Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zafainiá 3
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Zafainiá 3:1-20

Zafainiá

3 Is mairg don chathair

cheannairceach thruaillithe thíoránta!

2 Ní éisteann sí leis an teachtaireacht;

ní ghlacann sí leis an teagasc;

ní chuireann sí a muinín sa Tiarna,

agus ní thagann sí in ngar dá Dia.

3 Leoin ag búiríl

is ea na huaisle atá istigh inti;

mic tíre choineascracha

nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin,

is ea a cuid breithiúna.

4 Bladhmairí is ea a fáithe,

fir lán fill;

truaillíonn a cuid sagart nithe naofa

agus sáraíonn siad an dlí.

5 Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir;

ní dhéanann sé an t-éigeart riamh.

Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas;

le lonradh an lae ní loiceann sé riamh.

Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.

6 “Táim tar éis na náisiúin a dhísciú;

scriosadh a dtúir choirnéil.

Tá a sráideanna bánaithe agam

sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu.

Scartáladh a gcathracha

agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.

7 Deirinn liom féin:

‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham,

agus foghlaimeoidh tú ceacht;

agus ní scriosfar a háitreabh,

ní bhainfear as a cuimhne go deo

ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’

Ach ní mar sin a tharla.

Is amhlaidh atá siad ag brostú

chun a ngníomhartha uile a thruailliú.”

8 “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,

“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;

mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,

na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile

chun go ligfidh mé mo racht amach orthu,

mo chuid feirge fíochmhaire go léir.

Go deimhin, ídeofar an domhan go léir

le tine mo chuid éada.

9 “Is ea, tabharfaidh mé ansin

beola glana do na ciníocha

chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,

agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

10 Ón taobh thall d’aibhneacha na Cúise

tabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,

ofrálacha chugam.

11 “An lá sin ní náireofar thú

as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m’aghaidh.

Mar tógfaidh mé as do lár ansin

do chuid bladhmairí uaibhreacha;

agus uaidh sin amach ní bheidh tú

ag siúl timpeall go toirtéiseach

níos mó ar mo shliabh naofa.

12 Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár

agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean

in ainm an Tiarna.

13 Ní dhéanfaidh siad aon éigeart,

ní mó ná a inseoidh siad bréaga,

agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.

Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth,

agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”

14 “Déan gairdeas, a iníon Shíón;

tóg gártha áthais, a Iosrael;

bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,

a iníon Iarúsailéim.

15 Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas

a bhí ag bagairt ort a thógáil díot

agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.

Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár

agus ní healaí duit

eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.

16 An lá sin déarfar le Iarúsailéim:

‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;

ná lagtar do lámha!

17 Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár

mar laoch caithréimeach;

déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.

Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;

tógfaidh sé gártha áthais ar do shon

18 faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’

“Ardóidh mé an tubaiste díot

sa chaoi nach mbeidh ort

maslaí a fhulaingt níos mó.

19 Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh

leis na daoine go léir a d’imir ansmacht ort.

Sábhálfaidh mé na bacaigh;

baileoidh mé le chéile

an mhuintir a ruaigeadh chun fáin

agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh

i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.

20 An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile

agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin.

Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh

i measc ciníocha uile an domhain,

nuair a rathóidh mé sibh arís

faoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn