Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 21
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Irimia 21:1-14

Irimia

21 An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá: 2 “Iarraimid d’achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b’fhéidir go n-oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.” 3 Dúirt Irimia leo: “Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá: 4 ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo. 5 Agus troidfidh mé féin in bhur n-aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór. 6 Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás. 7 Ina dhiaidh sin—an Tiarna a labhraíonn—tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

8 “Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis. 9 An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil. 10 Óir tá m’aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa—an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’”

11 “Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna. 12 rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna:

‘Gach maidin tabhair breith cheart,

tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air

as láimh fhear a ansmachta,

nó léimfidh m’fhearg amach ar nós tine,

loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.

13 Is libhse a dhéanaim achrann,

libhse a d’imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh

—an Tiarna a labhraíonn—

libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne

agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?

14 (Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha

—an Tiarna a labhraíonn.)

Cuirfidh mé tine lena fhoraois;

dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn