Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 8
  • Foighne

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Foighne
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Méid a Rinne Íosa
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
  • Déan Aithris ar Íosa
  • Lean Ort Ag Léiriú Foighne
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
  • Léirigh Suim i nDaoine
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Buanseasmhacht
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Lách Cineálta
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
Tuilleadh
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 8

COINNIGH LEIS AN gCÚRAM

Íosa ag siúl i dtreo a dheartháir Séamus i siopa siúinéireachta. Tá ionadh ar Shéamus é a fheiceáil.

Eoin 7:​3-5; 1 Cor. 15:​3, 4, 7

CEACHT 8

Foighne

Prionsabal: “Bíonn an grá foighneach.” —1 Cor. 13:4.

An Méid a Rinne Íosa

Íosa ag siúl i dtreo a dheartháir Séamus i siopa siúinéireachta. Tá ionadh ar Shéamus é a fheiceáil.

FÍSEÁN: Cabhraíonn Íosa go Foighneach Lena Dheartháir

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Eoin 7:​3-5 agus 1 Corantaigh 15:​3, 4, 7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1. Céard a cheap deartháireacha Íosa nuair a chuala siad a theachtaireacht ar dtús?

  2. Céard a léirigh nár thug Íosa suas ar a dheartháir Séamas?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Ní mór dúinn a bheith foighneach mar go dtógann sé níos faide ar dhaoine thar a chéile glacadh leis an dea-scéal.

Déan Aithris ar Íosa

3. Bain triail as cur chuige difriúil. Mura nglacann an duine le staidéar Bíobla láithreach, ná cuir brú air. Nuair tá sé oiriúnach, bain úsáid as físeáin nó ailt le cuidiú leis tuiscint a fháil ar gach a mbíonn ar siúl le linn cúrsa staidéir Bíobla agus ar an leas a bhainfeadh sé as.

4. Ná déan comparáid. Ní mar a chéile chuile dhuine. Má bhíonn drogall ar bhall teaghlaigh nó ar dhuine atá tú ag déanamh athchuairt air staidéar a dhéanamh ar an mBíobla nó glacadh le teagasc an Bhíobla, smaoinigh ar an gcúis atá leis. An bhfuil sé i ngreim ag teagasc reiligiúnach ar leith? An bhfuil a ghaolta nó a chomharsana ag cur brú air? Tabhair am dó le smaoineamh ar a bhfuil ráite agat agus le tuiscint a fháil ar a bhfuil ráite sa mBíobla.

5. Guigh ar son an té a léiríonn suim. Iarr ar Iehova cabhrú leat fanacht dearfach agus tuisceanach. Iarr eagna freisin ionas go mbeadh tú in ann cinneadh a dhéanamh maidir le stopadh ag glaoch ar dhuine nach léiríonn mórán suime sa teachtaireacht.—1 Cor. 9:26.

FÉACH FREISIN

Marc 4:​26-28; 1 Cor. 3:​5-9; 2 Pead. 3:9

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn