Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 12 leathanaigh 26-27
  • Bhí Misneach ag Nia Phóil

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Misneach ag Nia Phóil
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • “Éistigí Lena Bhfuil le rá Agam Chun mo Chosanta”
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • “Níl mé “Freagrach i bhFuil Aon Duine Riamh Agaibh”
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • “Ag Tabhairt Fianaise Chuimsitheach i dTaobh Ríocht Dé” (nwt)
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Fear Misniúil
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 12 leathanaigh 26-27
Nia Phóil ag labhairt leis an gceannasaí airm

CEACHT 12

Bhí Misneach ag Nia Phóil

Cuirimis aithne ar fhear óg a shábháil a uncail ón mbás. Ba é an t-aspal Pól uncail an fhir óig seo. Cé nach bhfuil a fhios againn a ainm, tá a fhios againn go ndearna sé gníomh misniúil. Ar mhaith leat a fháil amach céard a rinne sé?—

Bhí Pól sa phríosún in Iarúsailéim. Gabhadh é de bharr a bheith ag craobhscaoileadh faoi Íosa. Bhí drochfhir ann a raibh an ghráin acu ar Phól agus rinne siad plean eatarthu féin é a mharú. Dúirt siad: ‘Iarrfaimid ar cheannasaí an airm ordú a thabhairt dá shaighdiúirí Pól a thabhairt chun cúirte. Beimidne i bhfolach le taobh an bhóthair, agus nuair a thiocfaidh Pól thar bráid, maróimid é!’

Pól ag fáil scéala óna Nia le linn dó a bheith i bpríosún

D’inis nia Phóil do Phól agus don cheannasaí airm faoin bplean marfach

Chuala nia Phóil faoin bplean seo. Céard a dhéanfadh sé? Chuaigh sé go dtí an príosún agus d’inis sé an scéal do Phól. Lom láithreach, dúirt Pól leis insint do cheannasaí an airm faoin bplean marfach seo. Meas tú an raibh sé éasca ag nia Phóil labhairt leis an gceannasaí?— Ní raibh, mar ba dhuine mór le rá é an ceannasaí. Ach bhí misneach ag nia Phóil agus d’inis sé an scéal dó.

Bhí a fhios ag an gceannasaí go díreach céard a bhí le déanamh aige. Chuir sé arm de bheagnach 500 saighdiúir chun Pól a chosaint. Dúirt sé leo Pól a thabhairt go Céasaráia an oíche sin. Ar tháinig Pól slán?— Tháinig. Ní raibh na drochfhir in ann é a ionsaí! Chlis an plean marfach.

Céard atá le foghlaim agatsa ón scéal seo?— Is féidir leatsa freisin a bheith misniúil cosúil le nia Phóil. Teastaíonn misneach uainn le labhairt le daoine faoi Iehova. An mbeidh sé de mhisneach agatsa leanúint ort ag labhairt le daoine faoi Iehova?— Má bhíonn b’fhéidir go dtabharfá duine éigin slán.

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Gníomhartha 23:12-24

  • Matha 24:14; 28:18-20

  • 1 Tiomóid 4:16

CEISTEANNA:

  • Céard a bhí drochfhir ag iarraidh a dhéanamh le Pól?

  • Céard a rinne nia Phóil? Cén fáth ar theastaigh misneach uaidh?

  • Cén chaoi ar féidir leatsa a bheith misniúil cosúil le nia Phóil?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn