Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 45
  • An Méid atá i gCeist le Neodracht

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Méid atá i gCeist le Neodracht
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Cén Chaoi a nAithneofá Fíor-Chríostaithe?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fan Amach ó Spiorad an tSaoil Seo
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Na hÁiseanna a Bhaineann le Cuid a 3
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • An Méid atá Ráite sa mBíobla Faoi Obair agus Airgead
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Tuilleadh
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 45
Ceacht 45. Deirfiúr óg ag seasamh go measúil le linn móid dílseachta ach níor thug sí an mhóid ná níor chuir sí a lámh ar a croí cosúil leis na scoláirí eile.

CEACHT 45

An Méid atá i gCeist le Neodracht

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Dúirt Íosa lena lucht leanúna: “[Ní] den saol sibh.” (Eoin 15:19) Chiallódh sé seo go mbeadh siad neodrach—nach mbeadh aon bhaint acu le cúrsaí polaitíochta ná cogaí. Níl sé éasca a bheith neodrach i gcónaí. D’fhéadfaidh sé go mbeadh daoine ag magadh fúinn de bhrí go bhfuil muid neodrach. Cén chaoi ar féidir linn a bheith neodrach agus fanacht dílis d’Iehova?

1. Cén dearcadh atá ag fíorChríostaithe ar rialtais dhaonna?

Bíonn ómós ag Críostaithe do rialtais. Leanann muid comhairle Íosa, a dúirt: “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar”—sin í an chúis a mbíonn muid umhal do dhlíthe na tíre, agus don dualgas atá orainn cáin a íoc. (Marcas 12:17) Múineann an Bíobla gurb é Iehova a cheadaíonn do rialtais dhaonna rialú. (Rómhánaigh 13:1) Mar sin tuigeann muid go bhfuil údarás na rialtais dhaonna teoranta. Cuireann muid muinín inár nDé agus a Ríocht ar neamh chun fadhbanna an chine daonna a leigheas.

2. Cén chaoi a léiríonn muid go bhfuil muid neodrach?

Cosúil le hÍosa, fanann muid neodrach ó thaobh cúrsaí polaitíochta de. Nuair a chonaic daoine Íosa ag déanamh míorúilt, rinne siad iarracht rí a dhéanamh dó ach níor lig sé céad dóibh. (Eoin 6:​15) Cén fáth? Mar dúirt sé níos déanaí, “ní den saol seo mo ríocht.” (Eoin 18:36) Léiríonn muid go bhfuil muid neodrach ar bhealaí éagsúla mar a rinne deisceabail Íosa. Mar shampla, ní ghlacann muid aon pháirt i gcogadh. (Léigh Míocá 4:3.) Léiríonn muid meas ar shiombailí náisiúnta—ar nós bratacha—ach ní thugann muid adhradh dóibh. (1 Eoin 5:​21) Ní thaobhaíonn muid le haon pháirtí polaitíochta ná a n-ionadaí agus ní théann muid ina n-aghaidh. Mar sin léiríonn muid go bhfuil muid dílis do Ríocht Dé—nó a rialtas.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh roinnt cásanna ina bhféadfadh sé a bheith deacair fanacht neodrach, agus féach mar is féidir leat cinntí a dhéanamh a shásóidh Iehova.

Fear ag fanacht neodrach. Ní thugann sé aon aird ar ionadaithe polaitiúla atá ag caint os comhair slua daoine.

3. Tá fíorChríostaithe neodrach

D’fhág Íosa agus a lucht leanúna eiseamláir againn. Léigh Rómhánaigh 13:​1, 5-7 agus 1 Peadar 2:​13, 14. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.

FÍSEÁN: True Christians Are Neutral—Part 1 (4:​28)

  • Cén fáth ar chóir dúinn meas a léiriú ar rialtais dhaonna?

  • Céard iad na bealaí éagsúla ar féidir linn a léiriú go bhfuil muid umhal dóibh?

Le linn cogaidh bíonn roinnt tíortha ag maíomh go bhfuil siad neodrach, ach tacaíonn siad leis an dá thaobh sa gcoimhlint. Céard atá i gceist le bheith neodrach? Léigh Eoin 17:16. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé an cheist a leanann.

FÍSEÁN: True Christians Are Neutral—Part 2 (3:​11)

  • Céard atá i gceist le bheith neodrach?

Céard a dhéanfaidh tú má tá rialtais dhaonna ag cur iallach ort rud éigin a dhéanamh atá in aghaidh dlí Dé? Léigh Gníomhartha 5:​28, 29. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.

FÍSEÁN: True Christians Are Neutral—Part 3 (1:​18)

  • Má tá dlíthe rialtais dhaonna i gcoimhlint le dlíthe Dé, cé acu dlí a ngéilleann muid dó?

  • An féidir leat smaoineamh ar aon chás nach mbeadh Críostaithe umhal do rialtais dhaonna?

4. Bí neodrach ó thaobh smaointe agus gníomhartha

Léigh 1 Eoin 5:​21. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.

FÍSEÁN: Why True Christians Need Courage—To Maintain Neutrality (2:​49)

  • Sa bhfíseán, cén fáth a ndearna Ayenge cinneadh gan aon bhaint a bheith aige le páirtí polaitíochta ná le hócáidí náisiúnta, ar nós cúirtéis a thabhairt do bhratach na tíre?

  • An gceapann tú go ndearna sé an cinneadh ceart?

Cé na bealaí eile a bhféadfaí ár neodracht a thástáil? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

FÍSEÁN: Lessons From The Watchtower—Remain Neutral in a Divided World (5:​16)

  • Cén chaoi a bhfanfaidh muid neodrach ó thaobh imeachtaí spóirt idirnáisiúnta?

  • Cén chaoi a bhfanfaidh muid neodrach fiú má chuireann cinntí a dhéanann polaiteoirí as dúinn go pearsanta?

  • Cén chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na meáin shóisialta nó ag an gcomhluadar a choinníonn muid ar ár neodracht?

Colláis: 1. Grúpa de dhaoine feargacha agus plaicird acu ag agóid. 2. Fear ag ligean gártha molta agus bratach crochta suas aige ag ócáid spóirt. 3. Scoláire ag tabhairt mionn dílseachta. 4. Saighdiúir i ngreim i measínghunna. 5. Dhá ionadaithe polaitiúla ag díospóireacht. 6. Bean ag cur a vóta sa mbosca ballóide.

Céard iad na cásanna a gcaithfidh Críostaí fanacht neodrach i smaointe agus i ngníomhartha?

FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Cén fáth nach dtugann sibh cúirtéis don bhratach agus nach gcanann sibh an t-amhrán náisiúnta?”

  • Cén freagra a thabharfá?

ACHOIMRE

Déanann Críostaithe gach iarracht fanacht neodrach ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus ó thaobh a gcuid smaointe agus gníomhartha.

Súil Siar

  • Cén dualgas atá orainn maidir le rialtais dhaonna?

  • Cén fáth a bhfanann muid neodrach ó thaobh cúrsaí polaitíochta?

  • Cé na cásanna ina dtástáiltear ár neodracht?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cé na híobairtí a d’fhéadfadh a bheith le déanamh againn le fanacht neodrach?

Jehovah Has Never Let Us Down (3:​14)

Cén chaoi a n-ullmhaíonn teaghlaigh iad féin chun déileáil le dúshláin maidir le neodracht?

Maintain Neutrality at Public Events (4:​25)

Cén fáth nach é cosaint do thíre an onóir is mó a d’fhéadfadh a bheith agat?

“All Things Are Possible With God” (5:​19)

Déan machnamh faoin gcaoi le fanacht neodrach agus tú ag déanamh cinneadh faoi do shlí bheatha.

“Each One Will Carry His Own Load” (The Watchtower, 15 Márta, 2006)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn