Céard atá Ráite sa mBíobla Faoi Fhuilaistriú?
Freagraíonn an Bíobla
Ordaíonn an Bíobla staonadh ó fhuil. Mar sin níor cheart dúinn glacadh le fuilaistriú de lánfhuil nó d’aon cheann de na ceithre phríomhpháirt den fhuil, bíodh sí mar bhia nó mar fhuilaistriú. Féach ar na scrioptúir seo a leanas:
Geineasas 9:4. Thug Dia cead do Naoi agus dá theaghlach feoil ainmhithe a ithe tar éis na Díleann ach d’ordaigh sé dóibh gan an fhuil a ithe. Dúirt Dia le Naoi: “Ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t-anam, sé sin an fhuil.” Baineann an t-ordú seo leis an gcine daonna go léir de bhrí gur de shliocht Naoi iad.
Léivític 17:14. “Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.” I súile Dé is leis féin an fhuil de bhrí go bhfuil an t-anam, nó an bheatha, inti. Cé nár tugadh an dlí seo ach do náisiún Iosrael, léiríonn sé an tábhacht a bhaineann le dlí Dé maidir le staonadh ó fhuil.
Gníomhartha 15:20. “Staonadh . . . ón bhfuil.” Thug Dia an t-ordú céanna do Chríostaithe agus a thug sé do Naoi. Feiceann muid ón stair gur dhiúltaigh na chéad Chríostaithe lánfhuil a ithe nó fiú í a úsáid mar chóir leighis.
Cén fáth a n-ordaíonn Dia dúinn staonadh ó fhuil?
Tá cúiseanna maithe ann ó thaobh cúrsaí leighis de, ar chóir fuilaistriú a sheachaint. Níos tábhachtaí fós, ordaíonn Dia dúinn staonadh ó fhuil de bhrí go bhfuil an fhuil naofa mar go seasann sí don bheatha.—Léivític 17:11; Colosaigh 1:20.