Sailm
Blogh
Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.
70 [70:2] Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt;
brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
2 [70:3] Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream
a bhfuil mo bheo agus m’anam uathu.
Go gcuirtear ar gcúl faoi náire
a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
3 [70:4] Go ngabha ar ais faoi mhearbhall
an drong a deir liom: “Há, há!”
4 [70:5] Go ndéana a mbíonn do d’iarraidh
ríméad agus gairdeas.
Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:
“Moladh le Dia!”
5 [70:6] Ós dealbh dearóil mé,
tar chugam, a Dhia.
Is tú mo chabhair is m’fhuascailteoir,
ná moilligh, a Thiarna!