Laoi na Laoithe
2 Lus an chroimchinn beag ar mhá mé,
seileastar bocht i ngleann.
2 Seileastar idir driseacha
mo rúnsa idir mná.
3 Crann úll thar chrainn na coille
mo ghrása thar fir.
Faoina scáth suím, mar ba mhian liom;
milis le mo bhéal a ulla.
4 Thug sé go teach an fhíona mé;
grá a mheirge orm.
5 Neartaigí le cácaí rísín mé;
Cuirigí brí ionam le húlla,
Mar tá galar an ghrá orm.
6 A lámh chlé faoi mo cheann,
a lámh dheas tharm anall.
7 Agraím oraibh,
a mhná Iarúsailéim,
dar fia agus eilití na má,
Ná corraigí, ná músclaígí mo rún
go dtograí sí féin.
8 Éist! mo ghrá!
Chugainn é
thar bharr na gcnoc
ag léim na ngleannta.
9 Cosúil mo ghrá le heilit
nó le fia óg ag léim.
Sin é lasmuigh anois é,
ag féachaint isteach an fhuinneog,
Ag faire agus ag glinniúint.
10 Seo é mo ghrá ag labhairt liom:
Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.
11 Seo anois tá an geimhreadh thart,
tá an bháisteach glanta feasta,
12 tá an tír seo againne faoi bhláth,
tháinig aimsir scoite na bhfíniúna;
tá an fearán ag durdáil amuigh,
13 figí glasa ar an gcrann,
cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith.
Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.
14 Mo cholm i scailp na haille,
i bhfolach i bpluaiseanna,
dá bhfeicfinn do ghnúis,
dá gcluinfinn do ghuth!
óir is binn é do ghuth,
is álainn í do ghnúis.
15 Beirigí ar na sionnaigh,
na sionnaigh bheaga dúinn,
do mhill an fíonghort,
ár bhfíonghort faoi bhláth.
16 Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise,
i measc na mbláthanna chuir sé a thréad,
17 Go séide lá
go scaipe scáth,
fill . . .
bí cosúil, a ghrá, le heilit,
nó le hoisín na bhfia
ar Chnoc [Tairngire].