Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Ióéil 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Ióéil 1:1-20

Ióéil

IÓÉIL

1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Ióéil, mac Phatuéil.

2 Éistigí leis seo, a sheanóirí!

Tugaigí cluas, a áitritheoirí uile na tíre!

Ar tharla a leithéid seo riamh le bhur linn féin

nó le linn bhur sinsear?

3 Insígí do bhur gclann é

agus insíodh bhur gclann dá sliocht féin é

agus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós.

4 Cibé rud a d’fhág an gearrthóir

d’alp an lócaiste é

agus cibé rud a d’fhág an lócaiste

d’alp an preabaire é

agus cibé rud a d’fhág an preabaire

d’alp an scriostóir é.

5 Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí!

Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna,

a lucht olta an fhíona,

mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann!

6 Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamh

tar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír.

Fiacla leoin a bhfiacla

agus is starrfhiacla banleoin atá acu.

7 Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna

agus scéalp siad mo chrainn fígí;

bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad;

is bán iad a ngéaga anois.

8 Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadach

ar son céile a hóige.

9 Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mó

i dteach an Tiarna.

Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna!

10 Tá na páirceanna bánaithe

agus an talamh triomaithe;

óir, scriosadh an t-arbhar

agus tá an t-úrfhíon ag dul i ndísc

agus tá meath ag teacht ar an ola nua.

11 Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí!

Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna,

faoin gcruithneacht agus faoin eorna

mar tá fómhar na ngort millte.

12 Tá an fhíniúin slabhctha

agus an crann fígí ag meath.

Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úll

agus crainn uile na tíre seargtha

agus an sult súite as croíthe na ndaoine.

13 Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta,

agus canaigí caoineadh!

Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra!

Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach,

a fhriothálaithe mo Dhé,

mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí

díbeartha as teach bhur nDé.

14 Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta!

Bailígí le chéile, a sheanóirí,

áitritheoirí uile na tíre,

isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.

15 Faraor! Cad é mar lá!

Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht

agus is mar spréach ón spéir a theacht.

16 Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl?

Nár díbríodh an t-áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?

17 Tá na síolta seargtha faoi na fóid

agus na hiothlanna folamh agus na sciobóil scriosta

mar gur mheath an t-arbhar.

18 Cad é mar a chneadann na beithígh!

Tá na sealbháin bó ar mire

mar níl féarach ar bith acu;

agus fiú amháin na tréada caorach féin

tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.

19 Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna,

mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh

agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.

20 Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat.

Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc

agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn