Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Míocá 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Míocá 1:1-16

Míocá

MÍOCÁ

1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.

2 Éistigí, a phobala uile;

cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann.

Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n-aghaidh

nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.

3 Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaithe

agus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.

4 Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa

mar chéir os comhair na tine

nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.

5 De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir

de dheasca pheaca theaghlach Iosrael.

Agus céard é coir Iacóib?

Nach í an tSamáir í?

Agus céard é peaca theaghlach Iúdá?

Nach í Iarúsailéim í?

6 Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir,

áit a chuirfear faoi fhíniúna.

Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann

nó go nochtfar an bhunsraith.

7 Brisfear a dealbha uile;

dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine;

déanfaidh mé smidiríní dá híola uile.

Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad

agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.

8 Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón

agus a rachaidh mé cosnochta lom

agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál

agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.

9 Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna],

óir d’aimsigh sé Iúdá

agus bhain sé amach geata mo phobail

agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

10 Ná fógraígí é seo i nGat;

ná siligí deora [i mBáca];

déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!

11 Séidigí an stoc,

a áitritheoirí Shaifír!

Ní bhogann áitritheoirí Zánán

amach as a mbaile.

Tá Béit Eizéil faoi bhrón;

tógfar uait gach taca.

12 Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót

bheith ag súil lena slánú;

mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna

fad le geataí Iarúsailéim féin.

13 Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid,

a áitritheoirí Láicís!

(Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón;

óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)

14 Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat.

Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amach

ina n-ábhar meallta do ríthe Iosrael.

15 Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh,

a áitritheoirí Mháraeiseá.

Scriosfar Adulám go deo

ar nós ghlóir Iosrael.

16 Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige

mar gheall ar do chlann mhac ionúin.

Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh;

óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn