Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 21
  • Cén Chaoi a gCraobhscaoiltear An Dea-Scéal?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Chaoi a gCraobhscaoiltear An Dea-Scéal?
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Cén Chaoi ar Féidir Leat An Dea-Scéal a Scaipeadh?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Cén Chaoi a nDéanann Muid an Dea-Scéal a Chraobhscaoileadh?
    Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
  • Cén Chaoi a nAithneofá Fíor-Chríostaithe?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 21
Ceacht 21. Fear ar shráid cathrach ag caint le beirt d’Fhinnéithe Iehova in aice le cairt litríochta.

CEACHT 21

Cén Chaoi a gCraobhscaoiltear An Dea-Scéal?

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Is gearr go gcuirfidh Iehova deireadh leis na fadhbanna go léir atá againn ag úsáid a Ríocht. Tá an dea-scéal sin rómhaith le coinneáil dúinn féin. Bhí Íosa ag iarraidh go roinnfidh a lucht leanúna an teachtaireacht seo le gach duine! (Matha 28:​19, 20) Cén chaoi a gcomhlíonann Finnéithe Iehova ordú Íosa?

1. Cén chaoi a bhfuil Matha 24:14 á chomhlíonadh inniu?

Thuar Íosa: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne.” (Matha 24:14) Tá Finnéithe Iehova sásta páirt a ghlacadh san obair thábhachtach seo. Tá muid ag craobhscaoileadh an dea-scéil ar fud an domhain i mbreis agus 1,000 teanga! Tá go leor oibre agus eagrúchán i gceist leis seo. Níorbh fhéidir é a dhéanamh gan cabhair Iehova.

2. Cén chaoi a ndéantar an obair chraobhscaoilte?

Bíonn muid ag craobhscaoileadh cibé áit a bhfuil daoine. Cosúil le Críostaithe na chéad aoise, téann muid “ó theach go teach.” (Gníomhartha 5:42) Cuireann an modh craobhscaoilte sin ar ár gcumas labhairt leis na milliúin duine gach bliain. Bíonn muid ag craobhscaoileadh in áiteanna poiblí freisin. Bíonn muid i gcónaí ag tapú an deis chun insint do dhaoine eile faoi Iehova agus a chuspóirí.

3. Cé atá freagrach as an dea-scéala a chraobhscaoileadh?

Tá freagracht ar fhíor-Chríostaí an dea-scéal a scaipeadh. Tá muid i ndáiríre faoin bhfreagracht sin. Bíonn muid ag craobhscaoileadh an dea-scéil chomh minic is féidir, mar tá sé in ann beatha daoine a shábháil. (Léigh 1 Tiomóid 4:16.) Níl aon íocaíocht as an obair seo, deir an Bíobla: “In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.” (Matha 10:7, 8) Ní ghlacann gach duine lenár dteachtaireacht. Ach leanann muid ar aghaidh mar gur páirt dár n-adhradh é an craobhscaoileadh agus cuireann sé áthas ar Iehova.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim tuilleadh faoi iarrachtaí Fhinnéithe Iehova an dea-scéal a scaipeadh ar fud an domhain, agus mar a chabhraíonn Iehova linn.

A. Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag scaipeadh an dea-scéil le fear ar thaobh cnoic i gCósta Ríce. B. Finnéithe Iehova ag craobhscaoileadh d’iascairí ag duga sna Stáit Aontaithe. C. Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag craobhscaoileadh le fear i sráidbhaile tuaithe i mBeinin. D. Finné ag craobhscaoileadh le bean ag margadh sa Téalainn. E. Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag craobhscaoileadh do bhean in aice le leac mhór i Iaipis. F. Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag craobhscaoileadh do bhean ar chosán atá faoi shneachta in aice canála sa tSualainn.

Ag craobhscaoileadh ar fud an domhain: (A) Cósta Ríce, (B) Stáit Aontaithe Mheiriceá, (C) Beinin, (D) An Téalainn, (E) Iaipis, (F) An tSualainn

4. Oibríonn muid go crua chun a theacht ar gach duine

Déanann Finnéithe Iehova tréaniarracht an dea-scéal a chraobhscaoileadh i ngach áit. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

FÍSEÁN: Preaching in “the Most Distant Part of the Earth” (7:33)

  • Cén chaoi a dtéann na hiarrachtaí a dhéanann Finnéithe Iehova i bhfeidhm ort?

Léigh Matha 22:39 agus Rómhánaigh 10:13-15, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi a léiríonn an obair chraobhscaoilte grá dár gcomharsan?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova fúthu siúd a chraobhscaoileann an dea-scéal?—Féach véarsa 15.

5.Comhoibrithe le Dia atá ionainne

Tugann eachtraí tráthúla le fios go bhfuil Iehova ag stiúradh ár gcuid oibre. Sa Nua-Shéalainn casadh bean le Pól agus é ag dul ó theach go teach. Ghuí an bhean chuig Iehova an mhaidin sin ag iarraidh air duine éigin a chur chuici. “Trí huaire an chloig níos déanaí, bhí mé ar leac an dorais aici” a deir Pól.

Léigh 1 Corantaigh 3:9, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén chaoi a léiríonn eachtra Phóil go bhfuil Iehova ag stiúradh an obair chraobhscaoilte?

Léigh Gníomhartha 1:8, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén fáth a bhfuil cabhair Iehova ag teastáil leis an obair chraobhscaoilte a dhéanamh?

An raibh a fhios agat?

Cuirtear oiliúint orainn ag cruinniú lár seachtaine chun cabhrú linn an obair chraobhscaoilte a dhéanamh. Má d’fhreastail tú ar cheann de na cruinnithe sin, céard a cheap tú don oiliúint a cuireadh ar fáil?

Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag léiriú mar a dhéantar an dea-scéal a chraobhscaoileadh le linn cruinniú pobail.

6. Fógraíonn muid an dea-scéal faoi Ríocht Dé

Rinneadh iarracht stop a chur leis an obair chraobhscaoilte sa gcéad aois. Bhíodh Críostaithe na chéad aoise “ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil” go dlíthiúil. (Filipigh 1:7) Déanann Finnéithe Iehova an rud céanna inniu.a

Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: Legally Defending the Good News (2:28)

Léigh Gníomhartha 5:27-42, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén fáth nach stopfaidh muid ag craobhscaoileadh?​—Féach véarsaí 29, 38, agus 39.

D’FHÉADFAÍ AN CHEIST A CHUR: “Cén fáth a dtéann Finnéithe Iehova ó dhoras go doras?”

  • Cén chaoi a bhfreagrófá?

ACHOIMRE

D’ordaigh Íosa dá lucht leanúna an dea-scéal a chraobhscaoileadh do na náisiúin uile. Tá Iehova ag cabhrú leo lena dhéanamh.

Súil Siar

  • Cén chaoi a bhfuil an dea-scéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain?

  • Cén chaoi a léiríonn ár ministreacht go bhfuil grá againn dár gcomharsan?

  • An dóigh leat gur obair shásúil é an craobhscaoileadh? Cén fáth?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach mar a dhéantar an craobhscaoileadh sna cathracha móra.

Special Metropolitan Public Witnessing in Paris (5:11)

Céard atá déanta ag Finnéithe Iehova chun cabhrú le teifigh?

Satisfying Spiritual Thirst Among Refugees (5:59)

Éist le bean ag cur síos ar an áthas a chuir sé uirthi a saol a chaitheamh ag craobhscaoileadh.

Glad I Chose This Career (6:29)

Foghlaim faoi chásanna cúirte a chuir craobhscaoileadh an dea-scéil chun cinn.

“Kingdom Preachers Take Their Case to Court” (God’s Kingdom Rules!, caibidil 13)

a Is é Dia an té a údaraíonn craobhscaoileadh an dea-scéil. Mar sin, ní bhíonn cead ag teastáil ó Fhinnéithe Iehova chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn