Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 9
  • An Bhfuil Ainm ar Dhia?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bhfuil Ainm ar Dhia?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Cé hÉ Iehova?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 9
Ainm Dé san Eabhrais

An Bhfuil Ainm ar Dhia?

Freagraíonn an Bíobla

Tá ainm pearsanta ar gach duine. Mar sin, nach ndéanann sé ciall go mbeadh ainm ar Dhia? Bheadh sé an-deacair againn cairdeas a chothú le duine mura mbeadh a fhios againn a ainm pearsanta. Más linn cairdeas a chothú le Dia, ní mór dúinn a ainm a úsáid.

Deir Dia sa mBíobla: “Mise, arb é an Tiarna [Iehovaa] is ainm dom.” (Íseáia 42:8) Cé go bhfuil go leor teidil luaite le Dia mar shampla: “Dia Uilechumhachtach,” “Tiarna,” agus ‘Cruthaitheoir,’ tugann Dia cuireadh dóibh siúd a adhrann é, a ainm pearsanta a úsáid.—Geineasas 28:3; Lúcás 2:29; 1 Peadar 4:19.

Úsáideann go leor aistriúcháin den Bhíobla ainm pearsanta Dé in Eaxodus 6:3. Deir an scrioptúr sin: “Agus do tháisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile chumhachduigh, achd ann mainm IEHOBHAH níor bhaithne dhóibh mé.” (An Biobla Naomhtha, le Uilliam Bhedel)

San Eabhrais a scríobhadh an chéad chuid den Bhíobla, teanga a léitear ó dheis go clé. Sa teanga sin, tá an t-ainm diaga scríofa ag úsáid cheithre chonsan, יהוה. Tugtar an Focal Ceatharlitreach ar na ceithre litir Eabhraise sin—traslitrithe mar YHVH sa nGaeilge. Is mar Iehova a litrítear ainm Dé sa lá atá inniu ann.

a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn