Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Íseáia 6:1-13

Íseáia

6 An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine: 2 bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d’eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte. 3 Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:

“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.

Tá an talamh lán dá ghlóir.”

4 Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach. 5 Arsa mise:

Is mairg dom, tá mé caillte,

óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,

tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan

agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

6 Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir. 7 Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:

“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,

tá do pheaca scriosta,

tá d’urchóid clúdaithe.”

8 Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:

“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”

D’fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”

9 Dúirt sé liom:

“Imigh agus abair leis an bpobal seo:

‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint,

breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.

10 Déan croí an phobail seo trom,

déan a gcluasa bodhar,

dall a gcuid súl,

ar eagla go bhfeicfeadh a súile,

go gcloisfeadh a gcluasa,

go dtuigfeadh a gcroí,

go n-iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’”

11 Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D’fhreagair sé mé:

“Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad,

na tithe gan duine daonna,

an tuath tréigthe,

12 agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as.

Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,

13 agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán,

is é an scrios atá i ndán dóibh freisin,

ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán.

Síol naofa is ea an grágán sin.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn