Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Olagón 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Olagón 1:1-22

Olagón

OLAGÓN

1 Ochón!

An chathair a bhíodh plúchta le daoine,

maireann sí léi féin ar an uaigneas;

is cosúil le baintreach anois

í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún;

banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í

ach is daorstát í faoi láthair.

2 Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche;

bíonn a gruanna báite le caisí deor;

níl aon sólásaí ar bith aici

i measc a cuid leannán;

d’fheall a cairde go léir uirthi;

is naimhde di iad anois.

3 D’imigh Iúdá léi ar deoraíocht

chun angar agus daoirse a sheachaint;

cónaíonn sí i measc na náisiún

ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann;

óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi

mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.

4 Tá bóithre Shíón ag caoi

mar ní thaithítear a hionad teagmhála;

tá a geataí uile bánaithe

agus déanann a sagairt osnaíl;

bíonn a maighdeana go léir á gcrá.

Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!

5 Ag a naimhde atá an ceannas;

tá a heascairde uile faoi rath;

óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh

de dheasca oll-líon a peacaí;

tá a leanaí imithe ina gcimí

os comhair a namhad amach.

6 Tá a mórgacht uile leáite

ó iníon Shíón;

ba chosúil a flatha le fianna

nach raibh féarach acu níos mó;

bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch

roimh an tóir a cuireadh orthu.

7 Is cuimhin le Iarúsailéim anois

a laethanta angair agus fáin,

nuair a thit a muintir lena naimhde

agus gan cabhróir dá laghad acu.

Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti;

ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.

8 Pheacaigh Iarúsailéim go trom;

dá dheasca sin is neamhghlan í anois;

an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;

óir, chonaic siad lomnocht í;

ach bíonn sise ag caoineadh de shíor

agus tugann sí a cúl leo.

9 Tá a salachar féin ar a sciortaí;

níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí;

ó nach tubaisteach é a turnamh!

Níl sólásaí ar bith aici.

“Féach, a Thiarna, ar m’ainnise;

is ag mo naimhde atá an bua.”

10 Shín a heascairde a lámha amach

chun a maoinese go léir;

chonaic sise na náisiúin

ag réabadh isteach ina sanctóir—

an dream ar chros tú féin orthu

do chomhthionól a thaithí.

11 Bíonn a muintir uile ag éamh

agus arán á lorg acu;

malartaíonn siad a n-iarmhais ar bhia

chun iad féin a neartú arís.

“Féach, a Thiarna, agus breathnaigh

ar an drochmheas a chaitear orm.

12 Sibhse uile a thriallann thar bráid,

breathnaígí agus féachaigí

an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa—

mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí,

a chuir an Tiarna féin orm,

ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.

13 Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha

a rug greim daingean orthu go léir;

leath sé líon do mo chosa

agus thug orm casadh ar ais;

d’fhág sé go tréigthe mé

agus mé go dona tinn ó lá go lá.

14 Tá mo chionta ceangailte ina gcuing;

fíodh le chéile iad ina lámhasan

agus ardaíodh iad ar mo mhuineál;

eisean ba chúis le lagú mo nirt;

thug an Tiarna ar láimh dóibh mé

sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.

15 Na gaiscígh uile a bhíodh agam,

tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh;

thug sé slua le chéile i m’aghaidh

chun mo chuid ógánach a chloí;

tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir

ar iníon fhíorógh Iúdá.

16 Sin an fáth a mbím ag caoi

agus ag sileadh na súl go fuíoch

Óir, is fada uaim aon sólásaí

a mhúsclódh mo mheanma arís.

Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe

mar is é an namhaid a rug an bua.

17 Leathann Síón a lámha amach;

níl sólásaí ar bith aici;

thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib

a chomharsana a bheith naimhdeach dó;

rud éigin neamhghlan ina measc

is ea Iarúsailéim.

18 Is cothrom cóir é an Tiarna;

ach bhí mise easumhal dá ordú;

éistigí, mar sin, a chiníocha uile,

agus breathnaígí ar m’ainnise;

tá mo mhaighdeana agus m’ógánaigh

imithe uaim i mbraighdeanas.

19 Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;

ach chlis siad go léir orm;

mo shagairt agus mo sheanóirí uile,

díothaíodh iadsan sa chathair,

nuair a bhí siad ag cuardach bia

chun iad féin a neartú arís.

20 Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis;

tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;

tá mo chroí á shníomh i m’ucht

mar ba mhór ar fad m’easumhlaíocht;

tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh

agus tá an Bás i réim laistigh.

21 [Éist] le mo chuid osnaíola;

níl aon sólásaí ar bith agam;

chuir scéala m’anó áthas ar mo naimhde uile;

ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir;

luathaigh an lá atá fógartha agat,

nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.

22 An mhailís go léir a rinne siad,

go gcuirtear ar do shúile duit í;

caith leo mar a chaith tú liomsa

de dheasca mo chionta uile;

óir, is iomaí osna atá á ligean agam

agus tá mo chroí go tréithlag fann.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn