Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 162
  • Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Ghinmhilleadh?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Ghinmhilleadh?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Cén uair a chuirtear tús le beatha an duine?
  • An dtabharfaidh Dia maithiúnas do bhean a raibh ginmhilleadh aici?
  • An bhfuil ginmhilleadh ceadaithe más rud é go bhfuil beatha na máthar nó beatha an naíonáin i mbaol?
  • Bíodh Meas Agat ar Bhronntanas na Beatha
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 162
Bean atá ag iompar naíonán ina seasamh os comhair scátháin

Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Ghinmhilleadh?

Freagraíonn an Bíobla

Ní úsáideann an Bíobla an focal “ginmhilleadh” sa gciall is go bhfaighfear réidh leis an naíonán atá i dtús fáis sa mbroinn d’aon turas. Mar sin féin, tá dearcadh Dé ar an mbeatha dhaonna agus ar bheatha an naíonáin sa mbroinn le fáil sa mBíobla.

Is bronntanas ó Dhia í an bheatha. (Geineasas 9:6; Salm 36:10 [36:9 i mBíoblaí eile]) Tá beatha an duine agus an naíonán sa mbroinn an-luachmhar ina shúile. Mar sin má mharaíonn duine naíonán sa mbroinn d’aon turas, is dúnmharú atá i gceist.

Deir an Dlí a thug Dia do na hIosraeilítigh: “Más rud é go raibh beirt fhear ag troid lena chéile agus go ngortaíonn siad bean atá torrach agus go mbíonn leanbh aici roimh an am ach ní bhásaíonn sé, caithfidh an ciontóir na damáistí a ghearrann fear céile na mná air a íoc; agus caithfidh sé é a íoc trí na breithiúna. Ach má bhásaíonn an leanbh, caithfear beatha a thabhairt ar son beatha.”—Eaxodus 21:22, 23; NWT.a

  • Cén uair a chuirtear tús le beatha an duine?

  • An dtabharfaidh Dia maithiúnas do bhean a raibh ginmhilleadh aici?

  • An bhfuil ginmhilleadh ceadaithe más rud é go bhfuil beatha na máthar nó beatha an naíonáin i mbaol?

Cén uair a chuirtear tús le beatha an duine?

Tá sé tugtha le fios sa mBíobla gur duine beo é an naíonán sa mbroinn ón nóiméad a ngintear é. Breathnóidh muid ar roinnt samplaí a thugann le fios nach ndéanann Dia idirdhealú idir beatha an naíonáin atá fós sa mbroinn agus beatha an naíonáin atá tagtha ar an saol.

  • Dúirt Rí Dáiví faoi inspioráid Dé: “níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat, [nó mo chnámha] nuair a cumadh os íseal mé.” (Salm 139:15) Chomh fada is a bhain sé le Dia ba dhuine a bhí i nDáiví sular rugadh é.

  • Bhí cuspóir speisialta leagtha síos ag Dia don fháidh Irimia sular rugadh é. Dúirt Dia leis: “Sular chum mé thú sa mbroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.”—Irimia 1:5.

  • D’úsáid an scríbhneoir Bíobla Lúcás, a bhí ina dhochtúir, an focal Gréagach céanna chun cur síos a dhéanamh ar naíonán nach raibh beirthe fós agus ar naíonán nuabheirthe.—Lúcás 1:41; 2:12, 16.

An dtabharfaidh Dia maithiúnas do bhean a raibh ginmhilleadh aici?

Is féidir leo siúd a raibh ginmhilleadh acu maithiúnas a fháil ó Dhia. Má ghlacann siad anois le dearcadh Dé ar an mbeatha, ní gá dóibh mothú ciontach faoi feasta. “Is grámhar trócaireach é an Tiarna [Iehovab] . . . Ní faide an t-oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.”c (Salm 103:8-12) Maithfidh Iehova a bpeacaí do gach duine a dhéanann aithrí ó chroí ina gcuid peacaí, ginmhilleadh san áireamh.—Nihimiá 9:17.

An bhfuil ginmhilleadh ceadaithe más rud é go bhfuil beatha na máthar nó beatha an naíonáin i mbaol?

I bhfianaise a bhfuil ráite sa mBíobla faoi bheatha an naíonáin sa mbroinn, níl sé ceart ná cóir ginmhilleadh a bheith ag duine de bhrí go mb’fhéidir go bhféadfadh sé go mbeadh beatha na máthar nó beatha an naíonáin i mbaol.

Céard faoi chás éigeandála le linn do naíonán a bheith á shaolú agus é d’iallach ar an lánúin rogha a dhéanamh idir beatha na máthar nó beatha an naíonáin? Sa gcás sin, chaithfeadh an lánúin cinneadh pearsanta a dhéanamh cé acu beatha atá siad ag iarraidh a shábháil.

a Tá roinnt aistriúcháin ann a bhfuil an chuma orthu gur tugadh an dlí seo d’Iosrael chun cosaint a thabhairt do bheatha na máthar agus ní don naíonán sa mbroinn. Ach tagraíonn an téacs Eabhraise do thimpiste mharfach do mháthair nó do naíonán.

b Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa mhír seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

c Is é [Iehova] an t-ainm a thugtar ar Dhia sa mBíobla.—Salm 83:19, (83:18 i mBíoblaí eile).

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn