Irimia
22 Is é a dúirt an Tiarna: “Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin. 2 ‘Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach. 3 Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo. 4 Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir. 5 Ach mura n-éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin—an Tiarna a labhraíonn—go mbeidh an pálás seo ina fhásach. 6 Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá:
Ba Ghileád thú agamsa,
Ba bheann de chuid na Liobáine thú;
mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot,
baile gan áitritheoir ann.
7 Tá fir do mhillte tofa agam,
ag gach uile fhear acu tá a thua;
gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat,
agus teilgfidh sa tine iad.
8 “‘Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo? 9 Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’
10 Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é.
Ach golaigí go géar ar son an té a d’imigh,
óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo,
ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.
11 “Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó 12 ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’”
13 “Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart,
agus a sheomraí uachtair le héagóir,
a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal,
agus nach n-íocann é ar son a shaothair,
14 a deir: ‘Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing
le seomraí leathana in airde’,
a ghearrann fuinneoga amach ann
a chumhdaíonn sé le céadar
agus a phéinteálann le flanndearg.
15 An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair?
D’ith d’athair agus d’ól sé, mar a dhéanann tusa,
ach chleacht seisean macántacht agus ceart;
mar sin bhíothas go maith aige.
16 Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige.
Nach é sin mise a aithint?—an Tiarna a labhraíonn.
17 Ach níl do shúilese ná do chroí
ach ar son do shainte féin,
a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh
agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”
18 Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá:
“Bás don fhear sin! Ná caoinigí é:
‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’
Ná caoinigí ar a shon:
‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’
19 Adhlacfar é le hadhlacadh asail,
á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach
as geataí Iarúsailéim.”
20 “Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh,
tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall,
óir do scriosadh d’aos grá uile!
21 Labhair mise leat i do shonas,
ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’
Ba é seo do bhéasa ó d’óige;
níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.
22 Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uile
go malairt féaraigh;
rachaidh d’aos grá i mbraighdeanas.
Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anois
ag smaoineamh duit ar do chionta uile.
23 Tusa a rinne cónaí sa Liobáin,
a neadaigh i measc na gcéadar,
cé mar a dhéanfaidh tú cneadach
nuair a thiocfaidh na doitheacha ort,
an phian amhail bean in íona.”
24 “Faoi mar a mhairim—an Tiarna a labhraíonn—dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é. 25 Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach. 26 Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás. 27 Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”
28 An pota briste, beagmhaitheasach é,
an fear seo Coiniá,
an soitheach é gan dúil ag aon duine ann?
Cad chuige ar teilgeadh amach iad,
é féin agus a shliocht,
ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?
29 Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh,
éist le briathar an Tiarna!
30 Is mar seo a deir an Tiarna
“Scríobhaigí an fear seo faoin teideal:
gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta,
óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht
suí i ríchathaoir Dháiví,
ná rialú arís in Iúdá.”