Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 32
  • Tá Ríocht Dé i Réim!

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tá Ríocht Dé i Réim!
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 32
Ceacht 32. Íosa Críost le ríshlat agus é ag rialú an domhain.

CEACHT 32

Tá Ríocht Dé i Réim!

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Thosaigh Ríocht Dé ag rialú sna flaithis sa mbliain 1914. Cuireadh tús le laethanta deireanacha na rialtais dhaonna an bhliain sin. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn é sin? Déan machnamh ar thairngreachtaí an Bhíobla agus na rudaí atá ag tarlú ar an domhan ó 1914 i leith.

1. Céard a thuar an Bíobla?

Thug an Bíobla le fios i leabhar Dhainéil go dtosódh Ríocht Dé ag rialú ag deireadh an tréimhse ar a dtugtar na “seacht n-aimsir.” (Dainéil 4:13, 14 [4:16, 17 i mBíoblaí eile]) Na céadta bliain ina dhiaidh sin, thug Íosa “aimsirí na ngintlithe” ar an tréimhse chéanna ama agus dúirt sé nach raibh deireadh leis an tréimhse sin fós. (Lúcás 21:24) Ach tháinig deireadh leis na seacht n-aimsir i 1914.

2. Céard atá ag tarlú ar an domhan ó 1914 i leith?

D’fhiafraigh a dheisceabail d’Íosa: “cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa [nó láithreacht] agus ar dheireadh an tsaoil?” (Matha 24:3) Thuar Íosa go dtarlódh go leor rudaí nuair a thosódh sé ag rialú mar Rí ar Ríocht Dé. Dúirt sé go mbeadh cogaí, gortaí agus creathanna talún ann. (Léigh Matha 24:7.) Thuar an Bíobla go mbeadh an “saol guaisiúil” nó deacair déileáil leis “sna laethanta deireanacha.” (2 Tiomóid 3:1-5) Tá na rudaí seo ag tarlú go mór mór ó 1914.

3. Cén fáth a bhfuil an domhan imigh in olcas ó thosaigh Ríocht Dé ag rialú?

Nuair a rinneadh Rí ar Ríocht Dé d’Íosa, chuir sé cogadh ar Shátan agus na deamhain sna flaithis. Bhuaigh Íosa an cogadh sin. Deir an Bíobla gur “teilgeadh chun na talún é (Sátan), agus teilgeadh a aingil mar aon leis.” (Apacailipsis 12:9, 10, 12) Tá olc ar Shátan mar tá a fhios aige go scriosfar é. Is é is cúis leis an bpian agus an fhulaingt. Ní aon iontas é go bhfuil an saol chomh dona! Cuirfidh Ríocht Dé deireadh le fadhbanna an tsaoil.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an chaoi a bhfuil a fhios againn gur thosaigh Ríocht Dé ag rialú i 1914, agus a thionchar sin orainne.

4. Is bliain shuntasach í 1914

Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: God’s Kingdom Began Ruling in 1914 (5:02)

Ba é Dia ba chúis leis an mbrionglóid a bhí ag Rí Nabúcadnazar. Léiríonn an bhrionglóid sin agus an míniú a thug Dainéil air, go mbaineann sé le tiarnas Nabúcadnazar agus le Ríocht Dé.—Léigh Dainéil 4:14a (4:17 i mBíoblaí eile).

Léigh Dainéil 4:17-23 (4:20-26 i mBíoblaí eile), ansin ag úsáid an chairt aimsigh freagraí na gceisteanna seo a leanann:

  • (A) Céard a chonaic Nabúcadnazar ina bhrionglóid?—Féach ar véarsaí 17 agus 18.

  • (B) Céard a tharlódh don chrann?—Féach ar véarsa 20.

  • (C) Céard a tharlódh ag deireadh na seacht n-aimsir?—Féach ar véarsa 23.

Brionglóid An Chrainn Agus Ríocht Dé

AN TAIRNGREACHT (Dainéil 4:17-33 [4:20-36 i mBíoblaí eile])

Tiarnas

(A) Crann Mór

Crann mór ard.

Cuireadh isteach ar an Tiarnas

(B) “Gearraigí anuas an crann . . . agus téadh seacht n-aimsir thairis”

Banda iarainn agus banda copair thimpeall ar stumpa an chrainn.

Tiarnas i réim arís

(C) “Seasfaidh do ríocht duit” arís

Crann mór ard.

An chéad chomhlíonadh a bhí ag an tairngreacht . . .

  • (D) Cé dó ar sheas an crann?—Féach ar véarsa 19.

  • (E) Cén chaoi ar cuireadh isteach ar a thiarnas?—Léigh Dainéil 4:26-30 (4:29-33 i mBíoblaí eile).

  • (F) Céard a tharla do Nabúcadnazar ag deireadh na seacht n-aimsire?—Léigh Dainéil 4:31-33 (4:34-36 i mBíoblaí eile).

AN CHÉAD CHOMHLÍONADH

Tiarnas

(D) Nabúcadnazar, Rí na Bablóine

Rí Nabúcadnazar ina sheasamh go bródúil.

Cuireadh isteach ar an Tiarnas

(E) Tar éis 606 RCR, chaill Nabúcadnazar a mheabhair agus ní raibh sé in ann rialú ar feadh seacht mbliana

Nabúcadnazar ina luí ar an talamh ag ithe féir mar a dhéanfadh ainmhí.

Tiarnas i réim arís

(F) Tagann a mheabhair ar ais ag Nabúcadnazar agus tosaíonn sé ag rialú arís

Rí Nabúcadnazar agus a dhá láimh san aer aige ag breathnú chun na bhflaitheas.

Sa dara comhlíonadh a bhí ag an tairngreacht . . .

  • (G) Cé dó a sheasann an crann?—Léigh 1 Croinicí 29:23.

  • (H) Cén chaoi ar cuireadh isteach ar a dtiarnas? Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach raibh siad ag rialú nuair a bhí Íosa ar an talamh?—Léigh Lúcás 21:24.

  • (I) Cén uair agus cén áit ar cuireadh an tiarnas seo i réim arís?

AN DARA COMHLÍONADH

Tiarnas

(G) Ríthe Iosrael a rinne ionadaíocht ar thiarnas Dé

Ríthe Iosrael ina suí ar ríchathaoireacha. Ga gréine ag scaladh orthu.

Cuireadh isteach ar an Tiarnas

(H) Tá Iarúsailéim scriosta, rud a chuireann isteach ar líne ríthe Iosrael ar feadh 2,520 bliain

Tine ag scriosadh Iarúsailéim. Ansin, téann 2,520 bliain thart.

Tiarnas i réim arís

(I) Tosaíonn Íosa ag rialú ar neamh mar Rí ar Ríocht Dé

Íosa ag rialú an domhain óna ríchathaoir ar neamh ó 1914 CR. Ga gréine ag scaladh uaidh.

Cén fhad atá sna seacht n-aimsir?

Cabhraíonn scrioptúr amháin linn le scrioptúr eile a thuiscint. Mar shampla, tá sé ráite i leabhar Apacailipsis gur ionann trí aimsir go leith agus 1,260 lá. (Apacailipsis 12:6, 14) Má dhúblaíonn muid an uimhir sin gheobhaidh muid seacht n-aimsir nó 2,520 lá. Uaireanta seasann lá de bhliain sa mBíobla. (Eizicéil 4:6) Dá réir sin is ionann na seacht n-aimsir atá luaite i leabhar Dhainéil agus 2,520 bliain.

5. Tá an domhan athraithe ó 1914

Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: The World Has Changed Since 1914 (1:10)

Rinne Íosa cur síos ar an drochbhail a bheadh ar an domhan nuair a dhéanfaí Rí dó. Léigh Lúcás 21:9-11, ansin plé an cheist seo:

  • Cé acu de na rudaí seo atá feicthe agatsa?

Chuir an t-aspal Pól síos ar na tréithe a bheadh ag daoine le linn na laethanta deireanach de rialtais dhaonna. Léigh 2 Tiomóid 3:1-5, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cé acu de na tréithe seo atá feicthe agatsa inniu?

Colláis: Radhairc de na drochrudaí atá ag tarlú ar an domhan sna laethanta deireanacha. 1. Tugann ceannaire míleata óráid. 2. Foirgneamh atá scriosta de bharr crith talún 3. Eitleáin mhíleata. 4. Slua ag caitheamh maisc taobh amuigh. 5. Na Twin Towers trí thine de bharr ionsaithe sceimhlitheoireachta. 6. Fear ag úsáid drugaí. 7. Fear céile ag achrann lena bhean. 8. Buidéal alcóil agus drugaí. 9. Beirt bhan atá ag caitheamh éadaigh agus seoda galánta agus ag tógáil pictiúir dóibh féin. 10. Slua ag ceolchoirm. 11. Duine ag caitheamh buama.

6. Ba cheart go spreagfadh riail Ríocht Dé muid

Léigh Matha 24:3, 14, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén obair thábhachtach a léiríonn go bhfuil Ríocht Dé i réim anois?

  • Cén chaoi ar féidir leat a bheith páirteach san obair seo?

Tá Ríocht Dé i réim anois, agus is gearr go mbeidh sí ag rialú an domhan go léir. Léigh Eabhraigh 10:24, 25, ansin plé an cheist a leanann:

  • Céard ar cheart dúinn a dhéanamh nuair a fheiceann muid “lá an Tiarna ag druidim linn”?

Colláis: 1. Freastalaíonn mac léinn Bíobla ar cheann de chruinnithe Fhinnéithe Iehova. 2. An duine céanna ag craobhscaoileadh do dhuine aitheantais.

Má d’fhoghlaim tú rud éigin a chabhródh chun duine a shábháil, céard a dhéanfá?

FIAFRAÍONN DAOINE: “Cén fáth a mbíonn Finnéithe Iehova ag caint ar 1914?”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Cruthaíonn tairngreachtaí, cróineolaíocht an Bhíobla agus na rudaí atá ag tarlú go bhfuil Ríocht Dé ag rialú anois. Léiríonn muid ár gcreideamh trí chraobhscaoileadh agus freastal ar chruinnithe.

Súil Siar

  • Céard a tharla ag deireadh na seacht n-aimsir?

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios agat gur thosaigh Ríocht Dé ag rialú i 1914?

  • Cén chaoi a léiríonn tú go gcreideann tú go bhfuil an Ríocht i réim anois?

Sprioc

FIOSRAIGH

Léigh faoin méid a deir staraithe agus daoine eile faoi na hathruithe a tharla ar an domhan ó 1914 i leith.

“When Morals Declined Dramatically” (Awake!, Aibreán 2007)

Léigh faoin gcaoi a ndeachaigh an tairngreacht i Matha 24:14 i bhfeidhm ar fhear.

“I Loved Baseball More Than Anything!” (The Watchtower Uimh. 3 2017)

Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbaineann an tairngreacht atá i Dainéil caibidil 4 le Ríocht Dé?

“When Did God’s Kingdom Begin Ruling? (Part 1)” (The Watchtower, 1 Deireadh Fómhair, 2014)

Céard a thugann le fios gur tháinig deireadh leis na “seacht n-aimsir” a luaitear i leabhar Dainéil caibidil 4 i 1914?

“When Did God’s Kingdom Begin Ruling? (Part 2)” (The Watchtower,1 Samhain, 2014)

a Féach ar an dá alt deireadh atá faoin bhfotheideal Fiosraigh sa gceacht seo.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn