Zacairia
11 Oscail do gheataí, a Liobáin,
chun go loiscfidh an tine do chéadrais.
2 Déan olagón, a chufróg;
óir, tá an céadras tar éis titim,
agus tá na mórchumhachtaí basctha.
Déan olagón, a dharacha Bháiseán;
óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.
3 Éist le holagón na n-aoirí;
óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte.
Éist le búiríl na leon óg;
óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.
4 Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: “Beathaigh an tréad atá le marú.” 5 Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n-aoirí dóibh. 6 Óir, ní bheidh trua agam d’áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
7 Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú. 8 In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith. 9 “Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.” 10 Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal. 11 Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna. 12 Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d’airgead geal. 13 “Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa d’airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna. 14 Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.
15 Dúirt an Tiarna liom ansin: “Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair. 16 Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.
17 Mairg don aoire gan éifeacht,
a thréigeann a thréad!
Go mbuaile an claíomh a ghéag
agus a shúil dheas chomh maith.
Go searga a ghéag ar fad
agus go mbaintear an radharc
dá shúil dheas go hiomlán.”