Amós
4 Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán,
a chónaíonn ar shliabh na Samáire,
sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil,
a deir le bhur bhfir chéile:
“Tabhair chugainn deoch go n-ólaimid.”
2 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht:
féach, tiocfaidh na laethanta oraibh
nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí,
go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.
3 Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí,
gach bean agaibh caol díreach amach
agus ruaigfear sibh fhad le Harmón,
a deir an Tiarna.
4 Imígí go Béit Éil agus peacaígí,
go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna;
méadaígí bhur n-íobairtí gach maidin,
agus bhur ndeachúna gach tríú lá;
5 ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín,
foilsígí os ard na híobairtí deonacha,
mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael,
a deir an Tiarna Dia.
6 D’fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile,
agus arán in easnamh in bhur mbailte;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
7 Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta,
agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl;
thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin
agus gan a chur ar chathair eile;
bhí sé ag cur ar pháirc amháin
agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
8 Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile
ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
9 Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh,
bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt,
mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n-ológa;
ach níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
10 Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte,
leag mé bhur n-óigfhir leis an gclaíomh,
agus rug mé bhur n-eich uaibh,
líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
11 Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá,
agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
12 Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael,
agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort,
cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.
13 Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte,
a chruthaigh an ghaoth,
a fhoilsíonn a smaointe don duine,
a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas],
a shiúlann in áiteanna arda an domhain;
is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.