Iób
27 Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:
2 Dar Dia beo a bhain díom mo cheart,
Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m’anam,
3 Fad tá an dé ionam,
Agus spiorad Dé i mo pholláirí,
4 Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brach
Ná ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!
5 Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart!
Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m’ionracas.
6 Seasaim ar fhód m’fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé.
Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.
7 Droch-chríoch ar m’eascara, dála an urchóidigh,
Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.
8 Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó,
Agus ag ardú a anama chun Dé?
9 An n-éistfidh Dia lena ghlao
Nuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?
10 An é an tUilechumhachtach is gean leis?
An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?
11 A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé,
Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.
12 Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad,
Ní chuirfeadh sibh bhur n-anáil amú ar bhriathra baotha.
13 Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach,
Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.
14 Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh;
Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.
15 Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh,
Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.
16 Cruinníodh sé airgead mar luaithreach,
Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré.
17 Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh,
Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.
18 Thog sé nead damhán alla dó féin,
Agus seantán fhear faire.
19 Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís,
Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.
20 Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile,
Agus fuadóidh stoirm é san oíche.
21 Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é,
Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe.
22 Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise;
Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.
23 Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é,
Agus beifear ag drannadh air ó gach aird.