Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 41
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
Irimia 41:1-18

Irimia

41 Sa seachtú mí, áfach, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá, mac Eilíseámá, den síol ríoga, mar aon le deichniúr fear, chuig Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá. Agus ag caitheamh béile lena chéile dóibh ansin i Miozpá, 2 d’éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre. 3 Agus mharaigh Ísmeáéil freisin a raibh de Ghiúdaigh a bhí ag an bhfleá, in éineacht leis na Caildéigh a tharla a bheith ansin i Miozpá (fir chogaidh iadsan). 4 Tharla an lá tar éis marú Ghadailiá, ach gan a fhios ag duine ar bith, 5 go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n-éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna. 6 Chuaigh Ísmeáéil mac Natainiá amach as Miozpá ina n-araicis ag gol dóibh ag teacht. Nuair a casadh orthu é dúirt sé leo: “Tagaigí go Gadailiá mac Aichíceám.” 7 Ach níor luaithe i lár na cathrach iad ná gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá iad, agus theilg isteach i dtobar iad—é féin agus a chuid fear. 8 Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: “Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith—cruithneacht agus eorna, ola agus mil.” Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha. 9 An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh. 10 Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d’fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh. 11 Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá, 12 bhailigh siad a gcuid fear agus chuir chun bóthair chun Ísmeáéil mac Natainiá a ionsaí. Tháinig siad suas leis lámh leis an Linn Mhór i nGibeón. 13 Nuair a chonaic a raibh de dhaoine i bhfochair Ísmeáéil, Ióchánán mac Cháiréach chucu agus ceannairí uile an airm in éineacht leis, bhí siad tharstu féin le teann lúcháire. 14 An pobal uile a rug Ísmeáéil i láimh as Miozpá, d’iompaigh siad timpeall agus chuaigh anonn go Ióchánán mac Cháiréach. 15 D’éalaigh Ísmeáéil mac Natainiá ó Ióchánán mar aon le hochtar fear agus theith go dtí na hAmónaigh. 16 Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón. 17 Chuir siad chun bóthair agus lig scíth ag Can Cimeam in aice le Beithil. Bhí rompu déanamh ar an Éigipt 18 i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn