Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Hóisé 11
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Hóisé 11:1-12

Hóisé

11 Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó,

agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.

2 Ach dá mhéad dá nglaoití orthu,

is amhlaidh is faide a d’éalaídís [uaim];

d’ofrálaidís íobairtí do na Bálaím,

agus dhóidís túis i láthair íol.

3 Ach ina dhiaidh sin féin is mise a mhúin siúl d’Eafráim;

thógainn suas i mo bhaclainn iad,

ach níor aithin siad gur mise a bhí ag tabhairt aire dóibh.

4 Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna,

le téada grá chun iad a mhuirniú,

mar a dhéanfadh duine a d’ardódh naíonán chun a leicinn;

agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh.

5 Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte,

agus beidh an Asaír ina rí orthu

de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.

6 Réabfaidh an claíomh roimhe trína gcathracha;

scriosfaidh sé a gcuid scaothairí,

agus dísceoidh sé iad mar gheall ar a ndroch-chomhairle.

7 Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim;

[nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde,

níl duine díobh a dhíríonn aniar.

8 Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim!

Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael!

Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort,

agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím!

Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh,

mar gur ghabh trua duit mé.

9 Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge;

ní scriosfaidh mé Eafráim go deo,

óir ní duine mé ach Dia.

In bhur measc is mé an Té is naofa,

agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.

10 Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna.

Búirfidh seisean mar leon,

agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar

agus a gcroí ag preabadh.

11 Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan,

agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm,

agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin

—an Tiarna a labhraíonn.

12 [12:1] Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl,

agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht.

(Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós

agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn