Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 82 lth. 192-lth. 193 alt 2
  • Múineann Íosa dá Chuid Deisceabail le Guí

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Múineann Íosa dá Chuid Deisceabail le Guí
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ag Guí Chun Dé
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Teann Isteach le Dia Trína Bheith Ag Guí
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Ag Cothú Dlúthchairdis le Dia trí Ghuí
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • An nÉisteann Iehova Linne?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 82 lth. 192-lth. 193 alt 2
Fairisíneach ag guí in áit phoiblí agus daoine ina seasamh ag féachaint air

CEACHT 82

Múineann Íosa dá Chuid Deisceabail le Guí

Gach a ndearna na Fairisínigh, rinne siad é chun moladh a fháil ó dhaoine. Nuair a rinne siad dea-ghníomh, rinne siad cinnte go dtabharfadh daoine faoi deara é. Bhídís ag guí in áiteanna poiblí ionas go bhfeicfeadh gach duine iad. D’fhoghlaim na Fairisínigh paidreacha fada de ghlanmheabhair, agus bhídís ag déanamh athrá orthu sna sionagóga agus ar choirnéil na sráideanna, ionas go mbeadh daoine in ann iad a chloisteáil. Mar sin rinne na daoine iontas de nuair a dúirt Íosa leo: ‘Ná déanaigí guí mar a dhéanann na Fairisínigh. Ceapann siad go n-éistfidh Dia leo má bhíonn siad de shíor ag athrá na rudaí céanna, ach ní éistfidh. Is idir tú féin agus Iehova amháin atá do phaidreacha. Ná bígí ag rá na rudaí céanna arís agus arís eile. Tá Iehova ag iarraidh ort do chroí a nochtadh dó.

Buachaill beag ar a ghlúine ag guí

‘Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: “Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm; go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.”’ Chomh maith leis sin dúirt Íosa leo guí go mbeadh a ndóthain le hithe acu le haghaidh an lae, go mbeadh maithiúnas acu ina gcuid peacaí, agus ar son rudaí pearsanta eile.

Dúirt Íosa: ‘Ná stopaigí ag guí choíche. Coinnígí oraibh ag iarraidh rudaí maithe ar bhur nAthair, Iehova. Tá gach tuismitheoir ag iarraidh rudaí maithe a thabhairt dá pháiste. Má iarrann do mhac arán ort, an dtabharfaidh tú cloch dó? Má iarrann sé iasc ort, an dtabharfaidh tú nathair nimhe dó?’

Ansin mhínigh Íosa an ceacht, ag rá: ‘Má tá a fhios agaibhse le nithe maithe a thabhairt do bhur bpáistí, nach mó go mór a thabharfaidh bhur nAthair, Iehova, an spiorad naomh daoibhse. Níl oraibh ach é a iarraidh.’ An leanann tusa comhairle Íosa? Cén sórt rudaí a nguíonn tú ar a son?

“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.”—Matha 7:7

Ceisteanna: Céard a dúirt Íosa nuair a bhí sé ag múineadh dá dheisceabail le guí? An nguíonn tusa faoi na rudaí atá gar do do chroí?

Matha 6:2-18; 7:7-11; Lúcás 11:13

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn