Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Laoi na Laoithe 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Laoi na Laoithe 6:1-13

Laoi na Laoithe

6 Cá ndeachaigh do ghrá uait,

a phlúr na mban,

cén treo a d’iompaigh do ghrá,

agus lorgfaimid leat é?

2 Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá,

go ceapacha na spíosraí,

lena thréad a chur ar féarach

agus blátha a chruinniú.

3 Le mo ghrása mise,

agus liomsa mo ghrá;

i measc na mbláthanna

chuir sé a thréad.

4 Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,

breá mar Iarúsailéim,

chomh huafar le cathshlua.

5 Iompaigh uaim do shúile,

nó sáróidh tú mé leo.

Folt mar thréad gabhar

anuas Cnoc Ghileád.

6 D’fhiacla mar thréad caorach

aníos as an loch nite,

cúpla uan ag gach caora,

gan caora díobh seasc.

7 Leathbhro ghránúill do ghrua

laistiar de do chaille.

8 Trí fichid banríon,

ceithre fichid leannán,

cailíní gan áireamh—

9 Ach is túisce liomsa ise,

mo cholm gan cháim;

is í is túisce lena máthair,

is í rogha a buime í.

Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di,

banríon nó leannán nár mhol í:

10 “Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae,

gealach ar áille,

grian ar loinnir,

chomh huafar le cathshlua?”

11 Chuas síos i ngort na gcnónna,

go bhfeicfinn fás an ghleanna

go bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt,

nó an gránúll ag borradh.

12 Sular thuig mé seo mé, de mhian mo chroí,

[i gcarbad le taobh] mo phrionsa.

13 [7:1] Fill, fill, a Shiúlamach,

fill, fill, go bhfeicfimid thú.

Cad d’fheicfeadh sibh sa tSiúlamach

ach rince an dá fhoireann?

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn