SCÉAL 12
Tógann Fir Fúr Mór
D’IMIGH na blianta thart. Bhí go leor páistí ag mic Naoi. Agus bhí páistí ag clann a gclainne. Is gearr go raibh go leor daoine ar an talamh.
Ina measc seo bhí mac le garmhac Naoi a raibh Nimʹrod mar ainm air. Is drochdhuine a bhí ann a bhíodh ag fiach agus ag marú ainmhithe agus daoine. Rinne Nimʹrod rí de féin chun daoine eile a rialadh. Níor thaithnigh Nimʹrod le Dia.
Labhair na daoine go léir aon teanga amháin ins an am sin. Bhí Nimʹrod ag iarraidh iad a choinneáil le chéile le go mbeadh sé in ann iad a rialadh. Mar sin, dúirt sé leis na daoine cathair a thógáil le túr árd ann. Féach iad ag déanamh brící.
Ní raibh Iehobhah sásta leis an tógáil seo. Theastaigh ó Dhia go scaipeadh na daoine agus go gcónóidís ar fud an domhain. Ach dúirt na daoine: ‘Fág seo! Tógaimís cathair agus túr chomh hárd ann go mbéidh a bharr ag sroichint na flaithis. Agus ansin béidh muid cáiliúil!’ Bhí na daoine ar thóir onóir dóibh féin, ní do Dhia.
Mar sin, chuir Dia stop leo siúd a bhí ag tógáil an túir. Go tobann chuir sé na daoine ag labhairt i dteangacha éagsúla in áit aon teanga amháin. Ní raibh na tógálaithe in ann a chéile a thuiscint níos mó. Sin é an fáth ar tugadh Baibéal, nó Baibealón ar an gcathair seo, ainm a chiallaíonn “mearbhall.”
Thosaigh na daoine ag imeacht as Baibéal anois. D’imigh grúpaí daoine a labhair an teanga chéanna chun cónaithe lena chéile i bpáirteanna eile den domhan.