Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Amós 3
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Amós 3:1-15

Amós

3 Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d’aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:

2 Sibhse amháin as ciníocha uile

an domhain a fuair aitheantas uaim;

dá bhrí sin smachtóidh mé sibh

mar gheall ar bhur n-uile pheaca.

3 An siúlann beirt le chéile ar an tslí

gan [aithne] acu ar a chéile?

4 An mbúireann an leon san fhoraois

agus é gan seilg?

An scairteann an coileán leoin óna phluais

agus é gan chreach?

An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh

agus gan dada ann chun é a mhealladh?

5 An bpreabann an gaiste aníos ón talamh

agus gan aon rud ceaptha aige?

6 An séideann trumpa sa chathair

gan eagla a theacht ar an bpobal?

An mbuaileann tubaiste an chathair

nach é an Tiarna is cúis leis?

7 Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud

gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.

8 Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla?

Labhraíonn an Tiarna Dia;

cé a d’fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?

9 Fógair é i bpáláis na hAsaíre

agus i bpáláis na hÉigipte agus abair:

“Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire

agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin

agus an leatrom laistigh di.”

10 “Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,”

a deir an Tiarna,

“ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach

a fuair siad le foréigean agus le slad.”

11 Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia:

“Timpeallóidh an namhaid an tír,

bainfidh sé do chumhacht díot

agus creachfar do pháláis.”

12 Mar seo a deir an Tiarna:

Mar a sciobann an t-aoire ó bhéal an leoin

dhá chois nó leadhb de chluais,

is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael

a chónaíonn sa tSamáir,

agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán

de chathaoir thoilg slánaithe acu.

13 Éistigí agus tugaigí fianaise

in aghaidh theach Iacóib,

a deir an Tiarna, Dia na Slua.

14 An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta,

smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith:

gearrfar adharca na haltóra anuas

agus titfidh siad ar lár.

15 Scriosfaidh mé idir theach geimhridh

agus theach samhraidh,

bascfar na tithe eabhair

agus scartálfar mórán tithe,

a deir an Tiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn