Laoi na Laoithe
3 Ar mo leaba dom i gcoim oíche
a loirg mé grá m’anma,
a loirg mé agus ní bhfuair.
2 Éireoidh mé, cuardóidh mé,
tríd an mbaile, trí na sráideanna,
lorgfaidh mé grá mo chroí.
—Má loirg, ní bhfuair.
3 Theagmhaigh liom na gardaí
ar a gcuairteanna tríd an mbaile:
“An bhfaca sibh grá mo chroí?”
4 Ní fada a ghabh mé tharstu
gur theagmhaigh grá mo chroí liom.
Rugas greim air nach scaoilfidh mé
go dtabharfaidh mé isteach é
i dteach mo mháthar
i seomra mo bhuime.
5 Agraím oraibh,
a iníona Iarúsailéim,
dar fia agus eilití na má,
ná corraigí, ná músclaígí mo rún,
go dtograí sí féin.
6 Cad é seo aníos ón bhfásach,
mar a bheadh crann deataigh
as miorr agus túis
agus uilechumhracht na siopaí?
7 Sin é coiste Sholaimh,
trí fichid laoch thart air,
ó shárlaochra Iosrael;
8 fear claímh gach laoch díobh
ó thaithí an chogaidh;
a chlaíomh ar a shliasaid
i gcoinne bhaol na hoíche.
9 Do rinne Solamh rí
suí breithimh dó féin
d’adhmad na Liobáine.
10 Cosa airgid faoi,
scáth óir os a chionn,
adhairt chorcra ann,
éabann dá fholach.
11 Tagaigí go bhfeice sibh,
a iníona Iarúsailéim,
Solamh rí gona mhionn rí
a chuir a mháthair air
lá a phósta,
lá áthais a chroí.