Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 71
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
An Bíobla Naofa
Salm 71:1-24

Sailm

Urnaí na Seanaoise

71 Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall;

nár dhéantar mo náiriú go deo.

2 Fuascail mé i d’fhíréantacht agus saor mé;

claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.

3 Bí agam i do charraig dhídine,

i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil;

óir is tú mo charraig is mo dhún.

4 Fuascail mé as láimh an urchóidigh,

as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.

5 Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna;

a Dhia, is tú mo dhóchas ó m’óige.

6 Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé,

ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean;

ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.

7 Ba ábhar iontais mé ag mórán daoine

ach is tú mo chúntóir cumasach.

8 Is lán mo bhéal de do mholadh

agus de do ghlóir ar feadh an lae.

9 Ná caith uait mé i ndeireadh m’aoise;

ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.

10 Óir bím i mbéal mo naimhde;

téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile

11 á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia;

téigí ar a thóir agus beirigí air,

óir níl aon neach ann lena shaoradh.”

12 A Dhia, ná bíse i bhfad uaim;

déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.

13 Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear

a bhfuil ar tí m’anama.

Go gclúdaítear le míchlú agus náire

an drong ar mian leo mo dhochar.

14 Ach beidh dóchas agamsa go brách

agus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.

15 Fógróidh mo bhéal d’fhíréantacht

agus do chúnamh ó lá go chéile

óir ní fios dom a líon ná a n-áireamh.

16 Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna;

d’fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.

17 Thug tú teagasc dom ó m’óige, a Dhia,

agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.

18 I mo sheanóir liath dom anois,

ná déan mé a thréigean, a Dhia,

chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo

agus do chumas dá bhfuil le teacht.

19 Síneann d’fhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia,

is éachtach iad na nithe a rinne tú.

A Dhia, cé is comhionann leatsa?

20 Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí

ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom.

Tógfaidh tú as broinn na talún mé;

21 Tabharfaidh tú gradam agus sólás ar ais dom.

22 Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin,

as ucht do dhilghrá dom, a Dhia.

Seinnfidh mé freisin ar an gcruit

duitse, a Neach Naofa Iosrael.

23 Déanfaidh mo bhruasa lúcháir agus mé ag canadh duit

mar aon le m’anam atá ceannaithe agat.

24 Beidh mo theanga ag trácht ar d’fhíréantacht

i gcaitheamh an lae ar fad,

toisc gur cuireadh nuar agus náire

ar an drong atá ar tí mo dhíobhála.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn