Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 181
  • Céard é an Bíobla?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard é an Bíobla?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Fíricí faoin mBíobla
  • Céard faoi atá an Bíobla?
  • Ar athraíodh an Bíobla?
  • Cén fáth a bhfuil an oiread sin aistriúcháin éagsúla den Bhíobla ar fáil?
  • Cé a chinn ábhar an Bhíobla?
  • An bhfuil cuid de leabhair an Bhíobla caillte?
  • An bealach le véarsaí an Bhíobla a aimsiú
  • Liosta de leabhair an Bhíobla
  • Cén Chaoi a mBeadh a Fhios Againn Cérbh é Údar an Bhíobla?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 181
An Bíobla Naofa agus éagsúlacht de leabhair thaighde.

Céard é an Bíobla?

Freagraíonn an Bíobla

Is bailiúchán de 66 leabhar naofa atá sa mBíobla. Scríobhadh an Bíobla in imeacht 1,600 bliain. Tá teachtaireacht dhiaga sa mBíobla—“briathar Dé.”—1 Teasalónaigh 2:13.

San alt seo

  • Fíricí faoin mBíobla

  • Céard faoi atá an Bíobla?

  • Ar athraíodh an Bíobla?

  • Cén fáth a bhfuil an oiread sin aistriúcháin éagsúla den Bhíobla ar fáil?

  • Cé a chinn ábhar an Bhíobla?

  • An bhfuil cuid de leabhair an Bhíobla caillte?

  • An bealach le véarsaí an Bhíobla a aimsiú

  • Liosta de leabhair an Bhíobla

Fíricí faoin mBíobla

  • Cé a scríobh an Bíobla? Is é Dia Údar an Bhíobla, ach d’úsáid sé tuairim is 40 fear difriúil chun é a scríobh. Ina measc bhí Maois, Rí Dáiví, Matha, Marcas, Lúcás, agus Eoin.a Chuir Dia a smaointe in aigne na scríbhneoirí chun go mbeadh siad in ann a theachtaireacht a scríobh.—2 Tiomóid 3:16.

    Is féidir é a léiriú mar seo: Má ordaíonn fear gnó dá rúnaí teachtaireacht a scríobh thar a cheann, is é an fear gnó fós údar na teachtaireachta. Mar a chéile le Dia, cé gur úsáid sé fir chun a theachtaireacht a scríobh, is é féin fíor-Údar an Bhíobla.

  • Céard is brí leis an bhfocal “Bíobla”? Tagann an focal “Bíobla” ón bhfocal Gréigise biblia, focal a chiallaíonn “leabhair bheaga.” Le himeacht ama, sheas biblia den bhailiúchán iomlán de na leabhair bheaga a dhéanann suas an Bíobla.

  • Cén uair a scríobhadh an Bíobla? Tosaíodh ag scríobh an Bhíobla sa bhliain 1513 R.C.R. agus críochnaíodh é breis is 1,600 bliain ina dhiaidh sin, timpeall 98 C.R.

  • Cá bhfuil bunchóip an Bhíobla? Ní cheaptar go bhfuil bunchóip den Bhíobla ar fáil inniu. Mar gur úsáid scríbhneoirí an Bhíobla ábhair nach raibh aon teacht aniar iontu, paipír agus craicne ainmhithe. Mar sin féin, cóipeáil agus athchóipeáil scríobhaithe gairmiúla go cúramach scríbhinní an Bhíobla ar feadh na gcéadta bliain, ag caomhnú an ábhair do léitheoirí an lae inniu.

  • Céard atá i gceist leis an “Sean-Tiomna” agus an “Tiomna Nua”? Déanann an Sean-Tiomna cur síos ar an gcuid den Bhíobla a scríobhadh den chuid is mó san Eabhrais,b tugtar na Scrioptúir Eabhraise air freisin. Tagraíonn an Tiomna Nua den chuid atá scríofa sa Ghréigis, ar a dtugtar na Scrioptúir Chríostaí Gréagacha. Tugtar na Scrioptúir Naofa ar an dá chuid le chéile mar is leabhar iomlán amháin iad.c

  • Céard atá sa Bhíobla? Tá stair, dlíthe, tairngreacht, filíocht, seanfhocail, amhráin, agus litreacha sna codanna éagsúla den Bhíobla.—Féach “Liosta de leabhair an Bhíobla.”

Céard faoi atá an Bíobla?

Tosaíonn an Bíobla amach le cur síos gairid faoi mar a chruthaigh Dia Uilechumhachtach neamh agus talamh. Sa mBíobla cuireann Dia é féin in aithne dúinn, faoina ainm, Iehovad ag tabhairt cuireadh do dhaoine aithne a chur air.—Salm 83:19 (Salm 83:18 i mBíoblaí eile).

Míníonn an Bíobla go ndearnadh clúmhilleadh ar ainm Dé, agus léiríonn sé an bealach a dhéanfaidh sé a ainm a glanadh.

Tugann an Bíobla léargas dúinn ar chuspóir Dé don chine daonna agus don talamh. Léiríonn sé an bealach a chuirfidh Dia deireadh leis na rudaí is cúis le fulaingt amach anseo.

Cuireann an Bíobla comhairle phraiticiúil ar fáil dár saol laethúil. Seo leanas roinnt samplaí:

  • Dea-chaidrimh a cleachtadh. “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh.”—Matha 7:12.

    Brí: Ba chóir dúinn caitheamh le daoine eile ar an mbealach ba mhaith linn go gcaithfí linn féin.

  • Ag déileáil le strus. “Ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amárach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.”—Matha 6:34.

    Brí: In áit a bheith ag déanamh imní faoi na rudaí a tharlódh amach anseo, is fearr díriú ar an lá inniu.

  • Bain sult as pósadh sona. “Grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear.”—Eifisigh 5:33.

    Brí: Tá grá agus meas ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar an bpósadh.

Ar athraíodh an Bíobla?

Níor athraíodh. Rinne scoláirí comparáid idir lámhscríbhinní ársa an Bhíobla agus Bíobla an lae inniu agus fuair siad amach nár athraigh bun teachtaireacht an Bhíobla riamh. Déanann sé sin ciall—mar dá mba rud é go raibh Dia ag iarraidh go léifí agus go dtuigfí a theachtaireacht, nach mbeadh sé réasúnach go gcinnteodh sé nach n-athrófaí an teachtaireacht?e—Íseáia 40:8.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin aistriúcháin éagsúla den Bhíobla ar fáil?

Ní thuigeann formhór léitheoirí an lae inniu teangacha ársa an Bhíobla. Ach tá “dea-scéala” ag an mBíobla “do gach cine, agus treibh agus teanga.” (Apacailipsis 14:6) Ar an ábhar sin, tá aistriúchán ar an mBíobla ag teastáil ó dhaoine i dteanga a thuigeann siad ionas go mbeidh siad in ann teachtaireacht Dé a léamh agus a thuiscint i gceart.

Léiríonn aistriúcháin den Bhíobla trí bhunstíl:

  • Tá aistriúchán focal ar fhocal de réir bhunbhrí an fhocail.

  • Úsáideann aistriúchán smaoineamh ar smaoineamh focail a léiríonn brí an bhuntéacs sa bhunteanga.

  • Déanann aistriúchán athinsinte (paraphrase) athfhoclaíocht ar an téacs, ag iarraidh é a dhéanamh taitneamhach lena léamh. Mar sin féin, d’fhéadfadh saoirse na n-aistriúchán athinsinte fíor-bhrí an téacs a dhéanamh deacair le tuiscint.

Tugann dea-aistriúchán den Bhíobla an bhunbhrí leis ag úsáid nuatheanga intuigthe chun teachtaireacht Dé a chur in iúl go cruinn don chine daonna.f

Cé a chinn ábhar an Bhíobla?

Mar Údar an Bíobla, chinn Dia an t-ábhar a bheadh san áireamh sa Bhíobla. Roghnaigh sé ar dtús náisiún ársa Iosrael mar ba “faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé,” iad ag feidhmiú mar choimeádaithe ar na Scrioptúir Eabhraise.—Rómhánaigh 3:2.

An bhfuil cuid de leabhair an Bhíobla caillte?

Níl. Tá an Bíobla ann ina iomláine; níl aon leabhair “caillte.” D’fhéadfadh roinnt daoine a bheith ag maíomh go mbaineann leabhair ársa áirithe a bhí i bhfolach le fada leis an mBíobla.g Ach tá an Bíobla in ann cur ar son a cuid fíréantacht féin. (2 Tiomóid 1:13) Dá réir sin, tá leabhair an Bhíobla atá scríofa faoi inspioráid Dé ar aon fhocal. Níl rud amháin ráite i gcaibidil amháin agus a mhalairt i gcaibidil eile. Ní féidir é seo a rá faoi gach scríbhinn ársa a bhfuiltear ag maíomh go bhfuil baint acu leis an mBíobla.h

An bealach le véarsaí an Bhíobla a aimsiú

 An chaoi le véarsaí Bíobla a fháil ag baint úsáide as 2 Tiomóid 3:16. Insíonn an tagairt duit cé acu leabhar Bíobla atá le n-aimsiú, mar shampla an leabhar 2 Tiomóid (féach an liosta thíos don ord leabhar Bíobla is coitianta a úsáidtear). Insíonn an chéad uimhir duit an chaibidil atá le n-aimsiú agat, mar shampla caibidil 3. Insíonn an uimhir nó na huimhreacha a leanann cén véarsa nó véarsaí atá le léamh, mar shampla véarsa 16.

Liosta de leabhair an Bhíobla

Na Scrioptúir Eabhraise (“Sean-Tiomna”)

  • Stair agus dlíthe

    • Geineasas

    • Eaxodus

    • Léivític

    • Uimhreacha

    • Deotranaimí

  • Stair náisiún Iosrael

    • Iósua

    • Breithiúna

    • Rút

    • 1 agus 2 Samúéil

    • 1 agus 2 Ríthe

    • 1 agus 2 Croinicí

    • Eazrá

    • Nihimiá

    • Eistir

  • Filíocht

    • Iób

    • Sailm

    • Seanfhocail

    • Cóheilit

    • Laoi na Laoithe

  • Tairngreacht

    • Íseáia

    • Irimia

    • Olagón

    • Eizicéil

    • Dainéil

    • Hóisé

    • Ióéil

    • Amós

    • Obaidiá

    • Ióna

    • Míocá

    • Nahúm

    • Habacúc

    • Zafainiá

    • Hagaí

    • Zacairia

    • Malaicí

Scrioptúir Gréigise Críostaí (“Tiomna Nua”)

  • Stair, saol agus mhinistreacht Íosa (Soiscéil)

    • Matha

    • Marcas

    • Lúcás

    • Eoin

  • Stair phobal na Luath-Chríostaí

    • Gníomhartha

  • Litreacha chuig pobail éagsúla Críostaí

    • Rómhánaigh

    • 1 agus 2 Corantaigh

    • Galataigh

    • Eifisigh

    • Filipigh

    • Colosaigh

    • 1 agus 2 Teasalónaigh

  • Litreacha chuig Críostaithe aonair

    • 1 agus 2 Tiomóid

    • Títeas

    • Filéamón

  • Litreacha ginearálta chuig Críostaithe

    • Eabhraigh

    • Séamas

    • 1 agus 2 Peadar

    • 1, 2, agus 3 Eoin

    • Iúd

  • Tairngreacht

    • Apacailipsis

a Chun liosta iomlán a fháil de leabhair an Bhíobla, an té a scríobh iad, agus nuair a scríobhadh iad, féach le do thoil, “Tábla de Leabhair an Bhíobla.”

b Scríobhadh codanna beaga den Bhíobla in Aramais, teanga a bhfuil dlúthbhaint aici leis an Eabhrais.

c Is fearr le go leor léitheoirí Bíobla na téarmaí “Scrioptúir Eabhraise” agus “Scrioptúir Gréigise Críostaí.” Seachnaíonn na téarmaí seo an tuiscint go bhfuil an “Sean-Tiomna” as dáta agus gur cuireadh an “Tiomna Nua” ina áit.

d Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear san alt seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

e Féach “Ar Athraíodh an Bíobla?”

f Baineann go leor daoine sult as an New World Translation of the Holy Scriptures de bhrí go bhfuil sé cruinn agus éasca le léamh. Féach “Is the New World Translation Accurate?”

g Tugtar an Apocrypha ar na scríbhinní seo le chéile. Dar leis an Encyclopædia Britannica, “i litríocht an Bhíobla, [tagraíonn an téarma seo de] saothair lasmuigh de chanóin inghlactha na scrioptúr”—is é sin, lasmuigh de liosta údarásach, leabhair an Bhíobla.

h Chun tuilleadh a fhoghlaim, féach “Apocryphal Gospels—Hidden Truths About Jesus?”

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn