Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Céard í Ríocht Dé?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
    • Ceacht 31. Íosa Críost ina rí sna flaithis.

      CEACHT 31

      Céard í Ríocht Dé?

      Is í Ríocht Dé príomhthéama an Bhíobla. Úsáidfidh Iehova an Ríocht sin chun parthas a dhéanamh den talamh. Céard í an Ríocht? Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil sí ag rialú anois? Céard atá baint amach aici cheana féin? Agus céard a dhéanfaidh sí amach anseo? Pléifidh an ceacht seo agus an chéad dá cheacht eile na ceisteanna sin.

      1. Céard í Ríocht Dé, agus cén Rí atá uirthi?

      Is rialtas ó Dhia í Ríocht Dé. Tá Íosa mar Rí uirthi, ag rialú ó na flaithis. (Matha 4:17; Eoin 18:36) Deir an Bíobla faoi Íosa: “Beidh sé ina Rí . . . go brách.” (Lúcás 1:32, 33) Mar Rí ar Ríocht Dé, beidh an cine daonna ar fad faoi cheannas Íosa.

      2. Cé a bheidh ag rialú le hÍosa?

      Ní bheidh Íosa ag rialú ina aonar. Deir an Bíobla go mbeidh daoine as gach náisiún ag rialú leis: “Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.” (Apacailipsis 20:4, 6) Cé mhéad duine a bheidh ag rialú le Críost? Tá na milliúin lucht leanúna ag Íosa ón am a bhí sé ar an talamh. Ní bheidh ach 144,000 acu ag rialú leis sna flaithis. (Léigh Apacailipsis 14:1-4.) Is saoránaigh de chuid na Ríochta a bheidh sna Críostaithe eile a mhairfidh ar talamh.—Salm 37:29.

      3. Cén fáth gur fearr Ríocht Dé ná aon rialtas daonna?

      Fiú nuair atá sé de rún ag rialtóirí daonna rudaí maithe a dhéanamh, níl sé de chumhacht acu iad a dhéanamh. Sa deireadh tagann rialtóir eile ina n-áit, agus b’fhéidir nach ar son leasa na saoránaigh a bheidís. Ach ní thiocfaidh aon duine in áit rialtóir Ríocht Dé, Íosa Críost. Mar chuir Dia “ríocht ar bun nach scriosfar choíche.” (Dainéil 2:44) Beidh an domhan ar fad faoi cheannas Íosa, agus ní bheidh sé claonta. Tá sé grámhar, cineálta, agus cóir, agus múinfidh sé do dhaoine le déanamh amhlaidh.—Léigh Íseáia 11:9.

      DÉAN TAIGHDE

      Plé na cúiseanna gur fearr Ríocht Dé ná aon rialtas daonna.

      Íosa Críost ag rialú an talamh óna ríchathaoir sna flaithis. A chomhrialtóirí ag suí taobh thiar dó. Iehova ag lonrú go glórmhar taobh thiar dóibh.

      4. Rialóidh rialtas cumhachtach an talamh ar fad

      Tá níos mó údarás ag Íosa ná mar a bhí ag aon rialtóir riamh. Léigh Matha 28:18, agus plé an cheist:

      • Cén chaoi a bhfuil údarás Íosa níos fearr ná aon rialtóir daonna?

      Athraíonn rialtais dhaonna go minic, agus ní rialaíonn siad ach dúiche ar leith. Céard faoi Ríocht Dé? Léigh Dainéil 7:14, agus plé na ceisteanna a leanann:

      • Cén fáth gur maith an rud é ‘nach scriosfar Ríocht Dé’?

      • Cén fáth gur maith an rud é go mbeidh sé ag rialú an domhain go léir?

      5. Deireadh le rialtais dhaonna

      Cén fáth a gcaithfidh Ríocht Dé a theacht in áit rialtais dhaonna? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

      FÍSEÁN: Céard í Ríocht Dé?—Blaisín (1:41)

      • Céard atá againn de bharr rialtais dhaonna?

      Léigh Cóheilit 8:9, ansin plé na ceisteanna a leanann:

      • An gceapann tú gur cheart go dtiocfaidh Ríocht Dé in áit rialtais dhaonna? Cén fáth?

      6. Tuigeann rialtóirí Ríocht Dé muid

      Tuigeann Íosa ár laigí de bhrí gur mhair sé ar an talamh. (Eabhraigh 4:15) Roghnaigh Iehova 144,000 duine dílis “as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine” chun rialú le hÍosa.—Apacailipsis 5:9.

      • An dtugann sé misneach duit go dtuigeann Íosa, agus a chomhrialtóirí, saol an duine daonna? Cén fáth?

      Fir agus mná ungtha as gach cúlra agus gach ré.

      Roghnaigh Iehova fir agus mná as gach cúlra le rialú le hÍosa

      7. Tá dlíthe Ríocht Dé níos fearr

      Leagann rialtais síos dlíthe chun cosaint agus leasa a gcuid saoránaigh. Tá dlíthe freisin ag Ríocht Dé a chaithfear a leanúint. Léigh 1 Corantaigh 6:9-11, ansin plé na ceisteanna a leanann:

      • Cén chaoi a mbeidh an domhan nuair a leanann gach duine rialacha Dé maidir le hiompar?a

      • An gceapann tú go bhfuil sé réasúnach go mbeadh Iehova ag súil go mbeadh meas ag saoránaigh na Ríochta ar na rialacha seo? Cén fáth?

      • Céard a léiríonn go bhfuil daoine nach leanann na dlíthe seo in ann athrú?—Féach véarsa 11.

      Póilín ag stopadh tráchta ar bhóthar gnóthach. Daoine ag siúl trasna na sráide.

      Tá dlíthe ag rialtais a théann chun leasa a saoránaigh agus a chosnaíonn iad, ach tá dlíthe Ríocht Dé i bhfad níos fearr ná iad

      DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Céard í Ríocht Dé?”

      • Cén chaoi a bhfreagrófá?

      ACHOIMRE

      Is rialtas sna flaithis í Ríocht Dé a bheidh ag rialú an domhain go léir.

      Súil Siar

      • Cé hiad rialtóirí Ríocht Dé?

      • Cén chaoi a bhfuil Ríocht Dé níos fearr ná aon rialtas daonna?

      • Céard atá Iehova ag súil leis ó shaoránaigh na Ríochta?

      Sprioc

      FIOSRAIGH

      Plé an méid a mhúin Íosa faoin áit a bhfuil an Ríocht lonnaithe.

      “An Bhfuil Ríocht Dé i do Chroí?” (Alt ar líne)

      Cén fáth a roghnaíonn Finnéithe Iehova a bheith dílis do Ríocht Dé seachas rialtais dhaonna?

      Devoted to God’s Kingdom (1:43)

      Plé an méid a insíonn an Bíobla dúinn faoin 144,000 comhrialtóir a roghnaigh Iehova.

      “Cé a Théann go dtí na Flaithis?” (Alt ar líne)

      Céard a chuir ina luí ar bhean a bhí i bpríosún gur é Dia amháin atá in ann an domhan a chuir ina cheart?

      “How I Found the Answer to Injustice” (Awake!, Samhain 2011)

      a Pléifear cuid de na rialacha seo i gCuid 3.

  • Tá Ríocht Dé i Réim!
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
    • Ceacht 32. Íosa Críost le ríshlat agus é ag rialú an domhain.

      CEACHT 32

      Tá Ríocht Dé i Réim!

      Thosaigh Ríocht Dé ag rialú sna flaithis sa mbliain 1914. Cuireadh tús le laethanta deireanacha na rialtais dhaonna an bhliain sin. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn é sin? Déan machnamh ar thairngreachtaí an Bhíobla agus na rudaí atá ag tarlú ar an domhan ó 1914 i leith.

      1. Céard a thuar an Bíobla?

      Thug an Bíobla le fios i leabhar Dhainéil go dtosódh Ríocht Dé ag rialú ag deireadh an tréimhse ar a dtugtar na “seacht n-aimsir.” (Dainéil 4:13, 14 [4:16, 17 i mBíoblaí eile]) Na céadta bliain ina dhiaidh sin, thug Íosa “aimsirí na ngintlithe” ar an tréimhse chéanna ama agus dúirt sé nach raibh deireadh leis an tréimhse sin fós. (Lúcás 21:24) Ach tháinig deireadh leis na seacht n-aimsir i 1914.

      2. Céard atá ag tarlú ar an domhan ó 1914 i leith?

      D’fhiafraigh a dheisceabail d’Íosa: “cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa [nó láithreacht] agus ar dheireadh an tsaoil?” (Matha 24:3) Thuar Íosa go dtarlódh go leor rudaí nuair a thosódh sé ag rialú mar Rí ar Ríocht Dé. Dúirt sé go mbeadh cogaí, gortaí agus creathanna talún ann. (Léigh Matha 24:7.) Thuar an Bíobla go mbeadh an “saol guaisiúil” nó deacair déileáil leis “sna laethanta deireanacha.” (2 Tiomóid 3:1-5) Tá na rudaí seo ag tarlú go mór mór ó 1914.

      3. Cén fáth a bhfuil an domhan imigh in olcas ó thosaigh Ríocht Dé ag rialú?

      Nuair a rinneadh Rí ar Ríocht Dé d’Íosa, chuir sé cogadh ar Shátan agus na deamhain sna flaithis. Bhuaigh Íosa an cogadh sin. Deir an Bíobla gur “teilgeadh chun na talún é (Sátan), agus teilgeadh a aingil mar aon leis.” (Apacailipsis 12:9, 10, 12) Tá olc ar Shátan mar tá a fhios aige go scriosfar é. Is é is cúis leis an bpian agus an fhulaingt. Ní aon iontas é go bhfuil an saol chomh dona! Cuirfidh Ríocht Dé deireadh le fadhbanna an tsaoil.

      DÉAN TAIGHDE

      Scrúdaigh an chaoi a bhfuil a fhios againn gur thosaigh Ríocht Dé ag rialú i 1914, agus a thionchar sin orainne.

      4. Is bliain shuntasach í 1914

      Seinn an FÍSEÁN.

      FÍSEÁN: God’s Kingdom Began Ruling in 1914 (5:02)

      Ba é Dia ba chúis leis an mbrionglóid a bhí ag Rí Nabúcadnazar. Léiríonn an bhrionglóid sin agus an míniú a thug Dainéil air, go mbaineann sé le tiarnas Nabúcadnazar agus le Ríocht Dé.—Léigh Dainéil 4:14a (4:17 i mBíoblaí eile).

      Léigh Dainéil 4:17-23 (4:20-26 i mBíoblaí eile), ansin ag úsáid an chairt aimsigh freagraí na gceisteanna seo a leanann:

      • (A) Céard a chonaic Nabúcadnazar ina bhrionglóid?—Féach ar véarsaí 17 agus 18.

      • (B) Céard a tharlódh don chrann?—Féach ar véarsa 20.

      • (C) Céard a tharlódh ag deireadh na seacht n-aimsir?—Féach ar véarsa 23.

      Brionglóid An Chrainn Agus Ríocht Dé

      AN TAIRNGREACHT (Dainéil 4:17-33 [4:20-36 i mBíoblaí eile])

      Tiarnas

      (A) Crann Mór

      Crann mór ard.

      Cuireadh isteach ar an Tiarnas

      (B) “Gearraigí anuas an crann . . . agus téadh seacht n-aimsir thairis”

      Banda iarainn agus banda copair thimpeall ar stumpa an chrainn.

      Tiarnas i réim arís

      (C) “Seasfaidh do ríocht duit” arís

      Crann mór ard.

      An chéad chomhlíonadh a bhí ag an tairngreacht . . .

      • (D) Cé dó ar sheas an crann?—Féach ar véarsa 19.

      • (E) Cén chaoi ar cuireadh isteach ar a thiarnas?—Léigh Dainéil 4:26-30 (4:29-33 i mBíoblaí eile).

      • (F) Céard a tharla do Nabúcadnazar ag deireadh na seacht n-aimsire?—Léigh Dainéil 4:31-33 (4:34-36 i mBíoblaí eile).

      AN CHÉAD CHOMHLÍONADH

      Tiarnas

      (D) Nabúcadnazar, Rí na Bablóine

      Rí Nabúcadnazar ina sheasamh go bródúil.

      Cuireadh isteach ar an Tiarnas

      (E) Tar éis 606 RCR, chaill Nabúcadnazar a mheabhair agus ní raibh sé in ann rialú ar feadh seacht mbliana

      Nabúcadnazar ina luí ar an talamh ag ithe féir mar a dhéanfadh ainmhí.

      Tiarnas i réim arís

      (F) Tagann a mheabhair ar ais ag Nabúcadnazar agus tosaíonn sé ag rialú arís

      Rí Nabúcadnazar agus a dhá láimh san aer aige ag breathnú chun na bhflaitheas.

      Sa dara comhlíonadh a bhí ag an tairngreacht . . .

      • (G) Cé dó a sheasann an crann?—Léigh 1 Croinicí 29:23.

      • (H) Cén chaoi ar cuireadh isteach ar a dtiarnas? Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach raibh siad ag rialú nuair a bhí Íosa ar an talamh?—Léigh Lúcás 21:24.

      • (I) Cén uair agus cén áit ar cuireadh an tiarnas seo i réim arís?

      AN DARA COMHLÍONADH

      Tiarnas

      (G) Ríthe Iosrael a rinne ionadaíocht ar thiarnas Dé

      Ríthe Iosrael ina suí ar ríchathaoireacha. Ga gréine ag scaladh orthu.

      Cuireadh isteach ar an Tiarnas

      (H) Tá Iarúsailéim scriosta, rud a chuireann isteach ar líne ríthe Iosrael ar feadh 2,520 bliain

      Tine ag scriosadh Iarúsailéim. Ansin, téann 2,520 bliain thart.

      Tiarnas i réim arís

      (I) Tosaíonn Íosa ag rialú ar neamh mar Rí ar Ríocht Dé

      Íosa ag rialú an domhain óna ríchathaoir ar neamh ó 1914 CR. Ga gréine ag scaladh uaidh.

      Cén fhad atá sna seacht n-aimsir?

      Cabhraíonn scrioptúr amháin linn le scrioptúr eile a thuiscint. Mar shampla, tá sé ráite i leabhar Apacailipsis gur ionann trí aimsir go leith agus 1,260 lá. (Apacailipsis 12:6, 14) Má dhúblaíonn muid an uimhir sin gheobhaidh muid seacht n-aimsir nó 2,520 lá. Uaireanta seasann lá de bhliain sa mBíobla. (Eizicéil 4:6) Dá réir sin is ionann na seacht n-aimsir atá luaite i leabhar Dhainéil agus 2,520 bliain.

      5. Tá an domhan athraithe ó 1914

      Seinn an FÍSEÁN.

      FÍSEÁN: The World Has Changed Since 1914 (1:10)

      Rinne Íosa cur síos ar an drochbhail a bheadh ar an domhan nuair a dhéanfaí Rí dó. Léigh Lúcás 21:9-11, ansin plé an cheist seo:

      • Cé acu de na rudaí seo atá feicthe agatsa?

      Chuir an t-aspal Pól síos ar na tréithe a bheadh ag daoine le linn na laethanta deireanach de rialtais dhaonna. Léigh 2 Tiomóid 3:1-5, ansin plé an cheist a leanann:

      • Cé acu de na tréithe seo atá feicthe agatsa inniu?

      Colláis: Radhairc de na drochrudaí atá ag tarlú ar an domhan sna laethanta deireanacha. 1. Tugann ceannaire míleata óráid. 2. Foirgneamh atá scriosta de bharr crith talún 3. Eitleáin mhíleata. 4. Slua ag caitheamh maisc taobh amuigh. 5. Na Twin Towers trí thine de bharr ionsaithe sceimhlitheoireachta. 6. Fear ag úsáid drugaí. 7. Fear céile ag achrann lena bhean. 8. Buidéal alcóil agus drugaí. 9. Beirt bhan atá ag caitheamh éadaigh agus seoda galánta agus ag tógáil pictiúir dóibh féin. 10. Slua ag ceolchoirm. 11. Duine ag caitheamh buama.

      6. Ba cheart go spreagfadh riail Ríocht Dé muid

      Léigh Matha 24:3, 14, ansin plé na ceisteanna a leanann:

      • Cén obair thábhachtach a léiríonn go bhfuil Ríocht Dé i réim anois?

      • Cén chaoi ar féidir leat a bheith páirteach san obair seo?

      Tá Ríocht Dé i réim anois, agus is gearr go mbeidh sí ag rialú an domhan go léir. Léigh Eabhraigh 10:24, 25, ansin plé an cheist a leanann:

      • Céard ar cheart dúinn a dhéanamh nuair a fheiceann muid “lá an Tiarna ag druidim linn”?

      Colláis: 1. Freastalaíonn mac léinn Bíobla ar cheann de chruinnithe Fhinnéithe Iehova. 2. An duine céanna ag craobhscaoileadh do dhuine aitheantais.

      Má d’fhoghlaim tú rud éigin a chabhródh chun duine a shábháil, céard a dhéanfá?

      FIAFRAÍONN DAOINE: “Cén fáth a mbíonn Finnéithe Iehova ag caint ar 1914?”

      • Céard a déarfá?

      ACHOIMRE

      Cruthaíonn tairngreachtaí, cróineolaíocht an Bhíobla agus na rudaí atá ag tarlú go bhfuil Ríocht Dé ag rialú anois. Léiríonn muid ár gcreideamh trí chraobhscaoileadh agus freastal ar chruinnithe.

      Súil Siar

      • Céard a tharla ag deireadh na seacht n-aimsir?

      • Cén chaoi a bhfuil a fhios agat gur thosaigh Ríocht Dé ag rialú i 1914?

      • Cén chaoi a léiríonn tú go gcreideann tú go bhfuil an Ríocht i réim anois?

      Sprioc

      FIOSRAIGH

      Léigh faoin méid a deir staraithe agus daoine eile faoi na hathruithe a tharla ar an domhan ó 1914 i leith.

      “When Morals Declined Dramatically” (Awake!, Aibreán 2007)

      Léigh faoin gcaoi a ndeachaigh an tairngreacht i Matha 24:14 i bhfeidhm ar fhear.

      “I Loved Baseball More Than Anything!” (The Watchtower Uimh. 3 2017)

      Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbaineann an tairngreacht atá i Dainéil caibidil 4 le Ríocht Dé?

      “When Did God’s Kingdom Begin Ruling? (Part 1)” (The Watchtower, 1 Deireadh Fómhair, 2014)

      Céard a thugann le fios gur tháinig deireadh leis na “seacht n-aimsir” a luaitear i leabhar Dainéil caibidil 4 i 1914?

      “When Did God’s Kingdom Begin Ruling? (Part 2)” (The Watchtower,1 Samhain, 2014)

      a Féach ar an dá alt deireadh atá faoin bhfotheideal Fiosraigh sa gceacht seo.

  • An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
    • Ceacht 33. Daoine ina gcónaí i bparthas ar talamh.

      CEACHT 33

      An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach

      Tá Ríocht Dé i réim cheana féin. Is gearr go ndéanfaidh sí athruithe móra ar an domhan. Déanfaidh muid plé anois ar na rudaí iontacha ar féidir leat a bheith ag tnúth leo faoi Ríocht Dé.

      1. Cén chaoi a gcuirfidh Ríocht Dé an tsíocháin agus an chóir i réim arís?

      Scriosfaidh Íosa rialtais agus drochdhaoine ag cogadh Harmagadón. (Apacailipsis 16:14, 16) Ag an am sin, comhlíonfar an gealltanas seo: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine. Féach a ionad! Ní ann dó feasta.” (Salm 37:10) Ag úsáid Ríocht Dé, déanfaidh Íosa cinnte go mbeidh an tsíocháin agus an chóir i réim ar an talamh.—Léigh Íseáia 11:4.

      2. Cén chaoi a mbeidh an saol nuair a dhéanfar toil Dé ar an talamh?

      Faoi réimeas Ríocht Dé, “tiocfaidh na fíréin in oidhreacht na talaimh agus mairfidh siad ann go brách.” (Salm 37:29) Samhlaigh maireachtáil ag am ina mbeidh an domhan lán de dhaoine maithe, grá ag cách d’Iehova agus dá chéile, agus chuile dhuine in ann maireachtáil go deo i mbarr na sláinte.

      3. Céard a bhainfidh Ríocht Dé amach?

      Rialóidh Íosa mar Rí ar feadh 1,000 bliain tar éis dó na drochdhaoine a scrios. Cabhróidh sé féin agus a 144,000 comhrialtóirí an cine daonna a thabhairt chun foirfeachta. Ag deireadh an ama sin, beidh an domhan ina pharthas agus beidh chuile dhuine sona sásta ag baint tairbhe as a n-umhlaíocht de dhlíthe Iehova. Ansin tabharfaidh Íosa an ríocht dá Athair, Iehova. Agus ‘naomhófar ainm’ Iehova ar bhealach nár rinneadh riamh cheana. (Matha 6:9, 10) Beidh sé cruthaithe ansin gur Rialtóir maith é Iehova. Cuirfidh Iehova deireadh le Sátan, na deamhain agus duine ar bith a chuirfidh in aghaidh a thiarnais. (Apacailipsis 20:7-10) Beidh an domhan ina pharthas go deo faoi riail Ríocht Dé.

      DÉAN TAIGHDE

      Smaoinigh ar an gcúis gur féidir linn a bheith muiníneach go n-úsáidfidh Dia an Ríocht chun gealltanais an Bhíobla a chomhlíonadh.

      4. Cuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais dhaonna

      “Smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.” (Cóheilit 8:9) Cuirfidh Iehova i gceart an éagóir atá déanta.

      Léigh Dainéil 2:44 agus 2 Teasalónaigh 1:6-8, ansin plé na ceisteanna a leanann:

      • Céard a dhéanfaidh Iehova agus a Mhac, Íosa, le rialtais dhaonna agus a lucht leanúna?

      • Cén chaoi a ndeimhníonn gach atá foghlamtha agat faoi Iehova agus Íosa go bhfuil siad cóir agus trócaireach?

      Íosa ag rialú agus an domhan ina pharthas.

      5. Is Rí den scoth é Íosa

      Mar Rí ar Ríocht Dé, déanfaidh Íosa a dhícheall ar son a dhaoine. Seinn an FÍSEÁN agus féach mar a léirigh Íosa go bhfuil fonn air agus go bhfuil an chumhacht ó Dhia aige chun cabhrú le daoine.

      FÍSEÁN: Léirigh Íosa an Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach (1:13)

      Nuair a bhí Íosa ar an talamh, thug sé léargas ar an méid a dhéanfaidh Ríocht Dé. Cé na beannachtaí atá luaite anseo a bhfuil tusa ag tnúth leo? Chun foghlaim faoi na beannachtaí sin léigh na scrioptúir a leanann.

      NUAIR A BHÍ ÍOSA AR AN TALAMH . . .

      Ó NEAMH . . .

      • bhí smacht aige ar an aimsir.—Marcas 4:36-41.

      • réiteoidh Íosa fadhbanna na timpeallachta.—Íseáia 35:1, 2.

      • bheathaigh sé na mílte go míorúilteach.—Matha 14:17-21.

      • cuirfidh Íosa deireadh leis an ocras.—Salm 72:16.

      • leigheas sé go leor daoine.—Lúcás 18:35-43.

      • cinnteoidh Íosa go mbeidh sláinte mhaith ag chuile dhuine.—Íseáia 33:24.

      • thóg sé daoine ó mhairbh.—Lúcás 8:49-55.

      • cuirfidh Íosa deireadh leis an mbás.—Apacailipsis 21:3, 4.

      6. Beidh an saol go maith faoi Ríocht Dé

      Mairfidh daoine go deo i bparthas ar talamh mar a bhí leagtha amach ag Iehova dóibh ón tús. Seinn an FÍSEÁN chun foghlaim faoin mbealach a bhfuil Iehova ag oibriú trína Mhac Íosa, chun a chuspóir a chur i gcrích.

      FÍSEÁN: A Glimpse Into a Wonderful Future (4:38)

      Léigh Salm 145:16, ansin plé an cheist a leanann:

      • Cén chaoi a mothaíonn tú agus fios agat go ‘sásóidh Iehova a bhfuil beo’?

      DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Má oibríonn muid as lámh a chéile is féidir linn fadhbanna an domhain a réiteach.”

      • Céard iad na fadhbanna a réiteoidh Ríocht Dé nach féidir le rialtais dhaonna a réiteach?

      ACHOIMRE

      Tabharfaidh an Ríocht cuspóir Dé chun críche. Déanfaidh sí parthas den talamh, mairfidh daoine maithe air, agus beidh siad ag adhradh Iehova go deo.

      Súil Siar

      • Cén chaoi a naomhóidh Ríocht Dé ainm Iehova?

      • Cén fáth ar féidir linn a chreidiúint go dtiocfaidh gealltanais an Bhíobla fíor?

      • Cé na rudaí a dhéanfar faoin Ríocht a bhfuil tú ag tnúth leo?

      Sprioc

      FIOSRAIGH

      Faigh amach céard é Harmagadón.

      “Céard Atá i gCeist le Cath Harmagadón?” (Alt ar líne)

      Déan staidéar ar na heachtraí a tharlóidh le linn an tréimhse ama ar a thug Íosa an trioblóid mhór.

      “What Is the Great Tribulation?” (Alt ar líne)

      Féach ar bhealaí ar féidir le teaghlaigh machnamh le chéile ar na beannachtaí atá le teacht.

      See Yourself in Paradise (1:50)

      Sa mír “I Was Troubled by Many Questions,” faigh amach faoin gcaoi ar aimsigh reibiliúnach polaitiúil freagraí.

      “The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Eanáir, 2012)

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn