Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Olagón 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Olagón 2:1-22

Olagón

2 Ochón!

Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur

ar iníon Shíón le corp cuthaigh;

theilg sé ó neamh go talamh

áilleacht Iosrael;

níor chuimhin leis stóilín a chos

ar lá a chuid díbheirge.

2 Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach

áitribh uile Iacóib;

chreach sé go fíochmhar feargach

dúnta iníon Iúdá;

leag sé ar lár agus thruailligh sé

an ríocht agus a flatha.

3 Bhasc sé le fraoch feirge

cumhacht uile Iosrael;

níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe

in aghaidh an namhad;

las sé suas in Iacób mar chraos tine

a d’ídigh a raibh ina thimpeall.

4 Theann sé a bhogha mar namhaid

agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara;

rinne sé ár orthu siúd

ar lán a shúl iad tráth;

lig sé a racht amach mar thine

ar bhoth iníon Shíón.

5 D’iompair an Tiarna é féin mar namhaid;

rinne sé Iosrael a mhilleadh;

scartáil sé a caisleáin go léir;

leag sé a dúnta daingne;

mhéadaigh sé an éagaoin agus an t-éagnach

a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.

6 Scrios sé an gairdín agus a bhoth;

chreach sé a ionad teagmhála;

i Síón chuir an Tiarna ar ceal

an tionól féiliúil agus an tsabóid;

le racht cuthaigh thug sé droim láimhe

don rí agus don sagart araon.

7 Rinne an Tiarna a bheag dá altóir;

ghlac sé fuath dá shanctóir;

chuir sé ballaí a caisleán

i seilbh a naimhde nimhneacha;

tógadh gártha i dteach an Tiarna

mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.

8 Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh

de bhalla iníon Shíón;

shín sé an dorú tomhais leis

agus níor stad sé go raibh sé scriosta;

chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún

sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.

9 Tá a geataí sáite sa talamh;

mar réab sé agus bhris sé a mbarraí;

tá a rí agus a flatha i measc na náisiún

agus níl aon dlí ann níos mó;

go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe

aon fhís ar bith ón Tiarna.

10 Tá seanóirí iníon Shíón

ina suí ar an talamh ina dtost,

luaithreach caite ar a gceann acu

agus iad gléasta in éadach róin;

tá a gceann cromtha go talamh

ag maighdeana Iarúsailéim.

11 Tá mo shúile tnáite le caoineadh

agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;

tá mo chroí á reabadh le brón

mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin;

óir tá naíonáin agus leanaí cíche

ag snoí i gcearnóga na cathrach.

12 Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha

“Cá bhfuil an t-arán (agus an fíon)?”

agus iad ag titim mar dhaoine gonta

i gcearnóga an bhaile,

agus an t-anam ag sceitheadh astu

i mbaclainn a máithreacha.

13 Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail,

a iníon Iarúsailéim?

Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású,

a iníon ógh Shíón?

Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige.

Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?

14 Chonaic do chuid fáithe thar do cheann

físeanna folmha fealltacha;

níor nocht siad duit d’urchóid,

rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint;

ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna

ach oracail bhréagacha mhealltacha.

15 Na daoine uile a ghluaiseann tharat,

buaileann siad a mbosa i d’aghaidh;

déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann

le hiníon Iarúsailéim:

“An í seo an chathair ar glaodh uirthi:

‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

16 Osclaíonn do naimhde uile a gcraos

chun tú a shlogadh;

déanann siad faireach agus díoscán fiacal;

“Tá sí slogtha siar againn,” deir siad,

“is é seo an lá a rabhamar ag súil leis;

tá sé buailte linn anois go soiléir.”

17 Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige;

an rabhadh a thug sé fadó riamh

tá sé curtha i gcrích aige anois;

tá sé tar éis tú a threascairt gan trua;

rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot

agus chuir sé go mór lena gcumhacht.

18 Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,

a bhalla iníon Shíón;

bí ag tál na ndeor ina dtuile

de lá agus d’oíche;

ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;

nár thriomaí do shúile choíche.

19 Éirigh! Glaoigh amach san oíche

i dtús gach seala faireacháin!

lig do racht bróin amach mar thuile

i láthair an Tiarna!

Ardaigh chuige do lámha

ar son bheatha do leanaí óga,

(atá ag titim i laige le hocras

ag béal gach uile shráide).

20 Féach, a Thiarna, agus breathnaigh

ar cé hí ar chaith tú léi mar seo;

ní féidir gurbh éigean do mhná

naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe;

ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe

a mharú i sanctóir an Tiarna!

21 Tá óg agus aosta ina luí

ar an talamh sna sráideanna;

tá m’ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim

le faobhar an chlaímh;

tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge;

rinne tú sléacht orthu gan trua.

22 Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh,

mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile;

níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil

ar lá dhíbheirge an Tiarna;

an chlann a rug agus a thóg mé,

dhíothaigh mo namhaid iad go léir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn