Fo-nóta
a Tugann an bunfhocail óna n-aistrítear “éiric” sa mBíobla le tuiscint gur praghas, nó rud luachmhar, atá íoctha a bhí i gceist leis. Mar shampla, go bunúsach ciallaíonn an briathar Eabhraise ka·pharʹ “clúdach nó brat.” (Geineasas 6:14) Tagraíonn sé de ghnáth do chlúdach an pheaca. (Salm 65:4 [65:3 i mBíoblaí eile]) Tagraíonn an t-ainmfhocal gaolmhar koʹpher don phraghas a íoctar chun an clúdach seo, nó an slánú seo a bhaint amach. (Eaxodus 21:30) Mar an gcéanna, an focal Gréigise ly’tron a aistrítear mar “éiric” nó mar cheannach, chun duine a shlánú. (Matha 20:28; The New Testament in Modern Speech, by R.F Weymouth) D’úsáid scríbhneoirí Gréagacha an téarma seo chun tagairt den íocaíocht a dhéantaí le príosúnach cogaidh nó sclábhaí a scaoileadh saor.