Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 116
  • Cé a Théann go dtí na Flaithis?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cé a Théann go dtí na Flaithis?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cén Difríocht a Dhéanann Bás Íosa Duitse?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 116
An 144,000 ag rialú le hÍosa sna flaithis

Cé a Théann go dtí na Flaithis?

Freagraíonn an Bíobla

Roghnaíonn Dia uimhir theoranta Críostaithe dílse le tógáil chun na bhflaitheas tar éis a mbáis. (1 Peadar 1:​3, 4) Ón am a roghnaítear iad, ní mór dóibh leanúint orthu go dílis ag déanamh beart de réir caighdeáin an chreidimh Chríostaí ionas nach ndícháileofar iad óna n-oidhreacht neamhaí.​—Eifisigh 5:5; Filipigh 3:​12-​14.

Céard a bheidh á dhéanamh acu siúd a théann chun na bhflaitheas?

Beidh siad ag rialú in éineacht le hÍosa mar ríthe agus mar shagairt ar feadh 1,000 bliain. (Apacailipsis 5:​9, 10; 20:6) Beidh siad páirteach sna “spéartha nua,” nó sa rialtas neamhaí a bheidh ag rialú an “talamh nua,” nó an cine daonna. Cabhróidh na rialtóirí neamhaí seo chun an cine daonna a thabhairt ar ais go dtí an riocht a bhí leagtha amach ag Dia dóibh ón tús.​—Íseáia 65:17; 2 Peadar 3:​13.

Cé mhéad duine a bheidh ag dul go dtí na flaithis?

Tugann an Bíobla le fios go mbeidh 144,000 Críostaí dílse ag dul ar neamh tar éis a n-aiséirí. (Apacailipsis 7:4) Sa bhfís a chonaic an t-aspal Eoin in Apacailipsis 14:​1-3 bhí “an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíon”agus an 144,000 in éineacht leis. Sa bhfís seo, seasann “an tUan” d’Íosa tar éis a aiséirí. (Eoin 1:​29; 1 Peadar 1:​19) Seasann “Cnoc Shíon” den stádas ceannasach atá ag Íosa agus an 144,000 a bheidh ag rialú in éineacht leis ar neamh.​—Salm 2:6; Eabhraigh 12:22.

Déantar tagairt don “lucht a glaodh, na tofaigh,” a bheidh ag rialú le Críost ina Ríocht mar ‘an tréad beag.’ (Apacailipsis 17:14; Lúcás 12:32) Léiríonn sé seo gur líon teoranta daoine atá i gceist i gcomparáid leis an líon iomlán caoirigh atá ag Íosa.​—Eoin 10:16.

Teagaisc choitianta fúthu siúd a théann go dtí na flaithis

An teagasc coitianta: Téann na daoine maithe go léir go dtí na flaithis.

Fíric: Geallann Dia go mairfidh formhór na daoine maithe ar an talamh.​—Salm 37:11, 29, 34.

  • Deir Íosa: “Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh.” (Eoin 3:​13) Mar sin léirigh Íosa nach ndeachaigh na daoine maithe a fuair bás roimhe féin, daoine cosúil le hAbrahám, Maois, Iób agus Dáiví, chun na bhflaitheas. (Gníomhartha 2:​29, 34) Ach bhí an dóchas acu go mbeadh siad ar ais ina mbeo anseo ar an talamh arís.​—Iób 14:13-​15.

  • Tugtar an “chéad aiséirí” ar an aiséirí chun na bhflaitheas. (Apacailipsis 20:6) Tugann sé seo le fios dúinn go mbeidh aiséirí ann. Aiséirí chun na talún atá i gceist leis seo.

  • Múineann an Bíobla nach mbeidh “an bás ann feasta” nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú. (Apacailipsis 21:​3, 4) Is léir gur é an talamh atá i gceist anseo, mar nach raibh an bás riamh sna flaithis.

An teagasc coitianta: Roghnaíonn gach duine an áit a mbeidh aiséirí acu, bíodh sé ar neamh nó anseo ar an talamh.

Fíric: Is é Dia a roghnaíonn cé hiad na Críostaithe dílse a gheobhaidh “an ghairm in airde” sé sin, an dóchas maireachtáil sna flaithis. (Filipigh 3:​14) Níl aon bhaint ag fonn nó mian pearsanta leis an duine a roghnaítear.​—Matha 20:20-​23.

An teagasc coitianta: Tá stádas níos ísle ag baint leis an dóchas maireachtáil go deo ar an talamh, a thairgtear dóibh siúd nach bhfuil na flaithis tuillte acu.

Fíric: Tugann Dia “mo mhuintir” agus “mo dhaoine tofa” orthu siúd a bheidh ag dul ag maireachtáil go deo ar an talamh agus deir sé go mbeidh “beannacht an Tiarna” orthu chomh maith. (Íseáia 65:21-​23) Beidh sé de phribhléid acu bunchuspóir Dé don chine daonna a chomhlíonadh​—saol síoraí foirfe i bparthas ar an talamh.​—Geineasas 1:​28; Salm 115:16; Íseáia 45:18.

An teagasc coitianta: Is uimhir shiombalach í 144,000 atá luaite in Apacailipsis.

Fíric: Cé go bhfuil uimhreacha siombalacha luaite in Apacailipsis, tá roinnt uimhreacha cinnte luaite ann freisin. Mar shampla, luann sé “dhá ainm déag dháréag aspal an Uain.” (Apacailipsis 21:14) Féach ar an gcruthúnas a léiríonn gur uimhir chinnte í an 144,000.

Déanann an Bíobla cur síos in Apacailipsis 7:4 ar “líon na ndaoine ar cuireadh séala orthu, [nó atá roghnaithe maireachtáil ar neamh] 144,000.” Ina dhiaidh sin, sa véarsa céanna, tá an dara grúpa luaite: “an mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh.” Tá slánú ó Dhia ar fáil don “mathshlua mór” freisin. (Apacailipsis 7:​9, 10) Dá ba rud é gur uimhir shiombalach í an uimhir 144,000, a bhí ag déanamh tagairt do ghrúpa gan uimhir, níor bhféidir comparáid a dhéanamh idir an dá ghrúpa seo.a

a Scríobh an tOllamh Robert L. Thomas freisin faoin uimhir 144,000 atá luaite in Apacailipsis 7:4: “Is uimhir chinnte atá i gceist anseo i gcomparáid leis an uimhir éiginnte atá luaite i 7:9. Dá nglacfaí leis an uimhir seo mar uimhir shiombalach, ní fhéadfaí glacadh le haon uimhir sa leabhar seo mar uimhir chinnte.”​—Revelation 1-7: An Exegetical Commentary, leathanach 474.

Tá cur síos déanta freisin ar an 144,000 gur “ceannaíodh iadsan ón gcine daonna mar chéadtorthaí.” (Apacailipsis 14:4) Déanann an téarma “chéadtorthaí” tagairt do líon teoranta daoine. Tá sé ag cur síos orthu siúd a bheidh ag rialú le Críost os cionn an mathshlua mór nárbh bhféidir a chomhaireamh agus a mhairfidh ar an talamh.​—Apacailipsis 20:​6.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn