Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 16
  • Fáigheann Isac Bean Mhaith

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Fáigheann Isac Bean Mhaith
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Bhí Ribeacá ag Iarraidh Iehova a Shásamh
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Triáleann Dia Abraham
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Teist ar Chreideamh Abrahám
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Cúpla a Bhí Difriúil
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 16

SCÉAL 16

Fáigheann Isac Bean Mhaith

AN BHFUIL fhios agat cé hí an bhean sa bpictiúr? Re·becʹa is ainm dí. Sin é Isac a bhfuil sí ag siúl ina threo. Tá sí chun é a phósadh. Cén chaoi ar thárla sé seo?

Bhí Abraham, athair Isac, ag iarraidh bean mhaith a fháil dá mhac. Níor theastaigh uaidh go bpósfadh Isac duine de mhná Chaʹnaan mar bhíodh na daoine sin ag tabhairt adhradh do dhéithe bréige. Mar sin, ghlaoigh Abraham ar a shearbhónta agus dúirt sé: ‘Téigh go dtí an áit a gcónaíonn mo ghaolta i Haʹran agus fáigh bean do mo mhac Isac ann.’

Ar an bpoinnte thóg searbhónta Abraham deich gcinn de chamaill agus rinne sé an t-aistear fada. Nuair a bhí sé gar don áit ar chónaigh gaolta Abraham stop sé ag tobar. Bhí sé deireanach sa tráthnóna, an t-am a dtagann mná na cathrach chuig an tobar chun uisce a fháil. Ghuigh searbhónta Abraham chuig Iehobhah ag rá: ‘An bhean a gheobhaidh uisce dom féin agus do na caimill, go mba ise a roghnóidh tusa d’Isac.

Tar éis tamall tháinig Re·becʹa chun roinnt uisce a fháil. Nuair a d’iarr an searbhónta deoch uirthí thug sí dó é. Ansin d’imigh sí agus fuair sí dóthain uisce do na camaill ar fad, mar bhí tart orthu. Ba obair chrua í sin mar ólann caimill go leor, leor uisce.

Nuair a chríochnaigh Re·bec’a an obair seo, d’fhiafraigh searbhónta Abraham dí cén t-ainm a bhí ar a hathair. D’fhiafraigh sé freisin dí an bhféadfadh sé fanacht leo le haghaidh na hoíche. Dúirt sise: Be·túʹel is ainm do m’athair agus tá áit lóistín againn duit.’ Bhí fhios ag searbhónta Abraham gur mac le deartháir Abraham, Naʹhor, é Be·túʹel. Mar sin chuaigh sé ar a ghlúine agus thug sé buíochas do Iehobhah as ucht é a threorú go dtí gaolta Abraham.

An oíche sin dúirt Be·túʹel agus Láʹbán, deartháir Re·becʹa, le searbhónta Abraham go bhféadfadh Re·becʹa Isac a phósadh. Bhí Re·becʹa sásta leis seo. Mar sin, lá arna mhárach fuair siad na camaill agus thosaigh siad ar an aistear fada ar ais go Caʹnaan.

Bhí sé deireanach tráthnóna nuair a tháinig siad. Chonaic Re·becʹa fear ag siúl ins an bpáirc. Ba é Isac a bhí ann. Bhí áthas air Re·becʹa a fheiceáil. Fuair a mháthair Sarah bás trí bliana roimhe sin agus bhí sé brónach fós dá bharr. Ach anois thug sé grá mór do Re·becʹa agus bhí sé sona arís.

Geineasas 24:1-67

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn