Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Salm 6:1-10

Sailm

Urnaí in Am na Buartha

Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n-ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.

6 [6:2] A Thiarna, ná lochtaigh mé i d’fhearg

agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.

2 [6:3] Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé;

slánaigh mé, óir tá mo chorp á chiapadh,

3 [6:4] agus tá m’anam á chéasadh go géar,

ach tusa, a Thiarna, cá fhad ...?

4 [6:5] Fill, a Thiarna, fuascail m’anam

agus saor mé as ucht do bhuanghrá.

5 [6:6] Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;

cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?

6 [6:7] Tá tuirse orm de dheasca m’osnaíola,

ním mo leaba le mo dheora gach oíche;

fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.

7 [6:8] Tá mo shúil á snoí le dobrón:

chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.

8 [6:9] Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,

óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.

9 [6:10] Thug an Tiarna aird ar m’achainí;

tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.

10 [6:11] Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile.

Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn