CEACHT 27
Cén Chaoi a Sábhálann Bás Íosa Muid?
Tá an peaca, an fhulaingt agus an bás againn de bhrí go raibh Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia.a Ach níl muid fágtha gan dóchas. Tá an bealach curtha ar fáil ag Iehova chun muid a shaoradh ó mhallacht an bháis agus an pheaca. Múineann an Bíobla gur chuir Íosa éiric ar fáil dúinn trína bhás. Is í an éiric an praghas a íoctar chun duine a scaoileadh saor. D’íoc Íosa an éiric lena bheatha fhoirfe. (Léigh Matha 20:28.) Nuair a thug Íosa suas an ceart a bhí aige maireachtáil go deo ar an talamh, chuir sé an deis ar fáil dúinn chun gach ar chaill Ádhamh agus Éabha a fháil ar ais. Léirigh Íosa agus Iehova méid a ngrá dúinn. Cuirfidh an ceacht seo le do mheas ar bhás Íosa.
1. Cén tairbhe atá i mbás Íosa dúinn inniu?
De bhrí go bhfuil muid neamhfhoirfe, déanann muid go leor rudaí nach dtaitníonn le hIehova. Ach, má tá aiféala orainn faoinár bpeacaí agus maithiúnas a iarraidh ar Iehova in ainm Íosa agus ár ndícheall a dhéanamh gan an rud céanna a dhéanamh arís, is féidir linn caidreamh pearsanta a bheith againn le Dia. (1 Eoin 2:1) Deir an Bíobla: “Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé.”—1 Peadar 3:18.
2. Cén chaoi a gcabhróidh bás Íosa linn sa todhchaí?
Chuir Iehova Íosa uaidh chun a shaol foirfe a thabhairt ar ár son “i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.” (Eoin 3:16) Ní fada go gcuirfidh Iehova deireadh leis na drochrudaí ar fad atá ag tarlú de bharr easumhlaíocht Ádhaimh, a bhuíochas sin d’Íosa. Mar má léiríonn muid creideamh in éiric Íosa Críost, beidh an deis againn maireachtáil go deo i bparthas ar talamh!—Íseáia 65:21-23.
DÉAN TAIGHDE
Foghlaim faoin gcúis ar thug Íosa suas a bheatha agus an tairbhe atá ann duitse.
3. Saothraíonn bás Íosa ón bpeaca agus ón mbás sinn
Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
Cén deis ar chaill Ádhamh nuair a bhí sé easumhal do Dhia?
Léigh Rómhánaigh 5:12, ansin plé an cheist a leanann:
Cén tionchar atá ag bás Ádhaimh ar do shaolsa?
Léigh Eoin 3:16, ansin plé an cheist seo a leanann:
Cén fáth ar chuir Iehova a Mhac chun na talún?
Fear foirfe a bhí in Ádhamh ach bhí sé easumhal do Dhia agus thug sé an peaca agus an bás isteach sa saol
Fear foirfe a bhí in Íosa a bhí umhal do Dhia agus chuir sé an deis maireachtáil go deo ar fáil do dhaoine
4. Tá tairbhe i mbás Íosa do chuile dhuine
Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
Cén chaoi a bhféadfadh chuile dhuine tairbhe a bhaint as bás aon fhear amháin?
Léigh 1 Tiomóid 2:5, 6, ansin plé an cheist a leanann:
Fear foirfe a bhí in Ádhamh a d’fhág an peaca agus an bás mar oidhreacht ag an gcine daonna. Fear foirfe a bhí in Íosa freisin. Cén chaoi a raibh an luach céanna ar éiric Íosa is a bhí ar an mbeatha a chaill Ádhamh?
5. Is bronntanas ó Iehova í an éiric
Is bronntanas pearsanta í an éiric do chairde Iehova. Mar shampla léigh Galataigh 2:20, ansin plé an cheist a leanann:
Cén chaoi ar léirigh an t-aspal Pól gur bronntanas pearsanta í an éiric?
Nuair a pheacaigh Ádhamh, daoradh é féin agus a shliocht chun báis. Ach chuir Iehova a mhac uaidh chun bás a fháil ionas go mbeadh an deis agat maireachtáil go deo.
Agus tú ag léamh na véarsaí a leanann, déan machnamh ar an gcaoi ar mhothaigh Iehova faoi fhulaingt a mhic. Léigh Eoin 19:1-7, 16-18, ansin plé an cheist a leanann:
Cén chaoi a mothaíonn tú faoin méid a rinne Iehova agus Íosa ar do shon?
FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Cén chaoi a bhféadfadh fear amháin bás a fháil ar son chuile dhuine?”
Cén freagra a thabharfá?
ACHOIMRE
Cuireann bás Íosa gach a dteastaíonn ar fáil d’Iehova chun ár bpeacaí a mhaitheamh agus tugann sé deis dúinn maireachtáil go deo.
Súil Siar
Cén fáth a bhfuair Íosa bás?
Cén fáth arbh ionann luach éiric Íosa agus an bheatha a chaill Ádhamh?
Cén tairbhe atá i mbás Íosa duitse?
FIOSRAIGH
Faigh amach faoin gcúis a dtugtar éiric ar bheatha fhoirfe Íosa.
“Cén Chaoi ar Thug Íosa a Anam ‘Mar Cheannach ar Mhórán’?” (Alt ar líne)
Cén chaoi le teacht slán ón bpeaca agus ón mbás?
An féidir le hIehova peacaí tromchúiseacha a mhaitheamh?
“Bible Questions Answered” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2013)
Féach mar a chabhraigh éiric Íosa le fear a phearsantacht a athrú.
a Tá níos mó i gceist le peaca ná drochrud a dhéanamh. Tagraíonn sé freisin den oidhreacht a fuair muid.