AGUISÍNÍ
1 IEHOVA
Is é Iehova ainm Dé agus tuigtear go gciallaíonn sé “Déanann Seisean le go dTarlóidh sé.” Is é Iehova an Dia uilechumhachtach, agus cruthaitheoir an uile ní. Tá an chumhacht aige gach ar toil leis a dhéanamh.
Scríobhadh ainm Dé san Eabhrais ag úsáid ceithre litir. Sa nGaeilge is ionann na ceithre litir Eabhraise seo agus IHVH (YHWH, nó JHVH sa mBéarla). Tá ainm Dé le fáil i mbuntéacs Eabhraise an Bhíobla beagnach 7,000 uair. Úsáideann daoine ar fud an domhain leaganacha éagsúla den ainm Iehova, á fhuaimniú ar an mbealach atá coitianta ina dteanga féin.
2 SCRÍOBHADH AN BÍOBLA FAOI INSPIORÁID DÉ
Is é Dia Údar an Bhíobla, ach d’úsáid sé fir chun é a scríobh. Is ionann é agus fear gnó ag deachtú litir dá rúnaí. Bhí scríbhneoirí an Bhíobla faoi thionchar spiorad Dé nuair a bhí siad ag scríobh síos a chuid smaointe. Spreag spiorad Dé iad ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, thug sé físeanna nó brionglóidí dóibh, agus scríobhadar síos iad.
3 PRIONSABAIL
Is teagasca iad na prionsabail, a chabhraíonn linn fírinní bunúsacha a thuiscint. Mar shampla, múineann an prionsabal, “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa,” go mbíonn dea-thionchar nó drochthionchar ag ár gcomhluadar orainn. (1 Corantaigh 15:33) Múineann an prionsabal, “mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar,” go mbíonn toradh maith nó olc ar ár ngníomhartha agus nach féidir éalú uaidh sin.—Galataigh 6:7.
4 TAIRNGREACHT
Is teachtaireacht ó Dhia í an tairngreacht. Baineann cuid de na tairngreachtaí le toil Dé, le teagasc morálta, le hordú, nó le breithiúnas. Baineann cuid eile acu le heachtraí atá le tarlú sa todhchaí. Tá formhór de thairngreachtaí an Bhíobla comhlíonta cheana féin.
5 TAIRNGREACHTAÍ FAOIN MEISIAS
Is é Íosa a chomhlíon na tairngreachtaí atá sa mBíobla faoin Meisias. Féach an bosca “Tairngreachtaí Faoin Meisias.”
▸ Caib. 2, alt 17, fonóta.
6 CUSPÓIR IEHOVA DON DOMHAN
Chruthaigh Iehova an domhan le bheith ina pharthas, áit chónaithe dóibh siúd a bhfuil grá acu dó. Níor athraigh a chuspóir. Scriosfaidh Dia gach olc go luath, agus tabharfaidh sé beatha shíoraí dá shearbhóntaí.
7 SÁTAN, AN DIABHAL
Is é Sátan an t-aingeal a thosaigh an t-éirí amach in aghaidh Dé. Ciallaíonn Sátan “Namhaid,” mar go mbíonn sé ag troid in aghaidh Iehova. Tugtar Diabhal freisin air, ainm a chiallaíonn “An té a dhéanann clúmhilleadh,” mar go n-insíonn sé bréaga faoi Dhia agus go gcuireann sé an dallamullóg ar dhaoine.
8 AINGIL
Chruthaigh Iehova na haingil i bhfad sular chruthaigh sé an domhan. Cruthaíodh iad le maireachtáil ar neamh. Tá breis is céad milliún aingeal ann. (Dainéil 7:10) Tá ainmneacha orthu agus tá a bpearsantacht féin acu. Ní ghlacann aingil dhílse le hadhradh ó dhaoine. Tá stádais dhifriúla acu agus tugtar obair éagsúil dóibh le déanamh. Freastalaíonn cuid acu os comhair ríchathaoir Iehova. Bíonn cuid eile acu ag fógairt a chuid teachtaireachtaí, ag cosaint agus ag stiúradh a shearbhóntaí ar talamh, ag comhlíonadh a chuid breithiúnais, agus ag tacú leis an obair craobhscaoilte. (Salm 34:8 [34:7 i mBíoblaí eile]; Apacailipsis 14:6; 22:8, 9) Sa todhchaí troidfidh siad i dteannta Íosa sa gcath ar a dtugtar Harmagadón.—Apacailipsis 16:14, 16; 19:14, 15.
▸ Caib. 3, alt 5; Caib. 10, alt 1
9 PEACA
Tugtar peaca ar aon rud a mhothaíonn muid, a smaoiníonn muid nó a dhéanann muid atá i gcoinne Iehova nó a thoil. Nuair a pheacaíonn muid déantar dochar dár gcairdeas le Dia. I dtús an tsaoil, bhí gach uile ní a chruthaigh Iehova foirfe, ach nuair a bheartaigh Ádhamh agus Éabha a bheith easumhal d’Iehova, pheacaigh siad agus ní raibh siad foirfe ní ba mhó. Chuaigh siad in aois agus fuair siad bás. Téann muidne freisin in aois agus faigheann muid bás, mar go bhfuair muid an peaca mar oidhreacht ó Ádhamh.
▸ Caib. 3, alt 7; Caib. 5, alt 3
10 HARMAGADÓN
Is é seo an cogadh a throidfidh Dia chun deiridh a chur le domhan Shátain agus le gach olc.
▸ Caib. 3, alt 13; Caib. 8, alt 18
11 RÍOCHT DÉ
Is rialtas í Ríocht Dé atá bunaithe ar neamh ag Iehova. Tá Íosa Críost ina Rí ar an Ríocht. Úsáidfidh Iehova an Ríocht chun gach olc a scriosadh. Rialóidh Ríocht Dé an talamh ó neamh.
12 ÍOSA CRÍOST
Chruthaigh Dia Íosa roimh gach aon ní eile. Chuir Iehova Íosa chun na talún chun bás a fháil ar son an chine daonna. Cuireadh Íosa chun báis agus thóg Iehova ó na mairbh é. Faoi láthair, tá Íosa ina Rí, ag rialú ar neamh.
13 TAIRNGREACHT NA 70 SEACHTAIN
Thuar an Bíobla teacht an Mheisias. Tharlódh sé seo ag deireadh tréimhse ama ar a dtugtar an 69 seachtain, a thosaigh sa mbliain 455 RCR agus a chríochnaigh sa mbliain 29 CR.
Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur chríochnaigh an tréimhse ama sin i 29 CR? Thosaigh an 69 seachtain sa mbliain 455 RCR, nuair a shroich Nihimiá Iarúsailéim agus thosaigh sé ag atógáil na cathrach. (Dainéil 9:25; Nihimiá 2:1, 5-8) Díreach mar a smaoiníonn muid ar an uimhir 12 nuair a chloiseann muid an focal “dosaen,” cuireann an focal “seachtain” an uimhir 7 i gcuimhne dúinn. De réir na rialacha a bhaineann le tairngreachtaí “seasóidh gach lá do bhliain,” mar sin ní seachtainí de sheacht lá atá i gceist sa tairngreacht seo ach seachtainí de sheacht mbliana. (Uimhreacha 14:34; Eizicéil 4:6) Ciallaíonn sé seo gur ionann gach seachtain agus seacht mbliana, agus ina iomláine gur ionann 69 seachtain agus 483 bliain (69 x 7). Má chomhaireann muid 483 bliain ó 455 RCR, tagann muid go dtí an bhliain 29 CR. Ba í seo an bhliain ar baisteadh Íosa agus ar ainmnigh Dia é mar an Meisias!—Lúcás 3:1, 2, 21, 22.
Rinne an tairngreacht chéanna tagairt do sheachtain eile, sin seacht mbliana breise. I rith na tréimhse seo, sa mbliain 33 CR, chuirfí an Meisias chun báis. Ag tosú sa mbliain 36 CR, bheadh dea-scéala na ríochta á chraobhscaoileadh do na náisiúin uile agus ní do Ghiúdaigh amháin.—Dainéil 9:24-27.
14 AN TRÍONÓID
Múineann an Bíobla gurb é Iehova Dia an Cruthaitheoir agus gur chruthaigh sé Íosa roimh gach aon ní eile. (Colosaigh 1:15, 16) Ní hé Íosa Dia Uilechumhachtach. Níor mhaígh sé riamh go raibh sé ar chomhchéim le Dia. Is é a dúirt Íosa: “Is mó an tAthair ná mise.” (Eoin 14:28; 1 Corantaigh 15:28) Múineann cuid de na reiligiúin gur Tríonóid é Dia, sé sin go bhfuil trí phearsa i nDia: an tAthair, an Mac agus an spiorad naomh. Níl an focal “Tríonóid” sa mBíobla. Is teagasc bréagach é seo.
Is é an spiorad naomh fórsa gníomhach Dé, a chumhacht dofheicthe a úsáideann sé chun a thoil a chomhlíonadh. Ní pearsa é an spiorad naomh. Mar shampla, dúradh faoi na chéad Chríostaithe “líonadh iad go léir den Spiorad Naomh” agus dúirt Iehova: ‘doirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine.’—Gníomhartha 2:1-4, 17.
▸ Caib. 4, alt 12; Caib. 15, alt 17
15 AN CHROS
Cén fáth nach n-úsáideann fíorChríostaithe an chros?
Tá an chros á úsáid ag reiligiúin bhréagacha le tamall fada. D’úsáid págánaigh í agus iad ag adhradh an nádúir agus i ndeasgnátha gnéis. Le linn an 300 bliain tar éis Chríost, níor úsáid Críostaithe an chros. Is é an tImpire Rómhánach, Constaintín, a rinne siombail Chríostaí den chros tamall ina dhiaidh sin. D’úsáid sé an chros chun go nglacadh na págánaigh leis an gCríostaíocht. Ní raibh aon bhaint ag an gcros le hÍosa Críost. De réir an New Catholic Encyclopedia: “Tá an chros le fáil i gcultúir réamh-Chríostaí agus i gcultúir neamh-Chríostaí.”
Ní bhfuair Íosa bás ar chros. Ciallaíonn an focal Gréigise óna n-aistrítear “cros,” “cuaille,” “píosa adhmaid,” nó “crann.” De réir The Companion Bible: “Níl aon rud i nGréigis an Tiomna Nua a thugann le fios gur dhá phíosa adhmaid a bhí i gceist.” Fuair Íosa bás ar chuaille.
Níl Iehova ag iarraidh orainn íomhánna ná siombailí a úsáid agus muid i mbun adhradh.—Eaxodus 20:4, 5; 1 Corantaigh 10:14.
16 CUIMHNEACHÁN BHÁS ÍOSA
D’ordaigh Íosa dá dheisceabal a bhás a chomóradh. Déanann siad é seo gach bliain ar Níosán 14, an dáta céanna a rinne na hIosraeilítigh ceiliúradh ar Cháisc na nGiúdach. Cuirtear arán agus fíon ó dhuine go duine ag an gCuimhneachán. Seasann an t-arán do chorp Íosa agus an fíon dá chuid fola. Is iad siúd a bheidh ag rialú le hÍosa ar neamh a itheann an t-arán agus a ólann an fíon. Freastalaíonn an dream atá ag súil le maireachtáil go deo ar an talamh ar an gCuimhneachán go hómósach, ach ní itheann siad an t-arán agus ní ólann siad an fíon.
17 ANAM
In An Bíobla Naofa úsáidtear an focal “anam” chun cur síos a dhéanamh (1) ar an duine, (2) ar bheatha an duine, nó (3) ar bheatha an ainmhí. Mar shampla:
An duine. Deir an Bíobla i 1 Corantaigh 15:45: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Agus deir Lúcás 12:19: “Déarfaidh mé le m’anam: ‘A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’”
Beatha an duine. “Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n-anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde.”—Eistir 9:16.
Beatha an ainmhí. “Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t-uisce agus go mbíonn an t-anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn.”—Eizicéil 47:9.
Ina theannta sin, nuair a dhéanann duine rud lena ‘anam go hiomlán,’ déanann sé é go fonnmhar nó chomh maith is atá sé in ann. (Matha 22:37; Deotranaimí 6:5) Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn áthas nó buairt ar dhuine is féidir a rá go bhfuil áthas nó buairt ar a anam.—Salm 16:9; Matha 26:38.
▸ Caib. 6, alt 5; Caib. 15, alt 17
18 SPIORAD
Tá níos mó ná brí amháin leis na focail Eabhraise agus Gréigise óna n-aistrítear an focal “spiorad” in An Bíobla Naofa, ach tagraíonn siad i gcónaí do rudaí dofheicthe, cosúil leis an ngaoth nó anáil daoine agus ainmhithe. Tagraíonn na focail seo freisin do phearsana spiorad agus don spiorad naomh. Ní mhúineann an Bíobla go bhfanann aon chuid den duine beo tar éis a bháis.—Salm 104:29; Matha 12:43; Lúcás 11:13.
▸ Caib. 6, alt 5; Caib. 15, alt 17
19 AN UAIGH AGUS GEHENNA
In An Bíobla Naofa, sna Scrioptúir Eabhraise aistrítear an focal “Ifreann” ón bhfocal Eabhraise “Sheohl” i Salm 49:16 (49:15 i mBíoblaí eile) agus Salm 86:13. Tá sé traslitrithe den chuid is mó mar “Seól” ach i gcúpla áit tá sé aistrithe mar “uaigh” (féach Salm 6:6 [6:5 i mBíoblaí eile] agus Salm 88:4 [88:3 i mBíoblaí eile]). Is é atá i gceist leis an bhfocal “Sheohl” ná Uaigh an chine daonna, ní uaigh aonair. Tugann Briathar Dé le fios go mbeidh aiséirí acu siúd atá i “Sheohl.”
In An Bíobla Naofa, sna Scrioptúir Gréigise Críostaí aistrítear an focal “Ifreann” ó na focail Gréigise seo leanas:
Haides: Tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “Haides” sa nGréigis agus an focal “Sheohl” san Eabhrais—Uaigh an chine daonna. Tá sé aistrithe mar “riocht na mairbh” in dhá áit—Gníomhartha 2:27 agus 2:31. Tá sé aistrithe mar “Ifreann” i ngach áit eile. Tugann focal Dé le fios go mbeidh aiséirí acu siúd atá i “Haides.”—Féach Apacailipsis 20:13, 14.
Gehenna: Gehenna a thugtaí ar ghleann in aice Iarúsailéim, áit a ndóití agus a scriostaí bruscar. Níl aon fhianaise ann gur dódh ná gur ciapadh daoine ná ainmhithe ina mbeo i nGehenna in aimsir Íosa. Mar sin, ní ionann Gehenna agus áit dofheicthe ina bhfuil na mairbh á gciapadh agus á ndó go síoraí. Nuair a dúirt Íosa go gcaithfí daoine i nGehenna bhí sé ag tagairt do dhaoine nach bhfaigheadh aiséirí go brách.—Matha 5:22; 10:28; Lúcás 12:5.
Tartarus: Tagann an focal seo ón mbriathar Gréigise “Tartaroo” a chiallaíonn “a chaitheamh isteach i dTartarus.” Ní úsáidtear é ach uair amháin sa mBíobla i 2 Peadar 2:4: “Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann [nó, Tartarus] agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha.” Níl a leithéid d’áit ann is Tartarus, ach déanann an focal cur síos ar an staid ina bhfuil na haingil mhídhílse, ó pheacaigh siad in aimsir Naoi.—1 Peadar 3:19, 20.
Déanann Iúd 6 tagairt do staid na n-aingeal mídhílis freisin, nuair a deir sé: “Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d’fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann [nó, sa dorchadas atá thíos, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn] i gcomhair bhreith an lae mhóir.
”Ní cheadaíonn Dia do na drochaingil a bheith mar chuid dá chlann níos mó, agus dá bhrí sin tá siad mar a bheadh siad i ‘bpluaiseanna gruama’ nó “sa dorchadas,” mar is é an léirscrios atá i ndán dóibh ar lá an bhreithiúnais. Níl siad á gcrá agus níl aon srian orthu. Taispeánann an Bíobla go raibh siad gníomhach ar an talamh le linn aimsir Íosa agus go raibh cead isteach is amach sna flaithis acu go dtí gur chaith Mícheál agus a chuid aingeal síos go dtí an talamh iad.—Apacailipsis 12:9.
Is ar staid na ndrochaingeal amháin atá 2 Peadar 2:4 agus Iúd 6 ag cur síos. Mar sin, níl Tartarus agus an “dorchadas thíos” mar an gcéanna leis an bhfocal Eabhraise “Sheohl” ná an focal Gréigise “Haides,” a dhéanann cur síos ar Uaigh an chine daonna, mar atá luaite thuas.
20 AN “ÁR nATHAIR”
Seo í an phaidir a d’úsáid Íosa nuair a mhúin sé dá dheisceabal le guí. Tugtar an “Ár nAthair,” nó “Paidir an Tiarna” uirthi. Is mar seo a mhúin Íosa dúinn le guí:
“Go naofar d’ainm”
Guíonn muid go gcuirfidh Iehova deireadh leis an gclúmhilleadh atá á dhéanamh ar a ainm, chun go dtabharfaidh gach duine ar neamh agus ar talamh onóir agus ómós dá ainm.
“Go dtaga do ríocht”
Guíonn muid go scriosfaidh rialtas Dé domhan urchóideach Shátain, go rialóidh sé an domhan agus go ndéanfaidh sé parthas den talamh.
“Go ndéantar do thoil ar an talamh”
Guíonn muid go gcomhlíonfaidh Dia a chuspóir, ionas go mbeidh daoine umhla foirfe in ann maireachtáil go deo i bparthas ar talamh.
21 AN ÉIRIC
Chuir Iehova ar fáil an éiric chun an chine dhaonna a shaoradh ón bpeaca agus ón mbás. Is í an éiric an luach a bhí le n-íoc chun na beatha foirfe a cheannach ar ais. Chuir Iehova Íosa go dtí an talamh chun bás a fháil ar son na bpeacach. Mar thoradh ar bhás Íosa, tá an deis ag gach duine a bheith foirfe agus maireachtáil go deo.
▸ Caib. 8, alt 21; Caib. 9, alt 13
22 CÉN TÁBHACHT A BHAINEANN LEIS AN mBLIAIN 1914?
Tá tairngreacht i leabhar Dainéil caibidil 4 a thugann le fios go mbunódh Dia a Ríocht i 1914.
An tairngreacht: Thug Iehova fís do Rí Nabúcadnazar i mbrionglóid, faoi chrann mór a gearradh anuas. Cuireadh banda iarainn agus banda copair timpeall ar stumpa an chrainn chun é a stopadh ag fás ar feadh “seacht n-aimsir.” Ina dhiaidh sin, d’fhásfadh an crann arís.—Dainéil 3:98 (4:1 i mBíoblaí eile); 4:7-13 (4:10-16 i mBíoblaí eile).
Brí na tairngreachta: Seasann an crann do thiarnas Dé. D’úsáid Iehova ríthe in Iarúsailéim, ar feadh blianta fada, chun náisiún Iosrael a rialú. (1 Croinicí 29:23) Ach d’iompaigh na ríthe sin in aghaidh Dé agus tháinig deireadh lena dtiarnas. Scriosadh Iarúsailéim sa mbliain 607 RCR. Chuir sé seo tús leis na “seacht n-aimsir.” (2 Ríthe 25:1, 8-10; Eizicéil 21:25-27) Nuair a dúirt Íosa go mbeadh “Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche,” bhí sé ag labhairt faoi na “seacht n-aimsir.” (Lúcás 21:24) Mar sin, ní raibh na “seacht n-aimsir” caite fós nuair a bhí Íosa ar an talamh. Gheall Iehova go gceapfadh sé Rí nuair a bheadh na “seacht n-aimsir” caite. Beannachtaí agus rath go deo ar phobal Dé ar fud an domhain, a bheidh mar thoradh ar thiarnas an Rí nua, Íosa.—Lúcás 1:30-33.
Cé chomh fada is a bheadh na “seacht n-aimsir”?: Mhair na “seacht n-aimsir” 2,520 bliain. Má chomhaireann muid 2,520 bliain ón mbliain 607 RCR, tagann muid go dtí an bhliain 1914. Sin í an bhliain ar cheap Iehova Íosa, an Meisias, mar Rí ar Ríocht Dé ar neamh.
Cá as a dtagann an uimhir 2,520? Deir an Bíobla gur ionann trí thráth go leith agus 1,260 lá. (Apacailipsis 12:6, 14) Mar sin tá “seacht n-aimsir (nó, seacht dtráth)” a dhá oiread sin, is é sin 2,520 lá. Mar gheall ar an riail a bhaineann le tairngreachtaí—go “seasóidh gach lá do bhliain”—is ionann an 2,520 lá agus 2,520 bliain.—Uimhreacha 14:34; Eizicéil 4:6.
23 MÍCHEÁL AN tARDAINGEAL
Ní luann an Bíobla ach ardaingeal amháin. Mícheál an t-ainm atá air.—Dainéil 12:1; Iúd 9.
Is é Mícheál atá i gceannas ar aingil dhílse Dé. Deir Apacailipsis 12:7: “Níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan . . . agus a chuid aingeal.” Tá sé ráite i leabhar an Apacailipsis go bhfuil Íosa i gceannas ar “shluaite neimhe,” mar sin is ainm eile ar Íosa é Mícheál.—Apacailipsis 19:14-16.
24 NA LAETHANTA DEIREANACHA
Cuireann an Bíobla síos ar an tréimhse ama díreach sula scriosfadh Ríocht Dé domhan Shátain, ar a dtugann sé “na laethanta deireanacha.” Bhí eachtraí móra le tarlú i rith an ama seo. Úsáidtear ‘deireadh an tsaoil’ agus “téarnamh Mhac an Duine” chun an tréimhse ama céanna a chur in iúl. (Matha 24:3, 27, 37) Cuireadh tús leis na “laethanta deireanacha” nuair a thosaigh Ríocht Dé ag rialú ó neamh i 1914. Beidh deireadh leo nuair a scriosfar domhan Shátain ag Harmagadón.—2 Tiomóid 3:1; 2 Peadar 3:3.
25 AN tAISÉIRÍ
Luaitear naoi n-aiséirí sa mBíobla. Thóg Éilias, Eilíseá, Íosa, Peadar agus Pól daoine ó na mairbh, le cumhacht Dé. Geallann Iehova go mbeidh aiséirí chun na talún ag an “dea-dhuine agus . . . an drochdhuine araon.” (Gníomhartha 24:15) Cuireann an Bíobla síos ar aiséirí chun na bhflaitheas freisin. Tarlóidh sé seo nuair a thógfar iad siúd atá ungtha, nó roghnaithe ag Dia, ó na mairbh chun maireachtáil ar neamh in éineacht le hÍosa.—Eoin 5:28, 29; 11:25; Filipigh 3:11; Apacailipsis 20:5, 6.
26 DEAMHNACHT (SPIORADACHAS)
Baineann deamhnacht nó spioradachas le bheith ag dul i dteagmháil le spioraid. Déanann daoine é seo mar go gcreideann siad an teagasc bréagach go maireann spiorad an duine tar éis a bháis agus go mbíonn sé ina thaibhse chumhachtach. Déanann na deamhain iarracht dul i gcion ar dhaoine ionas go mbeidh siad easumhal do Dhia. Baineann fáistineacht, draíocht, piseoga agus an t-osnádúr le deamhnacht. Tá spioradachas chomh forleathan inniu i leabhair, irisí, scannáin, póstaeir agus amhráin go gceapann daoine nach bhfuil dochar ar bith ann. Bíonn spioradachas ag baint le deasghnátha a bhíonn ag cultúir éagsúla maidir le tórraimh agus sochraidí. Is minic a úsáideann daoine drugaí agus iad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis na deamhain.—Galataigh 5:20; Apacailipsis 21:8.
▸ Caib. 10, alt 10; Caib. 16, alt 4
27 FLAITHEAS IEHOVA
Is é Iehova an Dia Uilechumhachtach, agus chruthaigh sé gach uile ní. (Apacailipsis 15:3) Dá bhrí sin is é Iehova Úinéir gach uile ní agus tá flaitheas nó údarás iomlán aige rialú ar a chruthaíocht. (Salm 24:1; Íseáia 40:21-23; Apacailipsis 4:11) Tá dlíthe curtha i bhfeidhm aige do gach ní a chruthaigh sé. Tá an t-údarás ag Iehova freisin, rialtóirí eile a cheapadh. Tugann muid tacaíocht d’fhlaitheas Iehova nuair a bhíonn muid umhal dó.—1 Croinicí 29:11.
28 GINMHILLEADH
Ciallaíonn ginmhilleadh deireadh a chur in aon turas le saol linbh sa mbroinn. Mar sin, níl sé ag cur síos ar bhás linbh sa mbroinn de bharr timpiste, nó de bharr fadhbanna sláinte. Ní féidir a rá nach bhfuil sa leanbh sa mbroinn ach páirt eile de cholainn na máthar. Ón nóiméad a ghintear é is duine eile ar fad é.
29 FUILAISTRIÚ
Is cóir leighis é fuilaistriú ina n-aistrítear fuil, nó ceann dá ceithre phríomhchuid, ó dhuine nó ó fhuil atá stóráilte, go dtí duine eile. Is plasma, fuilchealla deirge, fuilchealla bána, agus pláitíní a thugtar ar na ceithre phríomhchuid den fhuil.
30 SMACHT
Ní hionann an focal “smacht” sa mBíobla agus pionós. Nuair a smachtaítear muid, faigheann muid treoir, oiliúint agus ceartú. Nuair a smachtaíonn Iehova muid ní bhíonn sé maslach ná cruálach riamh. (Seanfhocail 4:1, 2) Is dea-shampla é Iehova do thuismitheoirí. Bíonn smacht Iehova chomh héifeachtach sin go bhfáiltíonn daoine roimhe. (Seanfhocail 12:1) Tá grá ag Iehova dá shearbhóntaí agus cuireann sé oiliúint orthu. Tugann sé treoir dóibh a chabhraíonn leo a meon a mhúnlú agus iad féin a iompar ar bhealach atá sásúil dósan. Nuair a smachtaíonn tuismitheoirí a bpáistí, cabhraíonn siad leo tuiscint a fháil ar an gcúis ar cheart dóibh a bheith umhal. Ciallaíonn sé freisin go múineann siad dóibh le grá a bheith acu d’Iehova agus dá Bhriathar, agus le prionsabail an Bhíobla a thuiscint.
31 NA DEAMHAIN
Is drochspioraid dofheicthe iad na deamhain atá an-chumhachtach. B’aingil iad a rinne naimhde Dé díobh féin nuair a bhí siad easumhal dó. (Geineasas 6:2; Iúd 6) Thaobhaigh siad le Sátan san éirí amach in aghaidh Iehova.—Deotranaimí 32:17; Lúcás 8:30; Gníomhartha 16:16; Séamas 2:19.