bhí in Eoin Baiste ach ba é an “teachtaire” a bhí geallta é freisin, mar sin ní fhéadfaí a rá go raibh aon seirbhíseach de chuid Dé roimhe a bhí níos tábhachtaí ná é. Léiríonn an méid a dúirt Íosa nach mbeidh Eoin mar rí i Ríocht na bhflaitheas.c Bhásaigh an fáidh dílis seo sular chuir Críost an deis maireachtáil sna flaithis ar fáil. (Eabhraigh 10:19, 20) Beidh Eoin ina ghéillsineach de chuid Ríocht Dé, agus siúl aige maireachtáil go deo i bparthas ar talamh.—Salm 37:29; Lúcás 23:43.
Céarbh iad tuismitheoirí Eoin Baiste?
Ba lánúin phósta a bhí i Zachairias agus Eiliosaibeit, tuismitheoirí Eoin. Sagart Giúdach ab ea Zachairias. Míorúilt a bhí i mbreith Eoin toisc nach raibh a mháthair in ann páistí a bheidh aici. Bhí sí féin agus Zachairias “anonn i mblianta” freisin.—Lúcás 1:5-7, 13.
Cé ba chúis le bás Eoin Baiste?
D’ordaigh Rí Héaród Aintipeas an cloigeann a bhaint de Eoin. Spreag a bhean Héaróidias é lena dhéanamh. Bhí an ghráin aici ar Eoin mar go ndúirt sé le Héaród, a bhí in ainm a bheith ina Ghiúdach, go raibh a phósadh mídhleathach faoi dhlí na nGiúdach.—Matha 14:1-12; Marcas 6:16-19.
An raibh Eoin Baiste agus Íosa in iomaíocht lena chéile?
Níl aon tacaíocht sa mBíobla don dearcadh go raibh siad in iomaíocht lena chéile. (Eoin 3:25-30) D’admhaigh Eoin go hoscailte gurb é an fhreagracht a bhí airsean ná an bealach a réiteach don Mheisias, ní a bheith in iomaíocht leis. Deir Eoin “tháinig mé ag baisteadh le huisce . . . chun go nochtfaí d’Iosrael é.” Ansin deir sé: “Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.” (Eoin 1:2, 6-34) Mar sin bhí Eoin thar a bheith sásta cloisteáil faoi mhinistreacht rathúil Íosa.
a “Ní dhearna seisean [Íosa] aon pheaca.” (1 Peadar 2:21, 22) Ní bhfuair sé baiste chun aithrí a dhéanamh ach bhí sé á chuir féin ar fáil chun toil Dé a dhéanamh. Bhí an íobairt a rinne Íosa nuair a thug sé a bheatha ar ár son san áireamh ansin.—Eabhraigh 10:7-10.
b Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear san alt seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.
c Féach an t-alt “Cé a Théann go dtí na Flaithis?”