Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Olagón 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Olagón 5:1-22

Olagón

5 Cuimhnigh, a Thiarna, ar ar tharla dúinn;

Breathnaigh agus féach ar na maslaí a thugtar dúinn.

2 Tá ár dtailte oidhreachta i seilbh strainséirí

agus ár dtithe i seilbh allúrach.

3 Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar;

baintreacha is ea ár máithreacha.

4 An t-uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach;

bíonn orainn íoc as ár n-adhmad féin.

5 Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn;

nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn.

6 Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh,

chun ár ndóthain bia a fháil.

7 Pheacaigh ár n-aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó;

is orainne a agraítear a gcionta.

8 Tá sclábhaithe dár rialú;

agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu.

9 Is i mbaol ár n-anama a fhaighimid soláthar bia

mar gheall ar shladaithe an fhásaigh.

10 Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn

toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh.

11 Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón

agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá.

12 Crochadh ár bhflatha;

ní thugtar ómós do sheandaoine.

13 Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró

agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid.

14 Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó

agus tá an t-aos óg tar éis éirí as an gceol.

15 Tá deireadh leis an áthas a bhíodh inár gcroí

agus rinneadh caoineadh dár gcuid rinnceoireachta.

16 Tá an choróin tar éis titim dár gceann;

is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.

17 Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn

agus ár súile go dúdhorcha dall:

18 toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe

agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.

19 Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách;

beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin.

20 Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo

agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain?

21 Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort;

athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód.

22 Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach,

is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn