Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 78
  • An Bhfuil Dia Ann?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bhfuil Dia Ann?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • An Bíobla—Leabhar Ó Dhia
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cé hÉ Dia?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 78
An ghrian ag scaladh trí na scamaill

An Bhfuil Dia Ann?

Freagraíonn an Bíobla

Tá neart fianaise sa mBíobla go bhfuil Dia ann. Spreagann sé muid lenár gcreideamh i nDia a neartú, ní trí ghlacadh le tuairimíocht reiligiúin dhaonna, ach trí úsáid a bhaint as ‘ár n-éirim cinn’ agus “gach ní a thástáil.” (1 Teasalónaigh 5:21; 1 Eoin 5:​20) Déan machnamh ar an réasúnaíocht seo atá bunaithe ar an mBíobla:

  • Léiríonn an chruinne ar a bhfuil ord agus eagar chomh maith le gach dúil bheo go bhfuil Cruthaitheoir ann. Deir an Bíobla: “Níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní.” (Eabhraigh 3:4) Cé nach bhfuil ansin ach bealach simplí lena mhíniú, d’aontóidh daoine léannta leis an gcoincheap sin.a

  • Mar dhaoine daonna, tá sé nádúrtha go mbeadh muid ag iarraidh a fháil amach faoin gcúis ar cruthaíodh gach ní. Is mian é seo atá ionainn de réir an nádúir fiú nuair a shásaítear na riachtanais fhisiciúla atá againn. Sin é an fáth go labhraíonn an Bíobla faoi chineál eile ocrais, ocras nach bhfuil fisiciúil ach spioradálta, sé sin an mian atá ionainn eolas a chur ar Dhia agus é a adhradh. (Matha 4:4; Apacailipsis 4:​11) Léiríonn na riachtanais spioradálta seo nach hé amháin go bhfuil Dia ann, ach gur Cruthaitheoir grámhar é atá ag iarraidh na riachtanais atá againn a shásamh.

  • Bhí cur síos mion déanta ar thairngreachtaí an Bhíobla na céadta bliain sular tharla siad. Tháinig siad fior díreach mar a bhí tuartha. Léiríonn mion shonraí agus cruinneas na dtairngreachtaí gur ó fhoinse osnádúrtha a tháinig siad.​—2 Peadar 1:​21.

  • An Domhan mar atá sé le feiceáil ón spás

    Bhí eolas ag scríbhneoirí an Bhíobla ar ábhar a bhain le heolaíocht, rud nár thuig aon duine dá gcomhaoisigh. Mar shampla, chreid go leor daoine fadó go raibh an talamh leagtha ar dhroim ainmhí ar nós eilifint, torc nó bullán. Déanann an Bíobla cur síos cruinn ag rá go bhfuil Dia ag crochadh “an chruinne ar neamhní.” (Iób 26:7) Dá réir sin, tá cur síos cruinn déanta sa mBíobla ar chruth an domhain mar “roth na cruinne.” (Íseáia 40:22) Dár le go leor daoine, ní raibh ach bealach amháin ag scríbhneoirí an Bhíobla lena gcuid eolais a fháil, sé sin, ó Dhia.

  • Tá go leor ceisteanna deacra ag daoine agus mura bhfaigheann siad freagraí sásúla ar na ceisteanna seo d’fhéadfadh sé bac a chur ar orthu creidiúint i nDia. Freagraítear na ceisteanna sin sa mBíobla. Mar shampla, má tá Dia grámhar agus uile-chumhachtach, cén fáth a bhfuil fulaingt agus olc sa domhan? Cén fáth a mbíonn drochthionchar ag reiligiún ar dhaoine in ionad dea-thionchar?​—Títeas 1:​16.

a Seo mar a rinne an réalteolaí Allan Sandage cur síos ar an gcruinne: “Tá sé dochreidte gur tháinig an t-ord agus an t-eagar sin as anord. Ní thuigim féin cén chaoi a bhféadfadh Dia a bheith ann ach is é sin an t-aon bhealach le míniú a thabhairt ar an gcúis go bhfuil rud éigin ann in ionad dada a bheith ann.”

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn