CEACHT 43
Cén Dearcadh ar Chóir do Chríostaithe a Bheith Acu ar Alcól?
Tá tuairimí difriúla ag daoine ar fud an domhain faoi alcól. Baineann daoine sult as corr dheoch a bheith acu in éineacht le cairde. Roghnaíonn daoine eile staonadh ón ól. Bíonn daoine eile ar meisce dá bharr. Céard atá ráite sa mBíobla faoi alcól?
1. An bhfuil sé mícheart deoch alcól a ól?
Ní cháineann an Bíobla alcól a ól, a mhalairt atá i gceist. Mar i measc na rudaí maithe ar fad atá tugtha ag Dia dúinn, luann an Bíobla “fíon a chuireann áthas ar an duine.” (Salm 104:14, 15) Cuireann an Bíobla síos ar fhir agus ar mhná dílse a d’ól alcól.—1 Tiomóid 5:23.
2. Cén chomhairle a chuireann an Bíobla orthu siúd a roghnaíonn alcól a ól?
Cáineann Iehova an iomarca óil agus meisce. (Galataigh 5:21) Deir a bhriathar: “Ná taobhaigh lucht na síormheisce.” (Seanfhocail 23:20) Má roghnaíonn muid alcól a ól—fiú go príobháideach—níor cheart dúinn an oiread óil a dhéanamh is nach mbeadh muid in ann smaoineamh i gceart, ná smacht a bheith againn ar ár gcaint, ár n-iompar, ná dochar a dhéanamh dár sláinte. Mura bhfuil muid in ann srian a choinneáil ar an méid a ólann muid, ba chóir dúinn staonadh uaidh.
3. Cén chaoi ar féidir linn meas a léiriú ar chinntí dhaoine eile?
Caithfidh gach duine a chinneadh féin a dhéanamh maidir le deochanna alcól. Níor cheart dúinn a bheith ag tabhairt breithiúnas ar dhuine a roghnaíonn alcól a ól go measartha, agus níor cheart dúinn aon bhrú a chuir ar dhuine nach bhfuil ag iarraidh alcól a ól. (Rómhánaigh 14:10) Roghnaíonn muid gan aon alcól a ól má chuireann sé as do dhaoine eile. (Léigh Rómhánaigh 14:21.) Leanann muid an chomhairle gan ‘aon duine a bheith ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.’—Léigh 1 Corantaigh 10:23, 24.
DÉAN TAIGHDE
Déan machnamh ar phrionsabail an Bhíobla chun cinneadh a dhéanamh an ólfaidh tú alcól, agus má ólann, cé mhéid de a ólfaidh tú. Faigh amach faoin méid is féidir leat a dhéanamh má tá fadhb óil agat.
4. Déan cinneadh an ólfaidh tú alcól
Cén dearcadh a bhí ag Íosa ar alcól? Chun an cheist sin a fhreagairt, féach ar an gcéad mhíorúilt a rinne sé. Léigh Eoin 2:1-11, ansin plé na ceisteanna seo:
Céard atá le foghlaim againn faoi dhearcadh Íosa ar alcól agus ar dhaoine a ólann é?
Cén dearcadh ar chóir do Chríostaí a bheith aige nó aici ar dhuine a ólann alcól?
Cé go bhfuil saorchead ag Críostaí alcól a ól, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé ceart é a ól i gcásanna áirithe. Léigh Seanfhocail 22:3, ansin plé na cúinsí atá le cur san áireamh sula n-ólann tú alcól:
Tá tú ag dul ag tiomáint cairr nó ag oibriú innealra.
Tá tú ag iompar clainne.
Faigheann tú comhairle ó dhochtúir gan alcól a ól.
Tá sé deacair agat srian a choinneáil ar an méid a ólann tú.
Tá sé in aghaidh an dlí alcól a ól.
Tá tú i gcomhluadar duine a roghnaíonn gan alcól a ól mar gheall go raibh fadhb óil aige nó aici tráth.
Ar chóir duit alcól a chur ar fáil ag bainis nó ag cóisir? Chun an cinneadh ceart a dhéanamh, seinn an FÍSEÁN.
Léigh Rómhánaigh 13:13 agus 1 Corantaigh 10:31, 32. Tar éis na scrioptúir a léamh, plé an cheist seo:
Cén chaoi a gcabhróidh an prionsabail seo leat cinneadh a shásóidh Iehova a dhéanamh?
Caithfidh gach Críostaí cinneadh a dhéanamh an ólfaidh sé alcól nó nach n-ólfaidh. Fiú má ólann sé alcól uaireanta, d’fhéadfadh sé roghnú gan é a ól uaireanta eile
5. Déan cinneadh faoin méid a ólfaidh tú
Má roghnaíonn tú alcól a ól, smaoinigh ar seo: Cé nach gcáineann Iehova alcól, cáineann sé an iomarca óil. Cén fáth? Léigh Hóisé 4:11, 18, ansin plé an cheist seo:
Céard atá in ann tarlú nuair a ólann duine an iomarca alcóil?
Céard a chabhróidh linn gan an iomarca a ól? Caithfidh muid a bheith measartha agus cúramach le halcól. Léigh Seanfhocail 11:2, ansin plé an cheist seo:
Cén fáth gur rud maith é srian a choinneáil ar an méid a ólann tú?
6. Faigh an lámh in uachtar ar mhí-úsáid alcóil
Féach ar an méid a chabhraigh le fear amháin stop a chur le mí-úsáid alcól. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.
Sa bhfíseán, cén tionchar a bhí ag alcól ar an gcaoi ar iompar Dmitry é féin?
An raibh sé in ann staonadh ón ól láithreach?
Cén chaoi ar éirí leis an t-ól a thabhairt suas?
Léigh 1 Corantaigh 6:10, 11, ansin plé na ceisteanna a leanann:
Cé chomh tromchúiseach is atá sé a bheith ar meisce?
Céard a léiríonn gur féidir le duine atá ag mí-úsáid alcóil athrú?
Léigh Matha 5:30, ansin plé an cheist seo:
Léiríonn an parabal sin gur ionann do lámh a ghearradh díot agus íobairt a dhéanamh chun Iehova a shásamh. Céard is féidir leat a dhéanamh má tá tú ag streachailt le mí-úsáid alcóil?a
Léigh 1 Corantaigh 15:33, ansin plé an cheist seo:
Cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag do chuid cairde ar an méid a ólann tú?
FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “An bhfuil sé mícheart a bheith ag ól alcól?”
Cén freagra a thabharfá?
ACHOIMRE
Chuir Iehova alcól ar fáil go mbainfeadh muid taitneamh as, ach cáineann sé an iomarca óil agus meisce.
Súil Siar
Céard atá ráite sa mBíobla faoi alcól?
Céard iad na contúirtí a bhaineann le bheith ag ól an iomarca?
Cén chaoi ar féidir linn ómós a léiriú do na cinntí a dhéanann daoine eile maidir le hól?
FIOSRAIGH
Cén chaoi ar féidir le déagóirí roghanna maithe a dhéanamh maidir le halcól?
Aimsigh na céimeanna atá le tógáil agat chun dul i ngleic le fadhb óil.
“Keeping Alcohol in Its Place” (The Watchtower, 1 Eanáir, 2010)
Ar chóir do Chríostaí sláinte duine a ól?
Sa scéal “I Was a Bottomless Barrel,” féach ar an gcaoi ar thug fear suas babhtaí óil.
“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2012)
a D’fhéadfadh go mbeadh cúnamh proifisiúnta ag teastáil uathu siúd atá tugtha d’alcól chun é a thabhairt suas. Deir roinnt dochtúir gur cheart dóibh siúd a bhfuil fadhb óil acu staonadh ó alcól.