Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 11
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 11:1-31

Seanfhocail

11 Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,

ach is gean leis an meáchan cóir.

2 Tagann an t-uabhar ar dtús, ansin an náire;

tá an eagna ar fáil i measc na n-uiríseal.

3 Déanann a n-ionracas na hionraice a stiúradh,

ach scriosann a bhfeall na feallairí.

4 Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,

ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

5 Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,

ach baineann a urchóid féin an t-urchóideach dá bhonna.

6 Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,

ach cuireann a n-ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.

7 Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin,

ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.

8 Saortar an fíréan ón tubaiste,

ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.

9 Scriosann an t-aindiaga a chomharsa lena theanga,

ach saortar na fíréin le barr eolais.

10 Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair;

nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.

11 Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan,

ach scartáiltear í trí bhéal na n-urchóideach.

12 Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa;

fanann an duine tuisceanach ina thost.

13 Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt

ach coimeádann an duine iontaofa rúin.

14 Teipeann pobal cheal treorach;

ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.

15 An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air;

an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.

16 Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear];

[níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].

17 Fónann an fial dó féin;

ach goineann an duine cruálach é féin.

18 Saothraíonn an t-urchóideach beatha bhaoth;

an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.

19 An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige;

níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.

20 Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí;

is geal leis an mhuintir nach cam cosán.

21 Déan deimhin de, ní rachaidh an t-urchóideach as gan phionós;

ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.

22 Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,

bean bhreá gan stuaim.

23 Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;

téann dóchas na n-urchóideach amú.

24 Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;

bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.

25 Éireoidh an fial saibhir;

an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.

26 Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t-arbhar i dtaisce;

ach beannacht ar an té a dhíolann é.

27 An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;

ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.

28 An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé;

ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.

29 An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht;

beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.

30 Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan;

ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].

31 Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh,

nach mó ná sin a gheobhaidh an t-urchóideach agus an peacach!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn