Olagón
4 Ochón!
Nach murtallach a d’éirigh an t-ór!
Cad é mar a d’athraigh an mínór
agus mar atá clocha an tsanctóra scaipthe
ag cúinne gach sráide!
2 Clann mhac oirirc Shíón,
ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad,
mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré,
mar dhéantúis lámh an photaire.
3 Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n-ucht
agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin;
ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch
le hostraisí an fhásaigh.
4 Greamaíonn teanga an naíonáin chíche
dá charball leis an tart;
iarrann na leanaí arán,
ach ní thugtar dóibh é.
5 An dream nach n-itheadh ach bia beadaí,
tá siad ag fáil bháis sna sráideanna;
iad siúd a tógadh in éadach corcra,
luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.
6 Is mó pionósú mo phobail ionúin
ná smachtú Shodom,
a scriosadh ar an toirt
gan aon duine a leagan lámh uirthi.
7 Ba ghile a flatha ná an sneachta;
ba bháine iad ná bainne;
ba dheirge corp iad ná an coiréal
agus ba chosúil le saifír a gcló.
8 Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche;
ní aithnítear iad sna sráídeanna;
tá an craiceann craptha ar a gcnámha;
tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.
9 B’ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomh
ná iad siúd a fuair bás den ghorta,
a bhíodh á snoí agus á n-ídiú go mall righin
cheal torthaí na talún.
10 Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh,
bhruith siad a leanaí lena lámha féin;
is iad a bhíodh mar bhia acu,
nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.
11 Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach;
tháinig lasair feirge fíochmhaire ann;
d’adhain sé tine i Síón,
a loisc a bunsraitheanna.
12 Níor chreid ríthe an domhain mhóir
ná duine ar bith dá maireann ar an saol
go rachadh namhaid nó eascara dá laghad
isteach trí gheataí Iarúsailéim.
13 A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe
agus ar chionta a sagart,
a dhoirt amach laistigh di
fuil na bhfíréan.
14 D’imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill;
bhí siad truaillithe le fuil,
sa chaoi nárbh fhéidir le haon duine
baint lena mbaill éadaigh.
15 “Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo,
“Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!”
Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún:
“Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”
16 Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu;
níor chuimhnigh sé orthu níos mó;
níor tugadh urraim do na sagairt
ná ómós do na seanóirí.
17 Mheath ár súile orainn,
ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh;
bhíodh súil in airde againn ónár dtúir faire
le náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.
18 Coinníodh lenár sála
sa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna;
bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite;
níorbh fhada uainn ár dturnamh.
19 Bhí ár lucht géarleanúna níos mire
ná iolair an aeir;
chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhte
agus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.
20 Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é,
gabhadh ina bpollghaiste é,
an té a ndúramar faoi:
“Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”
21 Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm,
tusa, a chónaíonn i dtír Úz;
sínfear an cupán chugatsa chomh maith;
beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.
22 Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón;
ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís;
ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d’urchóide
agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.