Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Ióéil 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
An Bíobla Naofa
Ióéil 2:1-32

Ióéil

2 Séidigí an stoc i Síón!

Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa!

Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre!

Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.

2 Lá dorchadais agus doiléire!

Lá scamall agus dúnéalta!

Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir

ag leathadh thar na sléibhte;

ní raibh a leithéid ann riamh

ná ní bheidh a leithéid ann arís

go ceann na gcianta cairbreacha.

3 Rompu amach tá tine ag ídiú léi

agus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh.

Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidin

ach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh;

ní théann aon ní slán uathu.

4 Cruth capall a gcruth

agus réabann siad leo ar aghaidh ar nós eachra cogaidh.

5 Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibh

déanann siad torann mar thormáil carbad

nó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinligh

nó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.

6 Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise:

iompaíonn a lí orthu uile.

7 Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre;

amhail fir chogaidh dreapann siad an balla;

téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féin

agus ní chlaonann siad óna raon.

8 Ní bhuaileann siad le chéile

mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.

Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán

i ranganna gan briseadh.

9 Ionsaíonn siad an chathair,

ritheann siad ar an mballa,

dreapann siad suas ar na tithe

agus déanann siad a mbealach isteach trí

na fuinneoga ar nós gadaithe.

10 Tá an talamh ar crith

agus na spéartha suaite rompu;

tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú

agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.

11 Ardaíonn an Tiarna a ghlór

ar thosach a shlua;

is do-áirithe an t-arm atá aige

agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe.

Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin.

Cé atá in ann a fhulaingt?

12 “Ach anois féin,” a deir an Tiarna,

“filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroí

agus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón;

13 agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.”

Filligí chun an Tiarna, bhur nDia,

mar tá sé truachroíoch agus trócaireach,

mall chun feirge agus lán de bhuanghrá

agus is aithreachas dó an t-olc.

14 Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís

agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh

sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh

le haghaidh an Tiarna bhur nDia.

15 Séidigí an stoc i Síón!

Ordaígí troscadh!

Fógraígí comóradh sollúnta!

16 Cruinnigí an pobal,

ordaígí tionól,

bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile,

fiú na naíonáin chíche féin.

Imíodh an nuachéile as a sheomra

agus an nuachar as a cailleach.

17 Idir an póirse agus an altóir

goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís:

“Coigil do phobal, a Thiarna;

ná déan ceap magaidh de d’oidhreacht,

í ina staicín aiféise i measc na náisiún.

Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin:

‘Cá bhfuil a nDia siúd?’”

18 Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thír

agus ghlac sé trua dá phobal.

19 D’fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:

“Féach, tá arbhar agus úrfhíon

agus ola nua á gcur chugaibh agam

agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh

agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh

arís go deo os comhair na náisiún.

20 Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh;

tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é,

a thosach go dtí Muir an Oirthir

agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair

agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh

mar tá éachtaí oilc déanta aige.

21 “A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta!

Bíodh áthas ort agus gairdeas!

Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.

22 Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread,

a bheithíocha an mhachaire!

Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís

agus na crainn trom faoi thorthaí

agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.

23 “A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh

ar son an Tiarna, bhur nDia.

Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh

mar is é is cóir;

agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh,

fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.

24 Tá na hurláir bhuailte lán d’arbhar

agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.

25 Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread

den mhéid a d’ith an lócaiste agus an preabaire

agus an scriostóir agus an gearrthóir,

m’arm mór a chuir mé in bhur n-aghaidh.

26 “Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách.

Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia,

a chaith chomh fial sin libh

(agus ní náireofar mo phobal arís go deo).

27 Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael.

Is mise an Tiarna, bhur nDia,

agus níl aon Dia eile ann ach mé.

Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.

28 [3:1] “Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách

agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht;

beidh taibhrimh ag bhur seanóirí

agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.

29 [3:2] An uair sin doirtfidh mé mo spiorad

fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.

30 [3:3] Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh,

fuil agus tine agus colúin deataigh.

31 [3:4] “Dorchóidh an ghrian

agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil

nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.

32 [3:5] Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é.

Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón,

faoi mar a dúirt an Tiarna

agus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn