Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 42
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Irimia 42:1-22

Irimia

42 Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh, 2 agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n-achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile—óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin— 3 go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.” 4 D’fhreagair an fáidh Irimia: “Cluinim sibh; guífidh mé go cinnte chun an Tiarna bhur nDia de réir bhur mbriathar; agus cibé ar bith ní a fhreagróidh an Tiarna bhur nDia foilseoidh mé daoibh é; ní choinneoidh mé aon ní ar gcúl uaibh.” 5 Dúirt siadsan le Irimia: “Bíodh an Tiarna Dia ina fhinné fírinneach dílis inár n-aghaidh, mura ndéanaimid de réir na n-orduithe a thugann an Tiarna do Dhia dúinn tríotsa. 6 Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.” 7 Tar éis deich lá tharla go dtáinig briathar an Tiarna go Irimia. 8 Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór. 9 Dúirt sé leo: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, chun ar chuir sibh mise a fhoilsiú bhur n-achainí dó: 10 ‘Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh. 11 Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe—a deir an Tiarna—óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh. 12 Glacfaidh mé trua daoibh, le go mbeidh trua aigesan daoibh agus go ligfidh sé daoibh cur fúibh in bhur ndúiche féin. 13 Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia, 14 á rá: Ní hea, ach rachaimid go tír na hÉigipte, áit nach bhfeicfimid cogadh ar bith agus nach gcluinfimid fuaim an stoic agus nach mbeidh easpa aráin orainn; is ann a dhéanfaimid cónaí. 15 Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 16 Má chuireann sibhse bhur n-aighthe go daingean ar dhul don Éigipt, agus imeacht agus dul a chónaí ann, ansin tiocfaidh i gcríoch, an claíomh, a bhfuil bhur n-eagla roimhe, go mbéarfaidh sé oraibh i dtír na hÉigipte; agus an gorta, a bhfuil eagla oraibh roimhe, go leanfaidh sé sibh don Éigipt; agus éagfaidh sibh ansin. 17 Is mar sin a bheidh ag an uile fhear a chuirfidh a aghaidh ar dhul a chónaí don Éigipt, éagfaidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ní mhairfidh aon duine acu agus ní rachaidh caonaí slán ón olc a bhéarfaidh mise orthu. 18 Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m’fhearg agus m’fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m’fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’”

19 [D’fhreagair Irimia: “A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: ‘Ná téigí don Éigipt.’ Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin. 20 Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’ 21 Agus anois d’fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d’aon ní den mhéid a d’ordaigh sé dom a rá libh. 22 Anois, ar an ábhar sin, bíodh a fhios agaibh go cinnte go n-éagfaidh sibh leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá san áit ar mian libh dul agus cónaí a dhéanamh ann.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn