Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 69
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
An Bíobla Naofa
Salm 69:1-36

Sailm

Táim ar lasadh le dúthracht do do Theach

Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. [Salm] Dháiví.

69 Tarrthaigh mé, a Dhia;

tá na huiscí go bun na gcluas orm.

2 Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin,

gan cos i dtaca agam.

[69:3] Chuaigh mé thar foras i ndoimhne na mara;

táim do mo bhá ag na tonnta.

3 [69:4] D’éirigh mé cortha de bheith ag glaoch;

tá mo scornach tirim.

Tá radharc mo shúl ag meath orm

agus mé ag feitheamh le mo Dhia.

4 [69:5] Ní lia ribí mo chinn

ná lucht m’fhuatha gan fáth.

An drong lér mian mo mhilleadh

sáraíonn siad mé go héagórach.

An amhlaidh a thabharfaidh mé ar ais

an ní nár ghoid mé?

5 [69:6] Is eol duit mo bhaois, a Dhia;

is léir duit mo chionta.

6 [69:7] Nára cúis náire mé do d’aos muiníne,

a Thiarna Dia na slua.

Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat,

a Dhia Iosrael.

7 [69:8] Ar do shonsa a d’fhulaing mé aithis

agus bhí luisne na náire i mo ghnúis.

8 [69:9] Is strainséir mé ag mo bhráithre féin;

is coigríoch mé ag clann mo mháthar.

9 [69:10] Tá mé ar lasadh le dúthracht do do theach;

is orm a thit aithisí lucht do cháinte.

10 [69:11] Nuair a chiap mé m’anam le troscadh

chaith siad achasán liom dá chionn.

11 [69:12] Agus an uair a chuir mé sacéadach orm

is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.

12 [69:13] Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm,

agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.

13 [69:14] Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna,

ar uair na faille, a Dhia.

Éist liom de réir do mhórthrócaire

agus do chúnaimh gan teip.

14 [69:15] Tóg as an láib mé d’eagla mo bháite;

saor mé ó m’eascairde.

Saor mé ó dhuibheagán na mara

15 [69:16] sula n-éirí na tonnta orm.

Nár shloga an fharraige siar mé;

nár dhúna an poll orm.

16 [69:17] Freagair mé as ucht do bhuanghrá, a Thiarna,

iompaigh chugam de réir do mhórthrócaire.

17 [69:18] Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla;

freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.

18 [69:19] Tar i ngar do m’anam agus fuascail mé;

saor mé mar gheall ar mo naimhde.

19 [69:20] Is eol duit m’aithis is mo náire,

tá m’eascairde go léir i do láthair.

20 [69:21] Is briste mo chroí de chionn aithise

ionas gur fágadh mé go faonlag fann.

Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é;

le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.

21 [69:22] Thugadar domlas le hithe dom

agus fínéagra le hol dom i mo thart.

22 [69:23] Go raibh a mbord ina dhol chun a gceaptha

agus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde.

23 [69:24] Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad;

go raibh crith cos is lámh orthu go brách.

24 [69:25] Go lige tú do racht amach orthu.

Go mbeire orthu teas do dhíbheirge.

25 [69:26] Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas;

go bhfágtar a n-áitribh gan neach iontu.

26 [69:27] Óir chuir siad tóir ar an té a bhuail tú,

agus chuir créacht leis na créachtaí a thug tú dó.

27 [69:28] Cuir urchóid i gcionn a n-urchóide,

agus nár thaga siad choíche chun d’fhíréantachta.

28 [69:29] Scriostar as leabhar na mbeo iad

agus ná scríobhtar a n-ainmneacha i measc na bhfíréan!

29 [69:30] Maidir liomsa, cé gur daibhir dobrónach mé,

déanfaidh do chúnamh mé a thógáil, a Dhia.

30 [69:31] Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán

agus mórfaidh mé é le breith buíochais.

31 [69:32] Is mó a thaitneoidh sin leis an Tiarna

ná damhra le hadharca agus crúba.

32 [69:33] Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdigí;

bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna.

33 [69:34] Óir éisteann an Tiarna leis na bochta;

ní thugann sé droim láimhe dá bhraighdeanaigh.

34 [69:35]Go mola na spéartha agus an talamh é;

an mhuir agus a maireann inti.

35 [69:36] Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradh

agus atógfaidh sé cathracha Iúdá.

36 [69:37] Déanfar cónaí iontu, beifear á sealbhú:

beidh siad ina n-oidhreacht ag sliocht a sheirbhíseach,

ina n-áitreabh ag lucht a ainm a ghráú.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn