Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 58
  • Fan Dílis d’Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Fan Dílis d’Iehova
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Teagasc Dé as Riocht ag Reiligiún Bréagach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard É an Dea-Scéala Maidir le Reiligiún?
    Dea-scéala Ó Dhia!
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 58
Ceacht 58. Siúlann teaghlach go ciúin thar ghrúpa séantóirí creidimh atá ag magadh faoin dream atá ag freastal ar chomhthionól Fhinnéithe Iehova.

CEACHT 58

Fan Dílis d’Iehova

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Tá fíor-Chríostaithe diongbháilte gan ligean d’aon rud cur isteach ar a n-adhradh d’Iehova. Gan amhras mothaíonn tusa mar sin. Is mór ag Iehova do dhílseacht. (Léigh 1 Croinicí 28:9.) Céard iad na rudaí a d’fhéadfadh do dhílseacht d’Iehova a thástáil, agus cén chaoi ar féidir leat déileáil leo?

1. Cén chaoi a bhféadfadh daoine do dhílseacht d’Iehova a thástáil?

Déanfaidh roinnt daoine iarracht muid a stopadh ag adhradh Iehova. Cé a dhéanfadh a leithéid sin de rud? Insíonn daoine a d’fhág an fhírinne bréaga faoi eagraíocht Dé chun ár gcreideamh a scrios. Tugtar séantóirí creidimh orthu siúd. Chomh maith leis sin, scaipeann roinnt ceannairí reiligiúnacha bréaga fúinn chun go bhfágfaidh daoine an fhírinne. Tá sé contúirteach a bheith ag argóint lena leithéid seo, a bheith ag léamh a gcuid leabhair, a bheith ag breathnú ar an ábhar atá acu ar líne nó ag féachaint ar a gcuid físeáin. Maidir leo siúd a dhéanann iarracht lagmhisneach a chuir ar dhaoine a bhíonn dílis d’Iehova, deir Íosa: “Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”—Matha 15:14.

2. Céard iad na cinntí pearsanta a d’fhéadfadh ár ndílseacht d’Iehova a thástáil?

Spreagann grá d’Iehova muid gan aon bhaint a bheith againn le reiligiún bréagach. Níor chóir go mbeadh aon bhaint ag ár bpost, ár ngníomhaíochtaí ná aon eagraíochtaí a bhfuil muid bainteach leo le reiligiún bréagach. Tugann Iehova foláireamh dúinn: “Amach libh aisti [an Bhablóin Mhór], a phobal liom.”​—Apacailipsis 18:​2, 4.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoin mbealach ar féidir leat gan ligean d’aon duine do dhílseacht d’Iehova a lagú. Féach freisin ar an gcaoi ar féidir leat do dhílseacht a léiriú trí dhroim láimhe a thabhairt don Bhablóin Mhór.

3. Seachain teagascóirí bréagacha

Cén dearcadh ar chóir a bheith againn má chloiseann muid rudaí diúltacha faoi eagraíocht Iehova? Léigh Seanfhocail 14:​15, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth a bhfuil muid cúramach gan chuile rud a chloiseann muid a chreidiúint?

Léigh 2 Eoin 9-​11, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi ar chóir caitheamh le séantóirí creidimh?

  • Fiú mura mbíonn muid i dteagmháil go díreach le séantóirí creidimh, cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith i dteagmháil lena dteagasc?

  • Cén chaoi a gceapann tú a mothódh Iehova dá dtabharfadh muid aird ar chaint dhiúltach faoi féin nó faoina eagraíocht?

4. Fan dílis do Dhia nuair a pheacaíonn deartháir

Má tá muid ar an eolas go bhfuil peaca tromchúiseach déanta ag duine sa bpobal, cén dualgas atá orainn? Smaoinigh ar phrionsabal ón dlí a thug Dia d’Iosrael. Léigh Léivític 5:1.

Mar atá ordaithe sa véarsa sin, má tá a fhios againn go ndearna duine éigin peaca tromchúiseach, ba chóir dúinn é a insint do na seanóirí. Sula ndéanfaidh muid é seo, ba chóir dúinn moladh don pheacach dul go dtí na seanóirí agus a pheaca a admháil. Mura ndéanann sé é seo, ba chóir go spreagfadh ár ndílseacht d’Iehova muid na seanóirí a chur ar an eolas. Cén chaoi a léiríonn an socrú seo buanghrá do . . .

  • Iehova Dia?

  • dhuine a pheacaíonn?

  • dhaoine eile sa bpobal?

Colláis: Deartháir ag cabhrú le deartháir eile a rinne rud éigin mícheart. 1. Tá an deartháir buartha faoi gach a bhfeiceann sé ar a fhón póca. 2. Taispeánann sé a fhón póca do dheartháir eile, ach diúltaíonn an deartháir eile breathnú air. 3. Taispeánann an deartháir a fhón póca do bheirt sheanóir agus labhraíonn sé leo.

Má tá do chomhChríostaí i dtrioblóid, cabhraigh leis!

5. Fan amach ón mBablóin Mhór

Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: Get Out of Babylon the Great! (5:​06)

Radharc ón bhfíseán ‘Get Out of Babylon the Great!’ Fágann mac léinn Bíobla an post a bhí aici ag obair do shagart.

Léigh Lúcás 4:8 agus Apacailipsis 18:​4, 5, ansin plé na ceisteanna seo:

  • An bhfuil mé fós mar bhall de reiligiún bréagach?

  • An bhfuil mé mar bhall d’aon eagraíocht atá ceangailte le reiligiún bréagach?

  • An bhfuil mo chuid oibre ag tabhairt tacaíochta do reiligiún bréagach ar aon bhealach?

  • An bhfuil aon ghné eile de mo shaol atá ceangailte le reiligiún bréagach a gcaithfidh mé scaradh uaidh?

  • Má d’fhreagair mé tá ar aon cheann de na ceisteanna seo, céard iad na hathruithe is gá dom a dhéanamh?

Déan cinneadh a fhágann le coinsias glan thú agus a léiríonn do dhílseacht d’Iehova i ngach cás.

Deirfiúr agus a mac óg ag fágáil ollmhargadh. Siúlann siad thar bhean atá ag lorg síntiúis do charthanacht reiligiúnach.

Céard a dhéanfá dá n-iarrfaí ort síntiús a thabhairt do charthanacht reiligiúnach?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Caithfidh mé fios a bheith agam ar an méid atá na séantóirí creidimh ag rá faoi Fhinnéithe Iehova ionas go mbeidh mé in ann an fhírinne a chosaint.”

  • An ndéanfadh sé sin ciall? Cén fáth a ndéanfadh nó cén fáth nach ndéanfadh?

ACHOIMRE

Chun fanacht dílis d’Iehova, ní féidir a bheith ag coinneáil comhluadair leo siúd a dhéanann iarracht muid a chur amú.

Súil Siar

  • Cén fáth nár chóir dúinn tuairimí séantóirí creidimh a shú isteach inár n-intinn ar aon bhealach?

  • Má fhaighimid amach go bhfuil peaca tromchúiseach déanta ag duine de na bráithre, céard ba cheart dúinn a dhéanamh?

  • Cén chaoi ar féidir linn a bheith umhal agus droim láimhe a thabhairt do reiligiún bréagach?

Sprioc

FIOSRAIGH

Foghlaim faoin gcaoi le déileáil le tuairiscí bréagacha a scaiptear faoi Fhinnéithe Iehova.

“Do You Have the Facts?” (The Watchtower, Lúnasa 2018)

Cén chaoi a n-aithneofá eagraíochtaí nó gníomhaíochtaí a thugann tacaíocht don Bhablóin Mhór?

“Keep Busy During the Last of ‘the Last Days’” (The Watchtower, Deireadh Fómhair 2019, ailt 16-​18)

Céard atá déanta ag cáinteoirí chun ár gcreideamh a lagú?

Beware of Deceit (9:​32)

Sa scéal, “I Had Been Looking For God Since Childhood,” léigh faoi shagart Shinto a bhris an ceangal a bhí aige le reiligiún bréagach.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Iúil, 2011)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn