Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 1
  • Léirigh Suim i nDaoine

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Léirigh Suim i nDaoine
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Méid a Rinne Íosa
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
  • Déan Aithris ar Íosa
  • Nádúrthacht
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Lách Cineálta
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 1

AG TOSÚ COMHRÁ

Íosa ag comhrá le bean ag tobar.

Eoin 4:​6-9

CEACHT  1

Léirigh Suim i nDaoine

Prionsabal: “Bíonn an grá foighneach . . . ní bhíonn sé leithleasach [nó ní lorgaíonn sé a leasanna féin].”—1 Cor. 13:​4, 5.

An Méid a Rinne Íosa

Íosa ag comhrá le bean ag tobar.

FÍSEÁN: Íosa agus an Bhean ag an Tobar

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Eoin 4:​6-9. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1. Céard a thug Íosa faoi deara faoin mbean sular thosaigh sé ag comhrá léi?

  2. Dúirt Íosa: “Tabhair deoch dom.” Cén fáth gurb é seo an bealach ab éifeachtaí chun tús a chur leis an gcomhrá?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Tá seans níos fearr ann go mbeidh comhrá maith againn má thosaíonn muid le hábhar atá suim ag duine ann.

Déan Aithris ar Íosa

3. Bí solúbtha. Ní gá go gcaithfidh tú fanacht leis an ábhar atá ar intinn agat a úsáid. Tosaigh le rud éigin atá ag déanamh imní do dhaoine inniu. Fiafraigh duit féin:

  1. ‘Céard atá sa nuacht?’

  2. ‘Céard atá mo chomharsana, mo chomhoibrithe, nó mo chomhscoláirí ag caint faoi?’

4. Bí airdeallach. Fiafraigh duit féin:

  1. ‘Céard atá á dhéanamh ag an duine seo faoi láthair? Céard a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh imní dó?’

  2. ‘Céard a thugann an bealach a ngléasann, a mbreathnaíonn duine nó an chuma atá ar a theach le fios dom faoina chreideamh nó faoina chultúr?’

  3. ‘An bhfuil an t-am seo feiliúnach le labhairt leis an duine?’

5. Éist.

  1. Ná déan an iomarca cainte.

  2. Spreag an duine chun é féin a chur in iúl. Cuir ceisteanna de réir mar is cuí.

FÉACH FREISIN

Math. 7:12; 1 Cor. 9:​20-23; Fil. 2:4; Séam. 1:19

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn