Laoi na Laoithe
7 [7:2] Nach breá iad do chosa i mbróig,
a iníon rí;
lorgaí mar chlocha muince
dea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
2 [7:3] D’imleacán mar chuach fíona,
ní folamh é choíche.
Brú mar charn cruithneachta,
fál bláthanna air.
3 [7:4] Do dhá chích mar dhá oisín,
cúpla aon eilite.
4 [7:5] Do mhuineál mar thúr eabhair,
do shúile mar locháin Heisbeon
faoi gheata Bhat Rabaím.
Do shrón mar thúr sa Liobáin
ag faire i dtreo na Damaisce.
5 [7:6] Do cheann mar Chnoc Chairmeil,
folt ar dhath an chorcra;
cheangail tú rí lena thriopaill.
6 [7:7] Is álainn tú, is aoibhinn,
a shearc, a mhilse.
7 [7:8] Ard maorga mar chrann pailme tú,
do chíocha mar chrobhaing.
8 [7:9] “Suas an phailm liom,” arsa mise;
“béarfaidh mé greim ar a géaga.”
Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,
boladh úll ar d’anáil.
9 [7:10] Togha fíona do phóga
ag dul go blasta síos an scornach
trí bheola agus fiacla.
10 [7:11] Le mo ghrá-sa mise,
agus mise a mhiansan.
11 [7:12] Tar liom, a ghrá,
amach ar na bánta.
Codlóimid i measc bláthanna coifir.
12 [7:13] Moch maidine don fhíonghort,
d’fhios ar eascair an fhíniúin,
ar oscail a bláthanna,
ar bhorr an gránúll.
Is ann a thabharfad grá duit.
13 [7:14] Geanúll ag tabhairt a bholadh,
togha agus rogha chun ár láimhe.
Sean agus nua
a thaisc mé duitse, a ghrá.