Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 180
  • Cá bhFaigheadh Mé Dóchas?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cá bhFaigheadh Mé Dóchas?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Cén chaoi a dtugann an Bíobla dóchas dúinn?
  • Cén dóchas a thugann an Bíobla don chine daonna?
  • Tugann an Bíobla Dóchas Dúinn
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Tugann an Bíobla Dóchas Dúinn
    Mair Go Sona Go Deo!—Réamhcheachtanna Bíobla
  • Bain Sult As Dóchas Gan Díomá
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 180
Bean ag machnamh go dóchasach ar an todhchaí.

Cá bhFaigheadh Mé Dóchas?

Freagraíonn an Bíobla

Deir an Bíobla go bhfuil Dia ag iarraidh “todhchaí agus dóchas”a a thabhairt dúinn. (Irimia 29:11; NWT) Go deimhin, cúis amháin ar thug Dia an Bíobla dúinn ná go mbeadh “an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn.” (Rómhánaigh 15:4) Mar a fheicfidh muid, tá treoir iontaofa an Bhíobla in ann dearcadh dóchasach a thabhairt dúinn ar bhonn laethúil, chomh maith le gealltanais iontach don todhchaí.

Ar an leathanach seo

  • Cén chaoi a dtugann an Bíobla dóchas dúinn?

  • Cén dóchas a thugann an Bíobla don chine daonna?

  • Véarsaí ón mBíobla faoi dhóchas

Cén chaoi a dtugann an Bíobla dóchas dúinn?

Treoraíonn an Bíobla muid chun céimeanna praiticiúla a thógáil a chabhraíonn linn saol níos fearr a bheith againn, rud a thabharfaidh dóchas dúinn don todhchaí. Smaoinigh ar roinnt samplaí.

  • Tá treoir phraiticiúil ar fáil sa mBíobla. Deir Salm 119:105: “Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.” Tá solas láidir in ann dhá rud a dhéanamh. Cuireann sé ar ár gcumas an rud atá díreach os ár gcomhair agus an rud atá i bhfad uainn a fheiceáil. Mar an gcéanna, tá prionsabail phraiticiúla an Bhíobla in ann cúnamh a thabhairt dúinn déileáil go héifeachtach le fadhbanna atá díreach os ár gcomhair, rud a fhágann dearcadh dóchasach againn. Neartaíonn teagasc an Bhíobla muid agus cuireann sé “áthas ar an gcroí.” (Salm 19:8, 9 [ 19:7,8 i mBíoblaí eile]) Ag an am céanna, tugann an Bíobla léargas dúinn ar chuspóir iontach Dé don chine daonna agus don domhan. Cuireann an dóchas sin áthas orainn agus tugann sé sonas buan dúinn.

  • Lig do dhaoine eile cabhrú leat. Nuair atá muid éadóchasach faoi chúrsaí, b’fhéidir go mbeadh muid ag iarraidh fanacht glan ar ár gclann agus ár gcairde. Deir an Bíobla go bhfuil sé seo díchéillí, mar go bhféadfadh sé muid a threorú ar bhealach ár n-aimhleasa. (Seanfhocail 18:1; NWT) Tá ár muintir ghrámhar in ann tionchar maith a bheith acu orainn. B’fhéidir go mbeadh moltaí cabhracha acu freisin chun déileáil le cásanna deacra. (Seanfhocail 11:14) Ar a laghad, b’fhéidir go mbeadh siad in ann compord agus misneach a thabhairt dúinn chun cabhrú linn cur suas le rudaí go dtí go bhfeabhsóidh cúrsaí.—Seanfhocail 12:25.

  • Guí chun Dé. Deir an Bíobla: “Caith do chúram ar an Tiarnab agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.”c (Salm 55:23 [55:22 i mBíoblaí eile]) Tugtar “Dia an dóchais” ar Iehova agus é toillte aige. (Rómhánaigh 15:13) Is féidir leat guí chuige faoi ‘aon imní atá ort,’ agus muinín agat go dtabharfaidh sé aire duit. (1 Peadar 5:7) Go deimhin, deir an Bíobla: “Déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.”—1 Peadar 5:10.

  • Lig do thrialacha do dhóchas a láidriú. Geallann an Bíobla: “An té a éisteann liomsa [Dia] . . . beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.” (Seanfhocail 1:33) Chaill bean ón Astráil, darbh ainm Margaret, an chuid is mó dá cuid maoin saolta nuair a bhuail cioclón a teach. Ach in áit a misneach a chailleadh, d’fhoghlaim sí ceacht luachmhar—gur furasta maoin a chailleadh. As sin amach, bhí sí diongbháilte béim a chur ar na rudaí ba thábhachtaí di—a teaghlach agus a chairde, a chaidreamh le Dia, agus an dóchas atá le fáil sa mBíobla.—Salm 37:34; Séamas 4:8.

Cén dóchas a thugann an Bíobla don chine daonna?

Geallann an Bíobla go mbeidh saol maith ag an gcine daonna amach anseo. Agus níl sé i bhfad uainn. Go deimhin, léiríonn fadhbanna an tsaoil inniu go bhfuil muid ag maireachtáil “sna laethanta deireanacha” den chóras atá againn faoi láthair. (2 Tiomóid 3:1-5) Go gairid, beidh Dia ag rialú an domhain agus cuirfidh sé deireadh le héagóir agus le fulaingt. Déanfaidh sé é sin trí rialtas domhanda ar a dtugtar Ríocht Dé. (Dainéil 2:44; Apacailipsis 11:15) Bhí an rialtas neamhaí sin in intinn ag Íosa nuair a dúirt sé: “Ár nAthair, atá ar neamh, go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh.”—Matha 6:9, 10.

Tá toil Dé don chine daonna luaite go soiléir sa mBíobla. Tabhair faoi deara cuid de na fadhbanna a chuirfidh Ríocht Dé deireadh leo:

  • Ní bheidh ocras ann níos mó. Tabharfaidh“an talamh a thoradh uaidh go flúirseach.”—Salm 67:7 (67:6 i mBíoblaí eile).

  • Ní bheidh galair ann níos mó. “Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: ‘Tá mé breoite.’”—Íseáia 33:24.

  • Ní bheidh an bás ann níos mó. Glanfaidh Dia “gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh,” óir beidh an seansaol thart.—Apacailipsis 21:3, 4.

a Tá muid ag tnúth le rud éigin nuair is é mian ár gcroí é agus nuair a chreideann muid gur féidir linn é a fháil. Is féidir le dóchas a bheith mar rud a bhfuil muid ag tnúth leis nó mar ábhar dóchais.

b Is é [Iehova] ainm Dé mar atá luaite sa mBíobla.—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile).

c Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa mhír seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

Véarsaí ón mBíobla faoi dhóchas

Iób 5:16: “Fágann sin dóchas ag an dearóil [nó na huirísle].”

An chiall atá leis: Is féidir leo siúd a mhothaíonn go bhfuil neamhaird á dhéanamh dóibh sa lá atá inniu ann muinín a bheith acu go dtabharfaidh Dia aire dóibh nuair a iarrann siad cabhair air.

Salm 27:14: “Fan leis an Tiarna [Iehova] go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna [Iehova].”

An chiall atá leis: Nuair a chuireann muid ár muinín in Iehova Dia, faigheann muid neart agus misneach. Ní tréigean sé iad siúd a chuireann muinín ann.

Salm 62:6 (62:5 i mBíoblaí eile): “Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom, óir is ann atá mo dhóchas.”

An chiall atá leis: Is féidir leo siúd a bhíonn ag brath ar Dhia agus iad ag dul trí thrialacha go foighneach a bheith muiníneach go dtabharfaidh sé faoiseamh ag an am ceart.

Seanfhocail 20:22: “Ná habair: ‘Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh,’ach bíodh do dhóchas as an Tiarna [Iehova] agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.”

An chiall atá leis: Nuair a ghortaíonn duine muid nó nuair a chuireann sé isteach orainn, féadfaidh muid cur i gcoinne an fhoinn díoltais atá orainn má tá dóchas againn in Iehova. Tá an chumhacht aige agus tá fonn air muid a shábháil agus aon dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta dúinn a chur ar ceall.

Eabhraigh 6:19: “Is cosúil le hancaire daingean docht dár n-anam an dóchas [Críostaí] sin.”

An chiall atá leis: Díreach mar a choinníonn ancaire bád socair le linn stoirme, ar an gcaoi chéanna is féidir leis an dóchas cinnte atá ina luach saothair ó Dhia, imní a laghdú agus cabhrú linn le fanacht ar ár suaimhneas agus ár gcreideamh a choinneáil láidir. Is féidir le dóchas muid a neartú freisin ionas go mbeidh muid an ann déileáil le cruatan an tsaoil.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn